Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin?
Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois
cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.