Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
ní mór an doras a chur faoi ghlas gach oíche
♦
the door must be locked every night
♦
ba chóir dóibh gach uile fhuinneog sa teach a dhúnadh
♦
they should close every single window in the house
♦
níor thuig mé gach focal ach thuig mé éirim na cainte
♦
I didn't understand every word but I understood the gist of the talk
♦
bhíodh ocras i chuile theach an uair sin
♦
there was hunger in every house at that time
♦
bíonn siad anseo gach samhradh
♦
they are here every summer
♦
tumtar gach béalóg san im leáite sula n-itear é
♦
every mouthful is dunked in melted butter before it is eaten
♦
Imrím leadóg 'chuile Aoine i rith an téarma. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I play tennis every Friday during the (academic) term.
♦
An dtéann Seán ag rothaíocht gach lá? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Does Seán go cycling every day?
♦
Haigh, an dtagann tú go dtí an grúpa spraoi seo 'chuile choicís? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Hi, do you come to this playgroup every two weeks?
♦
Bíonn gach tosach lag. Diarmuid Ó Sé, Joseph Shiels: Teach Yourself Irish, Teach Yourself Books, 1998
♦
bíonn sí ag triall ar Mheiriceá gach samhradh
♦
she travels to America every summer
♦
tháinig an post isteach um 7:45 gach maidin
♦
the post would come at around 7:45 every morning
♦
íocfar €300 leat as gach léacht a thabharfaidh tú uait
♦
you will be paid €300 for every lecture you deliver
♦
féadfar comhalta, seachas comhalta tofa, a athcheapadh
♦
every member, except elected members, can be reappointed
♦
sháraigh said gach constaic
♦
they overcame every obstacle
♦
she runs a mile every day
♦
bíonn sí ag rith sa pháirc gach maidin
♦
she runs in the park every morning
♦
i nGaeilge amháin a bheidh an fhoireann ag plé le gach gnó
♦
the team will deal with every business in Irish only
♦
Ithim chuile shórt bia. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I eat every type of food.
♦
níorbh é Milosevic amháin faoi ndear gach coir in aghaidh na daonnachta a tharla tráth titim as a chéile don Iúgslaiv
♦
Milosevic was not solely responsible for every crime against humanity that happened while Yugoslavia was falling apart
♦
Bhí múiríní ann 'chuile mhaidin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
There were showers every morning.
♦
Bím an-tuirseach gach tráthnóna. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm very tired every evening.
♦
Bhí toirneach agus tintreach ann 'chuile lá. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
There was thunder and lightning every day.
♦
An mbíonn tú ag caitheamh saighead gach aon oíche Dé Máirt? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you throw darts every single night on Tuesdays?
♦
cheapfá óna gcuid cainte go raibh siad ag bualadh craicinn gach oíche
♦
you'd think from their talk that they had sex every night
♦
Téim féin agus mo bhean chéile amach fá choinne béile achan oíche Aoine. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Myself and my wife go out together for a meal every Friday night.
♦
ceannaíonn sé nuachtán gach maidin
♦
he buys a newspaper every morning
♦
Bím sa bhaile gach tráthnóna timpeall a sé a chlog. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I'm at home every evening around six o'clock.
♦
bíonn adhradh teaghlaigh againn gach maidin agus oíche
♦
we have a family worship every morning and evening
♦
músclaím ag a hocht achan mhaidin
♦
I wake up at eight every morning
♦
An dtéann Maria go Baile Átha Cliath gach deireadh seachtaine? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does Maria go to Dublin every weekend?
♦
Téim ag rith agus ag snámh gach lá. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I go running and swimming every day.
♦
Téim go dtí an teach tábhairne beagnach gach oíche! 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I go to the pub nearly every night!
♦
Bím san obair gach maidin timpeall a naoi. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm in work every morning around nine.
♦
An mbíonn tú tuirseach gach tráthnóna? 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Are you tired every evening?
♦
Deirtear go bhfuil gá le ceap milleáin ag gach grúpa.
♦
They say every group needs somebody to blame.
♦
Bhí allas liom agus tuirse i ngach ball díom. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
I was sweating and tired in every part of my body.
♦
Bhí gaineamh do gach leith dínn soir siar, thuaidh theas. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
There was sand to every side of us, east and west, north and south.
♦
Bhí an dorchadas do gach leith dínn. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
The darkness was to every side of us.
♦
Rinneadh scrúdú iomlán ar mo reitine agus ar mo mhéarlorga, mar a dhéantar le gach éinne nach saoránach Meiriceánach é ar a bhealach isteach sa tír. 'Beo!', beo.ie
♦
I had to undergo a close examination of my retina and my fingerprints, like every non-American citizen on his way into the country.
♦
B'éigean dom mo bhróga, mo chrios, agus gach píosa miotal a bhaint díom, maille le pé leachtanna agus taois a bhí agam. 'Beo!', beo.ie
♦
I had to remove my shoes, my belt and every piece of metal, as well as any liquids and pastes I had.
♦
Rinneadh seo in Aerfort na Sionainne, áit a bhfeictear na mílte saighdiúirí Meiriceánacha gach lá anois ar a mbealach chun na hIaráice. 'Beo!', beo.ie
♦
This was done in Shannon Airport where you see thousands of American soldiers every day on their way to Iraq.
♦
Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d'achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta. 'Beo!', beo.ie
♦
The relaxed atmosphere of the Internet gives a platform to every sort of cantankerous git to give out to other people under the protection of anonymity.
♦
Féadfar comhalta (seachas comhalta tofa) a athcheapadh.
♦
Every member (except elected members) can be reappointed.
♦
An bhfeiceann tú iad gach Aoine? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you see them every Friday?
♦
An bhfaigheann sí nuachtán gach lá? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does she get a newspaper every day?