Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghoin to wound
" Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus a ghoin le goimh.
créacht wound
" Léiríonn sé seo, in ainneoin go bhfuilimid ag tarraingt ar chomóradh bliana an ionsaí sceimhlitheoireachta, go bhfuil an créacht fós beo.
fhia gonta a wounded deer
" Tá an DUP mar a bheadh leon ann ag amharc ar fhia gonta.
a goineadh who were wounded
" Fógraíodh lá bróin san Astráil seachtain dár gcionn de bharr an líon Astrálach a maraíodh agus a goineadh.
cneasú thar ghoimh a pretence/a scab on an unhealed wound
" Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach cneasú thar ghoimh.
cultúir ghonta wounded cultures
" Ceann de na cultúir ghonta sin é cultúr na mBundúchasach Meiriceánach, dream a bhfuil spéis ar leith ag Gearóid iontu.
gonta wounded
" Thugadh Simpson saighdiúirí a bhí gonta ar a asal ón líne tosaigh go dtí ionad leighis in ainneoin na contúirte ó ghunnaí na dTurcach a bhí i bhfoisceacht 20 slat dóibh in áiteacha.
nach ndéanfaí ionfhabhtú ar a gcréachta that their wounds would not be infected
" Bheadh sé de bhuntúiste ag a leithéid de chóras go bhféadfaí cóir leighis a chur ar chraiceann na n-othar sula rachadh siad faoin scian, rud a chiallódh nach ndéanfaí ionfhabhtú ar a gcréachta.
a ghoin to wound
" Ní bhíonn siad ag iarraidh an t-ainmhí a ghoin sa cheann, toisc gur sin an trófaí a bhíonn in airde ar bhalla an tsealgaire, agus mar sin tógann sé níos faide ar an ainmhí bás a fháil.
créachtaí wounds
" “Agus ar fhulaing tú aon mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil tú ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar.
mhórghoin big wound
" “Agus ar fhulaing tú aon mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil tú ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar.
Créacht oscailte open wound
" Créacht oscailte i sícé na Seirbiach a d’ábhraigh is a lobh ó shin i leith.
a chuid créachtaí polaitiúla his political wounds
" “Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Cú Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Cú Chulainn.
Céasadh mall na míle cneá the slow torture of a thousand wounds
" Céasadh mall na míle cneá is ea an cogadh do phobal Mheiriceá anois, gach marú san Iaráic ag baint deoirín fola nua ó chorp na tíre.
ina chréacht oscailt, an open wound,
" Bhí sé sin ina chréacht oscailt, mar a déarfá, i rith an ama mar bhí scéalta ag teacht amach ó am go chéile go raibh seo á bhaint de Magee agus do raibh sin á bhaint de Magee.
gortaithe agus leonta hurt and wounded
" Ar nós 1955, bhí muintir Átha Cliath gortaithe agus leonta anois.
tá na créachtaí dá gcneasú, the wounds are being healed,
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
a leigheasfaidh na goine that would cure the wounds
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
gonta wounded
" Tá Mac Grianna féin ris os comhair an tsaoil; ní cheileann sé chomh gonta agus a bhí sé.
an chneá the wound
" Mhair an chneá agus é ina dhuine fásta agus ní bhfuair sé maithiúnas ná faoiseamh.
an ghoin mhothálach that sensitive wound
" Is í an ghoin mhothálach sin an tobar as ar tharraing Mac Grianna a inspioráid mar scríbhneoir.
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola. any wound which is bleeding must be attended to
" Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
Leonta go holc badly wounded
" Leonta go holc cheana ag tubaiste na n-inneall vótála - atá anois tréighte ag a chomharba.
créacht fhuilteach bloody wound
" Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur créacht fhuilteach a bhí ann.
créachtaí wounds
" Tá reilig ann freisin ina bhfuil níos mó ná 1,500 saighdiúir Meiriceánach curtha, saighdiúirí a fuair bás de bharr a gcuid créachtaí nó den Fhliú Spáinneach ag deireadh an Chogaidh Mhóir in ospidéil na príomhchathrach.
créachtaithe wounded
" Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.
créacht wound
"créacht ar a éadan agus tá scian ar an urlár.
goin wound
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
teasaí wound up, uptight
" Anois, baineann sé le nádúr an duine a bheith teasaí agus glórach ag ócáidí spóirt mar a bhí le feiceáil níos déanaí an tráthnóna céanna le linn chluiche ceannais Chorn an Domhain sa sacar.
gortuithe na the wounds
" 
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.
gortaíodh were wounded
" Thit 32 saighdiúir Astrálacha sa ghleo san Afganastáin agus gortaíodh sa bhreis ar dhá chéad duine eile acu.
a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh who carry a wound barely hidden
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
bhfuil créacht air atá fós gan leigheas he has an unhealed wound still
" Ní hionadh go bhfuil créacht air atá fós gan leigheas.
créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe the Civil War wounds almost healed
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
Níor deineadh a thochras ina dhiaidh sin it wasn’t wound up after that
" Níor deineadh a thochras ina dhiaidh sin go dtí 2013.
dá ngéurghuin gravely wounded
" Aidtrínsí agus Bumbaigh ar gach taobh dhíom, na mílte dá gcoscairt ' s dá ngéurghuin 's dá ndícheannadh le fiorlanna géara.
ach é a ghliondáil suas but it has to be wound up
" Tá deireadh le tionscadal na cinedheighilte seictí ach é a ghliondáil suas sa chaoi nach ndéanfar an míle murder atá á santú ag roinnt de na Siónaigh.
créachtaí doimhne caillteanas mar sin deep wounds of a loss like that
" Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.
ag sá caonaigh ina gcneácha bandaging their wounds
" Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.