shiollaí na gaoithe
puffs of wind
Suite mar atá sí ar chósta thiar na hÉireann, bíonn boladh na farraige agus ceol an chonsairtín ag meascadh le chéile ar
shiollaí na gaoithe.
an ghaoth a chur aníos
to wind him
Mhínigh Nuala di gur cheart cúpla ionsa bainne a thabhairt dó agus ansin é a chur ina shuí suas agus iarracht a dhéanamh
an ghaoth a chur aníos.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh
When you give up your rights for security, you wind up having neither
Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre":
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
a ghoin
to wound
Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus
a ghoin le goimh.
créacht
wound
Léiríonn sé seo, in ainneoin go bhfuilimid ag tarraingt ar chomóradh bliana an ionsaí sceimhlitheoireachta, go bhfuil an
créacht fós beo.
iomghaoth
the spinning wind that collects rubbish at your door or at the bottom of hedges
Bhí
iomghaoth sa doras aici agus d'fhág sin idir pháipéar agus dhuilleogaí ina luí i mbéal an dorais.
i ngeall ar neart na gaoithe
because of the force of the wind
Thrasnaigh sé an líne dhomhanfhaid chéanna le Northam ar an 3 Iúil agus é os cionn na farraige taobh ó dheas den Astráil; ach nuair a thrasnaigh sé an cósta tamall ina dhiaidh sin, bhí air fanacht san aer lá eile mar nach bhféadfadh sé tuirlingt go sábháilte
i ngeall ar neart na gaoithe.
séideán gaoithe
puff of wind
"Níl
séideán gaoithe féin ann," arsa Bróna agus í ag déanamh trua di féin.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe
they couldn't agree on which way the wind was blowing
An lá ab fhearr a bhí siad
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
cneasú thar ghoimh
a pretence/a scab on an unhealed wound
Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach
cneasú thar ghoimh.
róisteacha gaoithe móire
huge gales of wind
"
Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus
róisteacha gaoithe móire.
snag beag sa ghaoth
a lull in the wind
Bhí
snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
cén aird a raibh an ghaoth ann
which direction the wind was in
Bhí sé ag tiontú a chinn soir agus siar mar a bheadh sé ag meas
cén aird a raibh an ghaoth ann.
tiománfaidh an ghaoth sin
that wind will propel
Nuair a thosóidh sé ag ardú beidh siúl 35 ciliméadar san uair faoi agus
tiománfaidh an ghaoth sin 32 tuirbín a bheas 40 méadar os cionn na talún.
lúbarnaíl
winding
Tá físeán mar chuid den taispeántas agus tá turas uirbeach le feiceáil ann agus
lúbarnaíl i gceist ar bhealach teibí thart timpeall cathrach.
siorradh
blast/draught of wind
Ach nach é a bhéarfadh ór na cruinne ar phuth beag gaoithe anois,
siorradh beag deas a phógfadh an craiceann aige.
ag déanamh do mhúin le gaoth
pissing against the wind
Gan an teagmháil sin, tá tú
ag déanamh do mhúin le gaoth! Samhlaigh chomh deacair is atá sé sin a dhéanamh mar bhean!
AÓF: Mar sin, tá an leabhar saolaithe.
séideán gaoithe
gust of wind
Bhí
séideán gaoithe le mothú i mbarr na coille, bhí barr na daraí thuas ag déanamh fuaime.
macalla na gaoithe
the echo of the wind
Cac an diabhail ar an té a dúirt nach raibh sa ghlór sin ach
macalla na gaoithe ag séideadh fríd an fholmhach idir a dhá chluais.
luas na gaoithe
wind speed
Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus
luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
cúng agus casta
narrow and winding
Tá na sráideanna
cúng agus casta, agus is féidir dul ar strae go han-éasca.
ag corraíocht leis an ghaoth
struggling/doing battle with the wind
Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad
ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
tuirbíní beaga gaoithe
small wind turbines
Tá ar a laghad dhá chomhlacht lonnaithe in Éirinn a chuireann
tuirbíní beaga gaoithe ar fáil - micreathuirbíní a thugann siad orthu - ar phraghas atá thar a bheith réasúnach.
na "feilmeacha" móra gaoithe
the big wind 'farms'
)
Níl na tuirbíní beaga seo mórán níos mó ná na cinn a úsáideann bádóirí chun leictreachas a ghiniúint ar thurasanna fada farraige, agus ní ceart go gcuirfeadh siad an t-imní céanna ar dhaoine is a chuireann
na "feilmeacha" móra gaoithe.
péist lúbach ghlas
a winding grassy snake
Bhí cruit féir i lár an chabhsa a bhí ag imeacht uaidh sa dorchadas mar a bheadh
péist lúbach ghlas ann.
scor
winding up
)
Bígí ag dúil le “dímhíleatú”, leis “an chlár comhionannais”, le
scor an Royal Irish Regiment.
a ghoin
to wound
Ní bhíonn siad ag iarraidh an t-ainmhí
a ghoin sa cheann, toisc gur sin an trófaí a bhíonn in airde ar bhalla an tsealgaire, agus mar sin tógann sé níos faide ar an ainmhí bás a fháil.
mhórghoin
big wound
“Agus ar fhulaing tú aon
mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil tú ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar.
strambánacha
long-winded
“Nach maith gur fhill tú…”
Bhí Rose i ndiaidh breis agus a sáith a chluinstin de na scéalta
strambánacha seo, nach mbíodh bun ná barr orthu ná, go minic, smut féin den fhírinne.
gairis ghaoithe
wind instruments
Ní fios cé chomh láidir is bhí an ghaoth mar gur briseadh na
gairis ghaoithe ar fad nuair a shroich sé 300 c/u.
Créacht oscailte
open wound
Créacht oscailte i sícé na Seirbiach a d’ábhraigh is a lobh ó shin i leith.
sráideanna cúnga lúbacha
narrow winding streets
An Barri Gotic
Is ar an taobh thoir de Las Ramblas atá
sráideanna cúnga lúbacha an Barri Gotic agus iad lán de
shamplaí taibhseacha den ailtireacht mheánaoiseach, go háirithe ón 14ú agus 15ú céad.
séideán
gust of wind
Fán mbliain 1979, bhí
séideán i seolta na comhcheilge in aghaidh an Loingsigh.
ina chréacht oscailt,
an open wound,
Bhí sé sin
ina chréacht oscailt, mar a déarfá, i rith an ama mar bhí scéalta ag teacht amach ó am go chéile go raibh seo á bhaint de Magee agus do raibh sin á bhaint de Magee.
scor
winding up
Na heasaontóirí
Ag scríobh in *The Blanket*, maíonn an t-easaontóir Anthony McIntyre gurb é
scor an Assets Recovery Agency an rud a mheall iarbhaill an IRA i dtreo aitheantais don PSNI.
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo
the gusts of wind which blow through this high gap
Ábhar iontais dom nach scuabann
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad.
bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí
the road of the wind and the road of the stars
Léim inscríbhinn ar leacht a deir: ‘Donde se cruza el camino del viento con el de las estrellas’ (An áit a dtrasnaíonn
bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí a chéile).
táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo.
they're making use of the wind here.
Go deimhin,
táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo.
an ghaoth agus an ghal
the wind and the steam
Tá sé sáite i gcistin Óstán Thoraí an samhradh seo –
an ghaoth agus an ghal ag déanamh meascán mearaí dá cheann chaoin.
an chneá
the wound
Mhair
an chneá agus é ina dhuine fásta agus ní bhfuair sé maithiúnas ná faoiseamh.
an ghoin mhothálach
that sensitive wound
Is í
an ghoin mhothálach sin an tobar as ar tharraing Mac Grianna a inspioráid mar scríbhneoir.
an ghaoth mhasmais
the wind of nausea
“Tá an tErectus ina cock-up arís”, a fhreagróidh mo dhuine thar a ghualainn agus é ag teitheadh leis, mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann ag tús na Samhna, nó mar a bheadh
an ghaoth mhasmais ann ag tús an tsamhnais.
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
any wound which is bleeding must be attended to
Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta,
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
ar foluain sa ghaoth,
floating in the wind
Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!”
Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!”
Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige
ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
cóir ghaoithe
favourable wind
** **Brian Lenihan** (Lár páirce): Ní bheidh
cóir ghaoithe leis an sparánaí san am atá le teacht mar go mbeidh na cianóga gann.
gaoth mhór an tseanchais
the big wind of lore
Cuidíonn
gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín *Chait*ríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha.
is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.
it is a bad wind that doesn't blow good for somebody
Ach mar a deir an seanfhocal,
is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.
Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth
the plume drifted in the wind
Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise.
i dtreo na gaoithe a shéideann
in the direction of the wind that blows
Is coimisiún é a bhogann
i dtreo na gaoithe a shéideann ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ), agus faoi láthair, ba mhaith le OTÉ brú a chur ar an
DUP glacadh le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminster go dtí an Tionól, ar mór-éileamh é de chuid Shinn Féin.
sní
winding
Níl cor bealaigh an chúpla soicind sin le déanamh ag córas idirlín na hÉireann ag
sní trí chóras aon tír eile ar domhan le bheith i láthair margaí móra na cruinne.
fuinneamh gaoithe
wind power
Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar,
fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
créacht fhuilteach
bloody wound
Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur
créacht fhuilteach a bhí ann.
ghlinneáil aníos
to wind up
Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a
ghlinneáil aníos 7.
créacht
wound
Tá
créacht ar a éadan agus tá scian ar an urlár.
goin
wound
Chuidigh sé le
goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
ghaoth
wind
Ní fhágtar, mar sin, ach an
ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír.
muilte gaoithe
wind turbines
Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na
muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.
gaoth
wind
Má bhí sé róthe thíos, tá sé anois rófhuar, le
gaoth sheasmhach ag síobadh tríd an mbearna seo idir an dá leithinis.
gaoth
wind
Cúpla oíche ó shoin bhí
gaoth fhuar fheanntach ag feadaíl sa ghairdín agus bhí an fhearthainn ag lascadh in aghaidh na fuinneoige.
sruthlú
to wind, weave
Ligim dó
sruthlú timpeall im’ aigne.
lúbadh a mbealaigh
wind their way
I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá?
Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag
lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
teasaí
wound up, uptight
Anois, baineann sé le nádúr an duine a bheith
teasaí agus glórach ag ócáidí spóirt mar a bhí le feiceáil níos déanaí an tráthnóna céanna le linn chluiche ceannais Chorn an Domhain sa sacar.
ghaoth ag athrú
wind is changing
Ach is léir go bhfuil an
ghaoth ag athrú.
ag búir na gaoithe
by the wind’s roar
Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc
is slogtar mé
ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
séideann an ghaoth
the wind blows
Feabhra
====
Ag meascadh leis an ngaoth
titeann an sneachta;
ag meascadh leis an sneachta
séideann an ghaoth.
Shíothlaigh an ghaoth
the wind subsided
Cumhacht Iontach
=====
Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna;
canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte –
sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann
Bothán
===
Im’ sheanbhothán trí sheomra
d’éiríos aosta, caite amach.
cóir na gaoithe
the wind in their backs
Is ag Sgioba na hAlba a bhí an lámh in uachtar sa chéad leath mar is acu sin a bhí
cóir na gaoithe.
gaoth láidir
a strong wind
Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí
gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo.
mo thóin le gaoth
my arse to the wind
Chuaigh mé ó thuaidh mar sin, ag Allt Coire Pitridh, suas Creag Pitridh (924m) agus bhí cóir ghaoithe liom, nó bhí
mo thóin le gaoth an lá uilig!
síobán
driving wind
”
Toraigh á Léiriú
========
Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an
síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
tholláin gaoithe
wind tunnels
Seasann na foirgnimh ilstóracha ar airde mhillteanach agus feidhmíonn siad mar
tholláin gaoithe uaireanta nuair a bhíonn an lá séidte.
ag gaoth goirt
salty wind
Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite
ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
shníonn a bealach
winds its way
Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a
shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.
An Chóir Ghaoithe
the wind advantage
An Chóir Ghaoithe
==========
Labhraíonn cuid de na himreoirí agus an bhainistíocht faoi thábhacht an chluiche don fhoireann agus faoin iarracht is gá do gach duine a dhéanamh.
Is Olc an Ghaoth
it’s an ill wind
Is Olc an Ghaoth .
ag casadh ar an iarann meirgithe
winding around the rusty iron
Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus
ag casadh ar an iarann meirgithe.
faoin ngaoth
about the wind
Cuirtear neart eolais ar fáil, ní hamháin faoin teocht, ach
faoin ngaoth, bogthaise, uaireanta gréine agus neart eile.
séideann an ghaoth
the wind blows
Eagla Roimh Cheannlínte
==========
Dála Oileán Reachlainn Uí Bhirn, caithfidh tú do lá a roghnú go cúramach don turas seo, mar is droim sléibhe géar é, Sliabh a Liag, agus
séideann an ghaoth go láidir thuas ansin, gaoth a dtiocfadh leis duine a sciobadh den aill gan stró.
ngaoth agus as an taoille
wind and the tide
Turas báid dhá lá a bhí ann in aimsir Cholm Cille, ach feidhm cheart a bhaint as an
ngaoth agus as an taoille.
an fheirm ghaoithe atá beartaithe
the wind farm which is planned
Ar cheann de na tograí is mó a tharraing aird na meán – idir áitiúil agus náisiúnta – tá
an fheirm ghaoithe atá beartaithe ar na Gleannta i dTír Chonaill.
corradh le fiche muileann gaoithe
more than 20 wind turbines
Beidh
corradh le fiche muileann gaoithe á gcrochadh in airde ar chnoic na nGleannta.
a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe
who strongly support wind energy
Maíonn an dream
a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe nach bhfuil bun ar bith leis an imní seo, ach tá siad ann i measc an lucht leighis a cheapann gur chóir achar de roinnt ciliméadar a fhágáil idir muileann mór gaoithe agus teach cónaithe.
luas na gaoithe faoina gcosa
they’ll move like the wind
Bí siúráilte de go mbeidh faobhar ar a gcamán agus
luas na gaoithe faoina gcosa nuair a thiocfas an samhradh.
bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte
gusts of wind were bending trees
Ba chuma linn faoin bháisteach, ámh - bhí an ghaoth ag ardú freisin, agus faoi lár an tráthnóna
bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte.
ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe
squealing from the force of the wind
Ba léir go raibh tine leictreach ollmhór cúpla scór méadar ónár dteach, bhí an tsráid lán le feithiclí éigeandála, agus bhí an teach féin
ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe.
a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh
who carry a wound barely hidden
Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart
a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
ní bheidh iontu ach putha gaoithe
they’ll only be a puff of wind
–
ní bheidh iontu ach putha gaoithe le hais an cúbach a tharlódh dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge.
ar nós na gaoithe
like the wind
As go brách liom ar mo rothar
ar nós na gaoithe agus ar luas lasrach.
bhfuil créacht air atá fós gan leigheas
he has an unhealed wound still
Ní hionadh go
bhfuil créacht air atá fós gan leigheas.
cas geal
bright and winding
Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh ón bhealach
cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.
in aghaidh na síbe
against the blasting wind
Is ar éigean gur sheas an puball san ionad seiceála
in aghaidh na síbe.
gaoth a bhainfeadh na hadharca den eallach
a wind that would dehorn cattle
Bhí ceo-bháisteach dhlúth ann anois, nach mbeadh i bhfad ag déanamh líbín den amadán a bheadh amuigh faoi agus
gaoth a bhainfeadh na hadharca den eallach.
gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe
with no escape from the rain and the ripping wind
Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann,
gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
Tá galar na Denglische ag sní isteach
the D. malaise is winding its way in
Tá galar na Denglische ag sní isteach i bhfréamhacha a dteanga agus ag déanamh dochair dá sláinte.
Shéid an ghaoth an deorghás
the wind blew the teargas
Fínéagar
====
Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe
to the wind farms
An fhreasúracht a léiríodh
i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe i lár na tíre, ar éigean ab fhéidir a leithéid a chruthú in iarthar na hÉireann d’easpa daonra.
braithim an siota
I feel the gust (of wind)
Ar thrasnú Droichead Uí Chonaill
braithim an siota den chéad uair, agus leanann fuacht na gaoithe sinn an bealach ar fad suas Sráid Uí Chonaill.
An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh
the north wind is hard
‘
An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
achan ghaoth a shéid inár dtreo
every wind that came our way
‘An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil
achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
d’fheamainn ghaoithe
of flying seaweed, wind-farted seaweed
‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra,
d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.