Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
long chogaidh warship
" I bhfichidí na haoise seo caite thaispeáin an Ginearál Billy Mitchell go bhféadfadh eitleán amháin long chogaidh ar bith, dá mhéad í, a chur go grinneall.
na longa cogaidh the warships
" Fuaireamar síob ó staraí áitiúil, a bhí lán de scéalta faoi chorónú na Banríona Éilís sa bhliain 1953, faoi na longa cogaidh a bhíodh sna cuanta le linn an Dara Cogadh Domhanda agus mar sin de.
longa cogaidh warships
" Bhí longa cogaidh SAM amach ón gcósta ag scaoileadh diúracán ar shráidbhailte ag an am céanna, a mhaíomh gur mhílistigh Ioslamacha a bhí iontu.
long chogaidh warship
" Leis an teannas i Learpholl, bhí 5,000 trúpaí curtha ar stáisiún sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Merswy.
longa cogaidh warships
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.