chruatain
hardship
Gheobhaidh tú anseo léargas fáiltiúil físiúil ar an saol sin as ar fáisceadh leithéidí Pheig Sayers, Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Muiris Ó Súilleabháin (*Fiche Blian ag Fás*) agus iad ag stracadh i gcoinne an
chruatain agus réabadh na mara móire.
cruatan
hardship
Taispeánann siad tírdhreacha a léiríonn pléisiúr agus suaimhneas seachas sclábhaíocht agus
cruatan, agus daoine ag ligean a scíthe agus ag tógáil rudaí go réidh i mbun gníomhaíochtaí deasa.
chruachás
hardship
Mar a dúirt an taighdeoir Begona Aretxaga: "I dtuaisceart Éireann, tuigtear an stair i dtéarmaí eisíocha - mar
chruachás a thugann ciall dá saol, a fhíoraíonn a bpolaitíocht agus a thugann cumhacht chorraitheach dá n-eachtra.
an chruatain chéanna
the same hardship
Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus
an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
chruatan
hardship
Le linn mo chuid siúil bhí neart ama agam le smaoineamh ar
chruatan shaol na ndaoine úd a shiúil an camino sna meánaoiseanna.
cruáil
hardship
Ina saothar feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus
cruáil an tsaoil.
chruatan
hardship
Is cuimhin leis, mar shampla, a bheith ag imirt i gcoinne Finn Harps "tráthnóna Domhnaigh sa gheimhreadh a bhí fuar, brocach, fliuch" ach deir sé gur cuid den chraic a bhí sa
chruatan seo agus san easpa áiseanna a bhí i gceist.
stró agus anró
exertion and hardship
Bhíodh
stró agus anró agus éiginnteacht ag baint leis an mbealach seo taistil.
cruatan
hardship
I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill, ag stracadh leis an aimsir agus le
cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann.
chruatan
hardship
Ba léir go ndeachaigh léiriú Sheridan ar an
chruatan i gcion ar na daltaí óga, agus an bhéim atá curtha aige sa scannán ar thábhacht ghrá an teaghlaigh in am an ghátair.
chruachás na saoránach
the hardship of the citizens
Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do
chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
cruatan
hardship
An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach
cruatan, gortú, pian agus fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun.
Cruachás
hardship
Cruachás ceart é seo don IRFU agus FAI nach nguífeadh aon duine orthu, ach ar deireadh thiar is orthu féin agus an rialtas atá an locht, ní ar CLG.
cruachás
hardship
An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus
cruachás a chothú sa stát seo.
cruatan
hardship
“Sheinn siad ceol dochreidte ach bhí
cruatan agus anró ina saol.
anró
hardship
Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-
anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
in ainneoin an chruatain
despite the hardship
Ach bhí orm é seo ar fad a chur i gcuimhne dom féin an t-am ar fad toisc go raibh na daoine ar fad chomh sona agus suaimhneach,
in ainneoin an chruatain atá mar chuid dhosheachanta dá saol.
le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
to draw attention to the hardship of the unemployed of the country.
I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh
le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
ar an anás agus ag fulaingt cruatain,
destitute and suffering hardship,
Nuair atá an t-ealaíontóir
ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
nár thréig a intleacht in ainneoin anró.
who didn't abandon his intellect despite hardship.
Tá urraim sa líne sin d’intleacht a athar agus urraim don duine beo
nár thréig a intleacht in ainneoin anró.
cruatan
hardship
Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an g
cruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.
cruachás
hardship
Níl ceist dá laghad faoi ach go bhfuil na páirtithe a bhí san iar-chomhrialtas, go háirithe an Páirtí Liobrálach, i g
cruachás faoi láthair.
Tuigim an bhochtaineacht agus an cruatan.
I understand the poverty and hardship
Tuigim an bhochtaineacht agus an cruatan.
teacht i dtír ar chruachás Ahern
to take advantage of Ahern's hardship
Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí
teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
in ainneoin an chruatain
despite the hardship
“Saol breá” a bhí acu ansin,
in ainneoin an chruatain a bhí i gceist in amanna.
anró
hardship
Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón
anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
cruatan
hardship
Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an
cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
an iomarca anró
too much hardship
Ní shábháiltear mórán féir a thuilleadh mar go bhfuil
an iomarca anró ag baint lena bhaint, lena shábháilt, lena stóráil.
chruatan
hardship
Sa chomhthéacs sin, is mór an trua é go bhfuil polaiteoirí áirithe ag iarraidh sochar a bhaint as an tubaiste a tharla do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe bochta a bhí ag éalú ó
chruatan ina dtíortha féin.
chruatan
hardships
Dúirt sé gurb é an sprioc a bhí aige go leanfadh a gcuid páistí ag freastal ar an scoil ionas go mbeadh seans acu éalú ón
chruatan.
cruatan
hardship
Ba bhreá liom an lár a fheiceáil agus é faoi bhláth, ach caithfear a admháil gur fearr lenár seanchoirp, agus an t-airtríteas ag goilleadh orthu, compord an mhóstáin nó an ionaid saoire ná
cruatan an champa.
anó
hardship
Tá spórt agus sult agus sú an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin
anó, aimléis agus faoi ainnise.
anró
hardship
Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin
anró gan stad gan staonadh.
cruatain
hardships
An chontúirt agus
cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an choimhlint chun marthana seo.
ainnise
hardship
Níl aon amhras ach go bhfuil an iomarca bochtaineachta agus
ainnise fulaingthe acu cheana féin.
cruatan
hardship
Tá eagarthóir s’againne, Seosamh Mac Slua Muirí, ina fhál cosanta idir muid agus
cruatan an tsaoil, bail ó Chrom Dubh air.
ainnis
hardship
Nuair a théann tú amach ar maidin fén ngréin agus níl gá le haon rud ort ach léine in áit a bheith anseo agus an cac is
ainnis is báisteach is ceo.
anró
hardship
Toradh amháin atá ar an
anró seo go léir ná bochtaineacht agus gannchothú ainsealach i measc na Rohingya atá ag dul i méid an t-am ar fad.
anró
hardship
Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an
anró a bhí á fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre.
dochma
hardship
Thar rud ar bith eile, is náisiún muid a bhfuil teacht aniar ionainn, a bhfuil réiteach ár gcuid fadhbanna againn, nach bhfuil eagla orainn roimh an dua ná roimh an
dochma, agus a thógfaidh saol fónta in Éirinn do na glúine atá fós le teacht.
anachana is anró
hardship and suffering
Tá an sórt céanna
anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
hanró
hardship
Is é an BSP atá i gcumhacht in Uttar Pradesh ó 2007 agus é mar aidhm ag an bpáirtí, dar leis an gceannaire conspóideach Mayawati, dul i ngleic le
hanró is anás na nDalit.
cruachás
hardship
I 2012, beidh muid ag ceiliúradh 80 bliain ó tharla na *Outdoor Relief Riots* i mBéal Feirste, an uair dheireanach gur tháinig Caitlicigh agus Protastúnaigh le chéile le troid in éadan
cruachás geilleagair.
chruachás
hardship
Is tír shaibhir í an Astráil atá go maith in ann caitheamh go fial leis an líon beag daoine sna báid atá ag éalú ó
chruachás ina dtíortha féin.
anró
hardship
In ainneoin an
anró a thréithrigh dé deiridh an chórais chumannaigh a thit as a chéile i 1989, ní go hiomlán diúltach an chuimhne atá ag Anna ar na blianta sin.
anró
hardship
Níl in
anró Rita ach ceann amháin de na scéalta léin atá le léamh i dtuairisc thábhachtach an MRCI, *Private Homes – A Public Concern*.
dua agus doghrainn
hardship and difficulty
Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén
dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
t-anró
hardship
Níor léirigh sé gur thuig sé an
t-anró agus an eagla atá ar an tír.
Anachain na Cathrach
urban hardship
Anachain na Cathrach
==========
Aistear na mílte míle a bhí ann, ar chúl trucaile.
Ceilt na hAinnise
hiding the hardship
Cuma na Maitheasa,
Ceilt na hAinnise
===============
Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas.
chruachás
hardship
Ar na gnéithe is suimiúla fan
chruachás, tá an caidreamh idir Conor Murphy agus an leas-Chéad Aire Martin McGuinness, beirt Shinn Féineach.
cruatan breise
extra hardship
Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh
cruatan breise i ndán dóibh.
chruatain airgeadais
financial hardship
Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar an taobh sin lá éigin agus cá bhfios nach dtabharfaidh go fóill ach an
chruatain airgeadais seo a chur dínn idir seo agus sin!
Cruas Geimhridh
winter hardship
”*
Cruas Geimhridh
========
Sular bhunaigh siad CyberDissidents.
chruálacht an tsaoil
and life’s hardship(s)
Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaim– tréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus
chruálacht an tsaoil.
chruatan
hardship
Ní raibh sé sa phlean go mbeadh muid ag stopadh in Ailt an Chorráin ach i ngeall ar an drochaimsir a bhuail an bád ag trasnú Cuan Dhún na nGall, beartaíodh sos gearr a ghlacadh ó
chruatan farraigí cáite agus gálaí gaoithe an Atlantaigh in Ailt an Chorráin.
cruatain
hardship
Níl a fhios againn cén cineál
cruatain atá fulaingthe ag na daoine a fheicimid ina shuí ar leic dorais taobh sráide.
gcruatan
hardship
Tá formhór na mianach guail agus amhiarainn lonnaithe i gceantair iargúlta agus bíonn saothrú maith ag na hoibrithe sna mianaigh mar chúiteamh as an
gcruatan sna campaí.
Cruas Cúlra
a background of hardship
Cruas Cúlra
=====
Ní raibh mórán rómánsachais ag baint le luathshaol Neal Cassady is cosúil.
Anró Sráide thar Lear
hardship abroad
’
Anró Sráide thar Lear agus sa mBaile
==================
Chas mé beagán ceoil don chuideachta, ach ba bheagán é.
as an anachain
from the hardship
Chaillfidh an gnáthduine a chuid coigiltis go léir ach déanfaidh léithéidí George Soros na billiúin
as an anachain mar gur chuir sé geall ar theip an airgeadra.
Gineann cruachás láidreacht
hardship generates strength
Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile
==============
Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú.
fríd an anró agus an streachailt
through struggle and hardship
Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí
fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán.
chruachás
hardship
Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar
chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
ná cruatan
besides hardship
Leis na físeáin ar ár suíomh agus ar ár gcainéal YouTube teastaíonn uainn a léiriú go bhfuil i bhfad níos mó sna háiteanna seo
ná cruatan.
cruatan
hardship
Ach, cé nach n-aontódh liom má deirim gur tallann dhúchasach faoi deara Bolt a bheith in ann rith níos mire ná aon fhear nó bean eile ar domhan ach gur de thoradh obair chrua,
cruatan, fulaingt agus cur chuige fíochmhar a bhuaigh an tIfearánach Craobh an Domhain.
anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh
hardship carved on the (facial) features
Tá caighdeán ardghléine le feiceáil in achan phortráid agus
anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh agus i súile achan duine iontu.
a mhaireann in ainneoin an chruatain
who survive despite the hardship
Deir sé gur minic a bhíonn fonn air screadaíl faoi na héagóracha a fheiceann sé ar na sráideanna agus dar leis go ndeánann airgead bog muid agus gur fíormharthanóirí iad na daoine atá ina chuid pictiúr,
a mhaireann in ainneoin an chruatain agus na hainnise a fhulaingíonn siad ar bhonn laethúil.
in éadan chruatain an tsaoil seo
against life’s hardships
(Níl carr ar bith in Éirinn mór a dhóthain le é a iompar, ná bus ar bith a bhfuil an doras leathan a dhóthain le é a ligean isteach!) Ag meabhrú a bhí sé ar mhuintir Mhaigh Eo, agus ar a dhiongbháilte atá siad
in éadan chruatain an tsaoil seo agus in éadan chora crua na peile.
a thug an oiread sin anró orainn
which gave us so much hardship
Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach
a thug an oiread sin anró orainn agus a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.
tar éis cruatan agus brúidiúlacht
after the hardship and brutality (of
“*I apologise for my appearance, but I have had a difficult time these past several years*”
arsa Northup, ar theacht isteach arís i gcomhluadar a mhnaoi is a theaghlaigh
tar éis cruatan agus brúidiúlacht an dá bhliain déag a d’imigh roimhe a chur de.
chruatan
hardship
Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an
chruatan a d'fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór.
cruatan na ndaoine dífhostaithe
the hardship of the unemployed
Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le
cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.
anró
hardship
Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an
anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
anró
hardship
Ríomhann Alan Desmond scéal
anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya.
an gcruatan saoil
hardship
Fuair sí léargas ann ní hamháin ar an gceiliúradh, ach ar
an gcruatan saoil.
ach cruatain agus drochíde
other than hardship and abuse
Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol
ach cruatain agus drochíde.
cruachás a cliant
it’s clients’ hardship
Agus tuairiscí nuachta ann go bhfuil daoine in Inis Eoghain ag fanacht sé mhí le coinne a fháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, pléann Niamh Ní Shúilleabháin obair na seirbhíse agus
cruachás a cliant.