Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a adhradh worship
" Níl iontas ar bith go ndearna na háitritheoirí fadó an bolcán a adhradh: tá sé chomh cumhachtach sin agus ní féidir neamhaird a thabhairt air.
gur á adhradh a bhí sé that he was worshiping it
" An mairnéalach féasógach, an lógó cáiliúil úd i lár chrios sábhála, íomhá mhistéireach ó m'óige, agus ba dhóigh leat ón ngiolla cráifeach gur á adhradh a bhí sé.
chun na déithe a adhradh to worship the gods
" Tá tuairim eile ann gur cineál teampaill a bhí ann chun na déithe a adhradh.
féin-laochadhradh self-worship
" "Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama.
laochadhradh hero-worship
" Cad é faoi Bhalor? Níorbh fhada go raibh Balor sínte in aice leo - scaifte Meiriceánach fíorGhaelacha ag brú deochanna orm, ag stánadh orm agus laochadhradh ina súile, iad cinnte gur ag cumadh m'ailt do *Beo Ar Éigean *na míosa seo chugainn a bhí mé.
ionaid adhartha places of worship
" Ag lua an Bhunreachta le tacú lena seasamh, deir AU nach léiríonnn an fhealsúnacht scarúnach seo "doicheall roimh an reiligiún", ach go bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú "go bhfanfaidh an rialtas neodrach maidir le ceisteanna reiligiúnda, agus go bhfágfar cinntí a bhaineann le Dia, le creideamh, agus le freastal ar ionaid adhartha i lámha na saoránach" (http://www.
Adhradh an bhandé the worship of the goddess
" * Gluais • Glossary bandéithegoddesses Adhradh an bhandéthe worship of the goddess is ársamost ancient dár n-oidhreachtof our heritage ómósreverence tírdhreach beannaithehallowed landscape filíocht dheabhóideachdevotional poetry a aithristo recite féintóraíochtsearching for ones self
mhona-adhradh mono-worship
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
os comhair lucht m’adhraithe in front of the people who worship me
" ?” “*Feck off,* a húir gan mhaith agus ná bí ag cur as dom os comhair lucht m’adhraithe anseo!” arsa Joe leis.
mhona-adhradh mono-worship
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
do d’adhradh worshipping you
" “Nach mbíonn na slóite síoraí do d’adhradh gach oíche agus tú ar an ardán.
adhradh teaghlaigh family worship
" “Bíonn adhradh teaghlaigh againn gach maidin agus oíche,” arsa Isobel Ann.
laochadhradh hero worship
" “Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt sé go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Uí Hernia sa *Sindo*, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh féiríní air, mná áille na tíre sin ag umhlú dó, laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar Rí na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.
laochadhradh hero-worship
" Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
lucht a adhraithe those who worshipped him
" “Agus nuair ba léir a acmhainn agus a chumas agus a inniúlacht do lucht a adhraithe d’íoc siad a gcuid deachúna agus cheannaigh sé teach flaithbheartach agus long bhraineach agus éadaí prionsúla.
laoch-adhradh hero worship
" Cad é faoi Bhalor agus Éamonn Ó Doornail? Níorbh fhada go raibh an bheirt againne sínte fosta – scaifte Meiriceánach fíorGhaelach ag brú deochanna orainn, ag stánadh ormsa agus laoch-adhradh ina súile, iad cinnte gur ag cumadh m’ailt do *Beo Ar Éigean* na míosa seo chugainn a bhí mé.
Adhrann tú an bheirt acu. You worship both of them.
ón ghrúpa adhartha from the worship group
" Ansin, beidh na sailm le cluinstin arís ón ghrúpa adhartha An Tor Ar Lasadh, a thagann le chéile uair sa mhí i dTeampall Preispitéireach Fitzroy i mBéal Feirste.
laochadhradh hero worship
" Cleachtaítear iompar ar a dtugtar ‘laochadhradh’ ina leith toisc go mbíonn an oiread sin tóra ag daoine ar a gcuid laochra.