Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seilbh ownership
" " Cuireann sé déistin air go bhfuil an rialtas sásta seilbh a thabhairt do chomhlachtaí ilnáisiúnta ar acmhainní nádúrtha na tíre (luann sé an gás amach ó chósta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe mar shampla de seo).
úinéireacht tí home ownership
" úinéireacht tí ======= In ainneoin an bhochtanais go léir, tá an ráta is airde úinéireacht tí sna Stáit Aontaithe go léir i West Virginia.
úinéireacht ownership
" Bhí rud eile ann a fuair mé an-fhurasta, áfach: an dóigh a ndeirtear "tá sé agam" sa Ghaeilge le tagairt a dhéanamh don úinéireacht, gan aon bhriathar ar leith a chiallódh "to have".
seilbh ownership
" Ar chúiseanna nach raibh sé sásta a mhíniú ("Fágfaidh mé fút féin é," a dúirt sé liom), thosaigh an comhlacht ag cailleadh go leor den obair a bhí aige ón Údarás go dtí sin nuair a ghlac Ó Céidigh seilbh air.
úinéireacht ownership
" B'fhéidir go mbeadh daoine eile a ghlacfadh úinéireacht ar an gcomhlacht, a bheadh i ndán tuilleadh forbartha a dhéanamh air.
úinéireacht ownership
" Aisteach go leor, imríonn an fhoireann pheile agus an fhoireann sacair ar an bpáirc chéanna, Páirc an Cháthanaigh, atá faoi úinéireacht an phobail.
gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann that the ownership of Irish land was transferred
" Má chreidimid na leabhair staire, chinntigh feachtas Michael Davitt agus Chumann na Talún in 1879, agus na hachtanna a lean é, gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann ón tiarna talún go dtí an tionónta.
seilbh ownership
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
i seilbh an Stáit in State ownership
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
seilbh ownership
" Bhíodh sí ina ball de Chumann na gCearta Sibhialta go dtí, mar a deir sí féin, go dtug na PDs (People's Democracy) agus na Republican Clubs iarraidh seilbh a ghlacadh ar an eagraíocht.
úinéireacht ownership
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
úinéireacht ownership
" Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta ag Eircom.
struchtúr úinéireachta ownership structure
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
cearta úinéireachta gunnaí gun ownership rights
" Agus, má tá na Críostaithe coimeádacha seo chomh meáite sin ar an bheatha a chosaint, ar chostas ar bith, cén fáth mar sin a bhfuil an tromlach acu i bhfábhar cearta úinéireachta gunnaí? Agus, má tá an bheatha dhaonna chomh luachmhar sin, cén fáth a bhfuil lucht leanúna Bush – a rinne iarracht chomh mór sin Terri Schiavo a choinneáil beo – tar éis tacú le cogadh agus le hionradh inar maraíodh na mílte Iarácach neamhchiontach? Léiríonn seasamh seo na gCríostaithe coimeádacha i Meiriceá an mearbhall atá ar chuid acu maidir le ceisteanna a bhaineann leis an cheart chun marthana agus an fhimínteacht a bhaineann le cuid eile acu.
seilbh ownership
" Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
seilbh ownership
" Tá an margadh déanta agus tá Liverpool FC i seilbh beirt Mheiriceánach anois: George Gillett agus Tom Hicks.
seilbh phríobháideach in private ownership
" Bhí an t-oileáinín i seilbh phríobháideach ar feadh trí chéad bliain, agus tógadh go leor ar an láthair ó shin i leith, ach is mór an méid a fuarthas ó ghlac Stát Virginia agus Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna seilbh ar an áit ó 1907 amach.
faoi sheilbh tiarnaí talún móra. under the ownership of big landowners.
" Ó na meánaoiseanna ar aghaidh, bhí an talamh uilig faoi sheilbh tiarnaí talún móra.
úinéireacht phoiblí public ownership
" Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.
seilbh phríobháideach private ownership
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
úinéireacht ownership
" Ba i 1978 a achtaíodh an Forógra um Úsáid Talún a thug úinéireacht is cearta talún don rialtas agus tugadh an Forógra isteach sa Bhunreacht an bhliain dár gcionn.
úinéireachta ownership
" Eagraítear crannchur roimh an gCalcúta ina mbuann 24 duine leath úinéireachta ar na capaill sa rás.
lonnaíocht stairiúil historic ownership
" Dar leis an Ard-Chúirt, níor chóir don dlí úinéireacht talún a aithint mura mbíonn i gceist ach úinéireacht bunaithe ar chearta cultúrtha nó ar lonnaíocht stairiúil.
úinéireacht chomhair collective ownership
" Thairis sin, rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh na hEndorois úinéireacht chomhair a bheith acu ar an talamh a bhí i gceist toisc nach bhfuil féiniúlacht cheart, dar leo, ag an ngrúpa.
dteideal sealúchais ownership title
" Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus má chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh sé cás a dteideal sealúchais.
úinéireacht phoiblí public ownership
" Ba cheart a rá leo dá bhrí sin, a bheith ag imeacht leo agus córas cánach, córas airgeadais a atheagrú ar bhonn Éireannach, agus ar bhonn Eorpach chomh maith; go mbeadh na forais airgeadais in úinéireacht phoiblí – ní chun bailout a dhéanamh orthu ach go mbeidís faoi smacht daonlathach, agus ins an tslí sin go mb'fhéidir airgead a thabhairt do dhaoine atá féinfhostaithe, do ghnónna beaga agus a leithéid chun forbairt a dhéanamh agus go mór mór, chun bonneagar athá riachtanach anso a chur chun cinn agus na mílte a chur ar ais ag obair.
úinéireacht na talún of land ownership
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
úinéireacht an stáit state ownership
" ”* Is Bách Lucht Aon Cheirde =============== I measc na gcairde míchlúiteacha atá ag Soros, tá Mikhail Khodorkovsky, iarcheannasaí Ola Yukos, a raibh sócmhainní arbh fhiú níos mó ná $30 billiún carntha aige ag aois 32 sa ‘phríobháidiú’ iarshóivéadach de mhaoin faoi úinéireacht an stáit i gceantanna rigeáilte.
úinéireacht ownership
" In áit gabháltais a bhainistiú, chuir sé a ainm orthu agus thug sé úinéireacht na n-áiteanna do chomhlachtaí eile.
an t-athrú sealbhaíochta change(s) in ownership
" (Tharla réabhlóidí geilleagair eile roimhe sin ar ndóigh, an t-athrú sealbhaíochta siocair na n-acht talún ó na 1880í i leith, cuirim i gcás, ach aisteach go leor, níor tháinig ann i gceart don réabhlóid thionsclaíoch in Éirinn).
a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo which shows that the ownership of your material(s) dies which they hold
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
d’úinéireacht chearta an cheoil for the ownership rights
" An rud is amaidí faoi seo ar ndóigh, is iad mo leitheidse, iad siúd lena ndóthain airgid/ spéise/ moráltachta cultúir is mó spéis do na fogróirí! Ach mar a thuigimse freisin é, íocann Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.
húinéireacht sclábhaithe ownership of slaves
" Faoi dheireadh an 17ú haois bhí deireadh le húinéireacht sclábhaithe san Eoraip, ach ní sa domhan nua.
nuair ba threise seilbh ná páipéar when possession was stronger than ownership
" Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh ná páipéar.
faoi fíorúinéireacht about true ownership
" Spreagann sé seo go leor ceisteanna faoi fíorúinéireacht saothar ealaíne ársa atá ag i seilbh go leor d’iarsmalanna móra an domhain chomh maith le bailitheoirí príobháideacha.
úinéireacht ownership
" Is spéis le Tony Birtill an dóigh a chuaigh is a rachaidh úinéireacht Chumann Peile Learphoill.
úinéireacht airm arms ownership
" Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.