Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá mba mhian leo if they wanted to
" An féidir eolas a mheas mar seo? Rachaidh cuid de na hathruithe i bhfeidhm ar dhaltaí an-óga chomh maith, mar shampla iad siúd atá sna *scuole elementari* (páistí idir sé bliana agus deich mbliana), a raibh scrúdú le déanamh acu go dtí seo dá mba mhian leo dul isteach sa *scuola media* (do dhaltaí idir aon bhliain déag agus trí bliana déag).
a raibh de dhíobháil orthu all that they wanted
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
gur theastaigh uaidh that he wanted
" Thosaigh siad ag dearadh suíomh gréasáin an bhliain dár gcionn nuair a chuir custaiméir dá gcuid in iúl dóibh gur theastaigh uaidh catalóg dá chuid earraí a chur ar an idirlíon.
mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú because he wanted to nationalize the oil industry
" Ní raibh rialtais na Stát Aontaithe ná na Breataine sásta leis an phríomhaire a bhí ann, Mohammed Mossadegh, mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
dá mba mhian leis é a fhorbairt if he wanted to develop it
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
fiú dá mba mhian leo even if they wanted to
" Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
ba mhian liom a thuiscint I wanted to understand
" Bhí mé an-tógtha leis na hamhráin thraidisiúnta agus ba mhian liom a thuiscint cad é a bhí siad ag rá.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
san áit nach raibh iarraidh air where it wasn't wanted
" Ní raibh a bua le fáil nuair a bhí tú ag iomarscáil le gas searbháin nó cuilceach ar bith eile a raibh a shíol curtha aige san áit nach raibh iarraidh air.
Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é he wanted to be buried in Ireland
" Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é sa chré mhuinteardha i gceantar Léim Uí Dhonnabháin in Iardheisceart Chorcaí, in éineacht lena athair agus a mháthair is na cosmhuintire ar fad a raibh an oiread sin scéalta aige mar gheall orthu.
dá mba mhian leo if they wanted to
" Post nua a bhí ann, mar dúirt an rialtas faoin am sin go raibh cead ag gach dalta bunscoile Manainnis a fhoghlaim ar feadh leathuaire gach seachtain, dá mba mhian leo.
a bhí uaidh that he wanted
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann the owners wanted to emphasise Irish culture
" Nuair a fosclaíodh an áit ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann, agus le taobh ceol na Éireann bheith acu, d'iarr lucht an tábhairne seo ar Liam ranganna Gaeilge a mhúineadh san oíche.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
dá mba mhian leo if they wanted to
" Dá bharr sin uilig tá cúrsaí ina gcíor thuathail i MUPLC toisc gur infheisteoirí móra iad na fir ghnó sa chlub sin agus d'fhéadfadh siad an club a cheannach agus an bainisteoir a chaitheamh amach ar fhleasc a dhroma dá mba mhian leo.
nuair ba mhian liom imeacht when I wanted to leave
" Ní raibh duine ar bith eile ag obair ansin, mar sin bhí orm scairt gutháin a chur ar dhuine éigin nuair ba mhian liom imeacht ar feadh cúpla bomaite.
ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil who wanted to leave the organization
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
ba mhian leo that they wanted to
" Seo an tsráid ar a siúladh an tOrd Oráisteach am ar bith ba mhian leo agus bhíodh eagla mhór orm agus mé i mo pháiste roimh na claimhte loinnreacha, na miotóga bána, na hataí osréalaíocha agus an fuath a bhíodh i súile na bhfear agus iad ag siúl thart liom.
fiú dá mba mhian leis even if he wanted to
" Ach níl aon amhras orm ach oiread go raibh ar a laghad tacaíocht neamhoifigiúil a dTaoisigh acu, muna raibh a thacaíocht oifigiúil acu, mar is é an *real-politik *ná nach raibh dóthain tacaíochta ag an Loingseach le go bhféadfadh sé neamhaird a thabhairt ar an éileamh seo, fiú dá mba mhian leis.
Ní raibh ó Shiobhán ach suaimhneas Siobhán only wanted peace
" Ní raibh ó Shiobhán ach suaimhneas, ciúnas agus a bheith léi féin, ach ní raibh cuma ar bith air go raibh an slua ag scáineadh.
ba mhian liom taisteal go hÉirinn I wanted to travel to Ireland
" Trí seachtaine in Éirinn ======= Ar feadh roinnt blianta, ba mhian liom taisteal go hÉirinn.
theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan Charlie wanted to show the world
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
a bhí uathu that they wanted
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
ba mhian leo a bheith réidh they wanted to be ready
" Ba léir dóibh nach leanfadh rialtas Clinton ar aghaidh i gcónaí, agus ba mhian leo a bheith réidh.
céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca what we wanted on the CD
" Is dócha gur thóg sé tamall orainn “fuaim” Líadan a aimsiú ar dtús ach faoin am a thosaigh muid ag taifeadadh bhí a fhios againn céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca.
a theastaigh uathu that they wanted
" An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia.
gurbh é ba mhian leis ina shaol that what he wanted in his life
" Bob Geldof (an príomhamhránaí) sásta a rá le Gay Byrne ar an “Late Late Show” gurbh é ba mhian leis ina shaol ná “to get rich, laid and famous”.
níor theastaigh uaidh ach he only wanted to
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis &ndash; bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán &ndash; “Do The Rat, Simon Crowe”&ndash; thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, I wanted to escape the crowds,
" Cé gur áit dheas é Cairns, bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, agus bhí Cape Tribulation foirfe dá leithéid.
mba mhian leo. if they wanted to.
" Dar ndóigh, bheadh an rogha acu dul isteach sa chóras Béarla fosta dá mba mhian leo.
theastaigh uaidh cuidiú leosan he wanted to help them
" Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht.
a theastaigh uaim féin a chur in iúl. that I wanted to express myself.
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: &quot;Johnny Seoighe&quot;, mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
dá dteastódh uait if you wanted to
" Bhíodh ort táillí a íoc san uair sin dá dteastódh uait freastal ar an meánscoil, agus ní bheadh sé d’acmhainn ag mo thuismitheoirí mé a chur chun na scoile sin murach an scoláireacht a bheith faighte agam.
theastaigh uaim I wanted to
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh the Irish wanted independence
" “Ní hionann sin is a rá nach bhfuil mé den tuairim go raibh neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh nó nach raibh ceart acu é sin a bhaint amach.
Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, he wanted to scare voters
" Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.
dá mba mhian leo if they wanted to
" Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais.
dúirt sí go raibh fonn uirthi she said that she wanted
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
ag iarraidh a chruthú they wanted to prove
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach that he wanted to be a part of
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
dá mbeadh an chabhair sin ag teastáil, if that help was needed/wanted
" “Mar gheall ar go raibh an scéal anois i mbéal an phobail, dúirt mé le Cumann Ailse na hÉireann go mbeinn sásta cuidiú leo, dá mbeadh an chabhair sin ag teastáil, ó thaobh m’ainm &ndash; nó mo chuid *celebrity *&ndash; a chur le feachtas feasachta.
ar theastaigh uathu greim a fháil air, which they wanted to get a hold of
" Ba é an cineál deilbhín ar theastaigh uathu greim a fháil air, dar ndóigh, ná ceann darb ainm dó Oscar! I measc iad siúd a raibh údar maith acu sceitimíní a bheith orthu bhí Glen Hansard ó Bhaile Átha Cliath agus Marketa Irglova ó Phoblacht na Seice, a raibh ainmniúchán Oscar faighte acu dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán *Once.
Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, he wanted to make stars out of us
" Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, tá a fhios agat.
Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis I really wanted to be playing with him
" Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin *ní raibh* mé maith go leor.
Bhí dúshlán nua uaim. I wanted a new challenge
" Bhí dúshlán nua uaim.
bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad Lunny wanted to bring Planxty in a different direction altogether
" Treo nua le Moving HeartsAg deireadh na seachtóidí, bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad agus cnaguirlisí agus dordghiotáir a bheith mar chuid d’fhuaim an ghrúpa.
ba mhian leis he wanted to
" “Bhí sé i gceist aige tuilleadh a dhéanamh &ndash; ba mhian leis albam d’amhráin ghrá a thaifeadadh fosta.
Dá mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, if one wanted to take a deeper look,
" Dá mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, d'fheicfeadh sé gur nocht Dunne a anam chomh maith.
a raibh dúil acu ann which they were wanted
" Anois, tá súil agam go bhfuair gach duine amuigh sin sa chibearspás rud éigin deas le haghaidh na Nollag, bronntanas nó féirín beag gan choinne, b’fhéidir, nó le coinne &ndash; rud éigin a raibh dúil acu ann nó nach raibh siad ag dréim leis, mar a deir an tUltach.
theastaigh wanted
" An dream céanna ar theastaigh uathu na hionsaithe ar an Afganastáin agus an Iaráic a dhéanamh cheana, tá siad ag iarraidh an tSomáil a ionsaí anois.
ní mar ba mhian léi é not as she wanted it to be
" Tá Tuaisceart an lae inniu tógtha ag Margaret Thatcher, ach ní mar ba mhian léi é.
bhí uaim I wanted
" Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú.
theastaigh uaithi she wanted
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
Theastaigh ó wanted
" Cén fáth mar sin ar cuireadh go Gaelscoileanna iad? “Theastaigh ó mo thuismitheoirí go bhfoghlaimeoimis an Ghaeilge, leag siad an-bhéim ar an dúchas.
theastaigh wanted
" org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas &ndash; chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.
bhí fonn orm I wanted
" Ach, fuair an Diabhal bás agus an uair seo, bhí fonn orm rudaí siamsúla agus pléisiúrtha a dhéanamh.
Á lorg wanted
" Thug an náisiúnaí Corsacach, Yvan Colonna, faoin sliabh i mí Bealtaine, 1999 nuair a chonaic sé a phictiúr ar nuachtán an lae agus ‘Á lorg: feallmharfóir phríomhphóilín an oileáin’ ina theideal air.
theastaigh uaim I wanted
" - theastaigh uaim é a dhéanamh i gcónaí.
theastaigh wanted
" ece) Chreid go leor ar an eite chlé é in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurbh ó lucht Iosrael a theastaigh an cogadh.
theastaigh uaim I wanted
" Bhí suim agam i stair na hÉireann, roghnaigh mé stair chomhaimseartha na hÉireann mar ábhar tráchtais MA is theastaigh uaim an Ghaeilge a fhoghlaim chun na hainmneacha go léir a bhí á léamh agam a thuiscint.
Bhí fonn orm I wanted
"Bhí fonn orm a bheith i mo chónaí thar lear, gar don Albain agus don Bhreatain Bhig agus theastaigh uaim tráchtas PhD a scríobh ar Óglaigh na hÉireann.
ab ansa leis he wanted most
" Dúirt Norrissa, agus eisean ag caint faoi rún chomh maith le Balor, gurbh é an post ab ansa leis ar domhan, ar thrí chúis: go mbeadh sé mar Ionadaí na Banríona ina chónaí san Áras; nach mbeadh air cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim le bheith insealbhaithe ann; agus nár ghá dó aitheantas ar bith a thabhairt do Laochra Éirí Amach na Cásca nuair a bheidh an comóradh ann i 2016.
Theastaigh ó wanted
" Theastaigh ó Enda Kenny go gcuirfí plé ar an nGaeilge ar leataobh don lá.
de dhíth wanted
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
bhí fonn ar wanted to
" Ní nach ionadh, bhí fonn ar an BCE stop a chur leis an spleáchas seo.
theastaigh uaithi she wanted
" Dúirt sí go raibh sí bréan de bheith ag fanacht lena hathair agus gur theastaigh uaithi dul abhaile.
bhí de dhíobháil air he wanted
" 
Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air.
Agus fonn ar chuid acu while some of them wanted
" Agus fonn ar chuid acu a scéal féin a inseacht.
theastaigh uaim I wanted
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
Bhí an-fhonn orm I really wanted
" Bhí an-fhonn orm bainis Pholannach a fheiceáil agus thapaigh mé an cuireadh.
Ba léir fonn cainte air he obviously wanted to have a chat
theastaigh uaidh he wanted
" Dúirt sé nach raibh críoch ann nuair a chríochnaigh Baile an Droichid na blianta ó shin, go bhféadfaí scéal a leanstan agus gur theastaigh uaidh roinnt eagrán eile de Bhaile an Droichid a scríobh agus deireadh a chur leis, go mbeadh finale ann agus go mbeadh deireadh le Baile an Droichid.
Theastaigh uaim I wanted
" Theastaigh uaim i gcás Sapkota go mbeadh Béarla agus Gaeilge sa leabhar.
bhí sí ag iarraidh dul she wanted to go
" Nuair a bhí mé ag obair leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, tuairim 1997, bhí sí ag iarraidh dul chun na Gaeltachta agus mhol mé Oideas Gael di.
bhí éacht nua ag taisteal uaidh he wanted to achieve something new
" Bhí deiseanna iontacha ag Belfort anois ach bhí carachtar corrthónach aige i gcónaí agus roimh i bhfad, bhí éacht nua ag taisteal uaidh.
shantaigh ceann de one of the (large parties) wanted
" Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d'fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905.
theastaigh an tumoideachas uaidh he wanted full immersion education
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl I most wanted to drive home
" Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d'aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál "am-líne mothúchán" agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl," ar sí.
dá mbeifeá ag iarraidh múineadh if you wanted to teach
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
theastaigh uaidh freastal ar he wanted to serve
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
Bhí fonn orm I wanted
" Bhí fonn orm é a bhualadh sa smut, ach bhí a fhios agam dá ndéanainn go n-aithneodh an dream eile gurbh fhíor dhó é.
Theastaigh ón wanted to
" Theastaigh ón mBeilg rachmas mianrach Katanga a dhíleá, ach b’fhuraist an rud é sin a dhéanamh dá gcoinneodh an cúige sin a stádas neamhspleách mar phoblacht nua.
Theastaigh uainn we wanted
" Theastaigh uainn gach saghas duine a thabhairt linn, Gaeilgeoirí san áireamh, ach gnáthphobal na hÉireann go háirithe, daoine cosúil liom féin a raibh Gaeilge na scoile acu, droch-Ghaeilge scoile dáiríre.
Theastaigh wanted
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.
Theastaigh uaim é a thabhairt I wanted to bring him
"Theastaigh uaim é a thabhairt abhaile liom, ach ní raibh a bhean chéile róshásta leis an smaoineamh sin.
ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta who wanted to demonstrate peacefully
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
a raibh círéib uathu who wanted a riot
" Níos tromchúisí ná sin, ba léir nach raibh léirseoirí síochánta – an tromlach mór – in ann smacht a choinneáil orthu siúd a raibh círéib uathu.
cén fáth go raibh sé uaim why I wanted it
" Bhí ort cead a fháil chun seoladh r-phost a aimsiú agus is cuimhin liom míniú don léachtóir Gaeilge s’agam céard ba r-phost ann agus cén fáth go raibh sé uaim.
gan uaithi ach uisce she only wanted water
" Bhí Miriam seacht mí agus gan uaithi ach uisce.
Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre parents wanted
" Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin.
bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach I wanted to get some degree
" Buadh orainn sa chluiche ceannais nuair a bhíos sa cheathrú bliain agus cúpla lá ina dhiaidh san bhíos imithe ón ollscoil! Bhíos dhá bhliain is fiche an uair sin agus bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach.
ní raibh faic uaim ach I wanted nothing more than
" Bhíos ag cur ana-spéis sa Ghaelainn mar ábhar acadúil, mar theanga agus ní raibh faic uaim ach a bheith aige baile, ag labhairt na Gaelainne agus i measc mo mhuintire féin.
ag iarraidh a bheith ina tréidlia wanted to be a vet
" Ar an dea-uair, tá sí á seinm go fóill ar bhonn proifisiúnta cé go raibh sí ag iarraidh a bheith ina tréidlia.
Ba mhian liom a chur in iúl dóibh I wanted to let them know
" Ba mhian liom a chur in iúl dóibh go raibh an t-ádh orthu go raibh deis oideachais acu, ach ní raibh mé in ann.
bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin he wanted to commit suicide
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
nach raibh uaidh he only wanted
" Dúirt Elgin nach raibh uaidh ach an saothar ársa a shabháil ó chreachadh agus mhaígh sé go bhfuair sé cead ón sabhdán Otamánach a rogha rud a dhéanamh leis na leaca dealbhóireachta seo.
bhí leithscéal uathu they wanted an apology
" Ar Facebook, Tumblr agus ar Twitter cuireadh feachtas ar bun le DiFranco a cháineadh agus bhí leithscéal uathu ina leith.
níorbh fhada óm’ bheola lear mór I really wanted to ask a lot of (questions)
" I bhfianaise scileanna síoda Ono, níorbh fhada óm’ bheola lear mór ceisteanna nuair a chéad chaitheas súil air, sa bheo, mar a déarfá, Aoine an Chéad Lá Samhna seo d’imigh.
Theastaigh uaidh he wanted
" Theastaigh uaidh fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann tar éis 1945 a bhéimniú freisin.