Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Murab ionann unlike
" Murab ionann is tíortha eile i Meiriceá Laidineach, caitheann cuid fear Ghuatamala feisteas traidisiúnta fosta.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus an duine féin, níor tháinig deireadh le fás cháil Morrison i 1971.
chan ionann agus unlike
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
murab ionann agus unlike
" Ach tá taobh eile ag an ainmhí seo, mar murab ionann agus formhór na gcat is ar an alcól a mhaireann sliocht an Tíogair Cheiltigh.
murab ionann agus unlike
" Ag díriú ar an cheol ======= Is beag tagairt a dhéanann léirmheastóirí na laethanta seo don chlár a bheith i nGaeilge, murab ionann agus sna blianta tosaigh.
ní hionann agus obair thaighde eile unlike other research work
" Tógann sé cuid mhaith ama agus níl mórán pléisiúir ag baint leis an chineál sin oibre, ní hionann agus obair thaighde eile.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Microsoft atá ag iarraidh córas síntiúis a chur i bhfeidhm áit a n-íocann tú bille gach mí chun éisteacht leis an gceol atá ar do ríomhaire, tá córas Apple níos solúbtha.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
murab ionann agus unlike
" Ach murab ionann agus an lucht léinn traidisiúnta - a shamhlaítear go minic mar dhaoine ardnósacha, i seaicéid bhréidín, atá scoite amach ón ngnáthshaol - is scoláire nua-aimseartha agus duine iontach cairdiúil í Anna.
murab ionann agus unlike
" Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
murab ionann is unlike
" Ní rud Meiriceánach, as Béarla amháin, é Wikipedia ach an oiread, murab ionann is a lán rudaí ar an idirlíon.
murab ionann agus an rógaire unlike the rogue
" Ar ndóigh, baineann formhór na ndaoine a úsáideann VoIP leas as an gcóras thar an tseirbhís leathanbhanda ar íoc siad féin as – murab ionann agus an rógaire a chonaic mé féin ar an tsráid.
murab ionann agus unlike
" Ba dheacair, i ndáiríre, gan a bheith tógtha leis an tír Anuas air sin, murab ionann agus tíortha eile na hEorpa i rith an tsamhraidh, ní raibh mórán turasóirí timpeall.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus go leor imreoirí eile, níor stop Donie de bheith gníomhach nuair a d’éirigh sé as an imirt.
murarbh ionann agus Manchester United unlike Manchester United
" Ach d’imir siad go maith, agus níor chuir siad náire ar dhuine ar bith, murarbh ionann agus Manchester United nuair a d’imir siadsan in aghaidh na nIodálach.
murab ionann unlike
" Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, unlike Bertie's evidence in front of the tribunal,
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
murab ionann agus an séasúr deireanach, unlike the last season,
" Tá atmaisféar dóchais ar an gcampas an fómhar seo, murab ionann agus an séasúr deireanach, nuair nár éirigh leo oiread agus bua amháin a bhaint amach.
murab ionann agus an lá inniu, unlike today,
" Bhíodh cead ag an am sin, murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc.
Murab ionann agus na himreoirí sin, unlike those players
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
murab ionann agus go leor ceoltóirí, unlike a lot of musicians
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
Murab ionann agus an tír seo, unlike this country
" Murab ionann agus an tír seo, tá ceart slí ag rothaithe ar raonta rothar i neart tíortha eile.
Chan ionann agus Conradh Nice, unlike the Nice Treaty
" Chan ionann agus Conradh Nice, measadh go mbeadh sé "mí-dhaonlathach" iarraidh ar phobail na dtíortha a dhiúltaigh don Bhunreacht vótáil in athuair, agus dá bharr sin, is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé an conradh úr a dhaingniú.
murab ionann agus Clinton, unlike Clinton
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil lucht an airgid ag tacú leis, murab ionann agus Clinton, arb í a gnáth-thoghthóir ná oibrí monarchan.
Murab ionann agus a réamhtheachtaí, unlike his predecessor,
" Murab ionann agus a réamhtheachtaí, tá cáil ar Cowen mar fhear atá sásta dul i ngleic le fadhbanna, cé nach bhfuil sé leath chomh garbh agus a bhí.
murab ionann agus an Eoraip unlike Europe
" Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú.
Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, unlike the fate of Tara
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Johnson, laochra ab ea Louis agus Owens toisc gur bhain siad bua amach ar son Mheiriceá agus toisc, is dócha, nach rabhadar mí-urramach i leith lucht bán na tíre.
Ní hionann é sin that's unlike
" Ní hionann é sin is a rá go bhfuil sé ar a gcumas leigheas a fháil orthu.
éagosúil leis unlike it
" Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
murab ionann unlike
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
ní hionann is unlike
" Níor bhuail sé duine ar bith, ní hionann is an chuid eile acu, ach an té a tharraing aird air féin as drochiompar, d’íocfadh sé ar bhealach eile.
ní hionann is unlike
" Níor bhuail sé duine ar bith, ní hionann is an chuid eile acu, ach an té a tharraing aird air féin as drochiompar, d’íocfadh sé ar bhealach eile.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus cohórt réabhlóideach na seanthuistí.
murab ionann unlike
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
Ní hionann unlike
" An Siopa Leabhair Ní hionann a bheith ag spléachadh ar Amazon.
Níorbh amhlaidh unlike
" Níorbh amhlaidh é do dhaoine eile.
chan ionann unlike
" Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.
murab ionann unlike
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
murab ionann unlike
" Bíonn sé de bhuntáiste ag tuairiscí nuachtáin go dtig iad a léamh agus a athléamh ar do shóchúlacht murab ionann agus tuairiscí teilifíse is raidió.
murab ionann unlike
" Agus murab ionann agus na hócáidí eile nuair a rinne sé ráitis mhóra thromchúiseacha eile, creideadh é an t-am seo.
Murab ionann unlike
" Agus bhí sí léi féin! Murab ionann agus mo mhacasamhail féin, ní chuireann míthuiscintí mar sin isteach uirthi a bheag nó a mhór.
le hais as against, unlike
" Ach ar a laghad, bhí siad ar son PR ‘ i bprionsabal’ le hais na gCoimeádach, atá glan ina aghaidh.
Murab ionann is unlike
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus gach áit eile sa Pháirc, ní fheicfí seamróg ar bith ann ná leipreachán, ná léine ghlas ná folt rua bréige, ná bricín beag ná mór.
murab ionann is unlike
" Mar is gnách, bhí agóid taobh amuigh de Stoirmhonadh an lá sin, ach murab ionann is ócáidí eile, ba in éadan chogaidh san Iaráic a bhí an ceann seo.
Ní hionann agus formhór unlike the vast majority
" ”* Na Cathaoirligh le hIosrael ============= Ní hionann agus formhór na Meiriceánach, tuigeann Netanyahu go maith an smacht atá ag rialtas Iosrael ar Chomhdháil SAM.
éagosúil le unlike
" Rachaidh buille an chroí atá ag an ollbhéar Meiriceánach nó atá ag an mbéar dubh Meiriceánach ó dhaichead nó caoga buille in aghaidh an nóiméid go dtí idir a hocht agus a dó dhéag achan nóiméad! An méid sin ráite, ní ísleoidh teocht an mhathúna mórán, éagosúil le hainmhithe eile.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus na hainmhithe eile, ní itheann siad ar chor ar bith le linn na tréimhse seo.
Ní nach ionann agus unlike
" Biseach ar an mBrasaíl =========== Ní nach ionann agus ceannairí eile de chuid na heite clé i Meiriceá Theas, áfach, níor chuir rialtas Lula an ruaig ar infheisteoirí ó thíortha iasachta.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus diamhracht an leasa áfach, d'aithin mé boladh an chaca a luaithe is a shiúil muid isteach sa chéad bhothán cónaithe! Bhí an díon an-íseal agus bhí an t-áras uilig lán deataigh.
éagosúil le unlike
" Tá stair na Briotáinise éagosúil le stair na Gaeilge.
murab ionann unlike
" ”* Ach murab ionann agus tuairisc Marshall dhá chéad bliain roimhe, is beag Meiricéanach a chuala iomrá ar *The Passionate Attachment: America’s Involvement with Israel, 1947 to the Present* a tháinig amach i 1992.
ní hionann unlike
" I measc na rannpháirtithe, tá fíor-thírghráthóirí Mheiriceánacha - ní hionann agus an dream a chaitheann brat SAM ar a mbrollach - ar nós Alison Weir, Philip Giraldi agus Jeff Blankfort.
murab ionann unlike
" Ach, murab ionann agus ainmhithe eile sa tír, caithfidh an triúr seo dul ar ais chuig an lochán nó an abhainn, chun tabhairt faoin síolrú.
ní hionann is unlike
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
ní hionann is mó dhála féin unlike myself
" Bhuel le bheith cruinn, caithfidh sé go léann na hiriseoirí seo nuachtán amháin ar a laghad in aghaidh an lae, ní hionann is mó dhála féin.
ní hionann unlike
" Is léir go dtuigeann Michael D na healaíona, ní hionann agus tromlach na bpolaiteoirí.
Murab ionann unlike
" Murab ionann an corcán meascaithe, nó leáite, na Stát Aontaithe, tugtar sailéid ilchineálacha ar na comharsanachta agus ar na fobhailte thart orainn.
Ní hionann unlike
" Ní hionann Sráid Bourbon agus na pictiúirí a shamhlaíonn tú, ámh.
le hais a sinsear unlike their forebears
" Bíodh is go bhfuil traidisiún láidir imirce sa Ghailís le céad éigin bliain, shílfeá gur leasc go mór leis an nglúin atá suas anois imeacht ón tír (agus a gceart sin acu) le hais a sinsear.
ní hionann is athrú an ghairm bheatha unlike one’s changing profession
" Tá fostaí na linne seo an-soghluaiste ar chuile bhealach, ní hionann is athrú an ghairm bheatha san am a chuaigh thart.
ní hionann is ionad oideachais unlike an educational centre
" Coláiste mar a Thuairisc? ========= Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais.
murab ionann agus unlike
" Is follasaí scoilteanna na Spáinne ná deighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile).
Ní hionann agus unlike
" Ní hionann agus eagrán 1958, níl tagairt ar bith i réamhrá an eagráin nua do chomhairle nó teagmháil leis an bpobal.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an cur chuige Tolamaes-each, áfach, tig linn ‘Kopernik-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige radacach ar bith a dhiúltaíonn do chrapall an aon pharaidím tuisceana amháin agus a thugann scóip do shaoirse na samhlaíochta d’fhonn réiteach nua a aimsiú—más féidir.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an t-earra nó an ‘it’ réamhluaite, mothúchán nó braistint theibí is ea grá.
murab ionann is go leor eile unlike many others
" Na Cosa ag Éileamh ========= Poll eile sa chárta ach murab ionann is go leor eile, bheartaigh muid gan stad ag an loch le greim a ithe.
Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe unlike the Roman withdrawal
" Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta.
Murab ionann is unlike
" Cothroime don Aonteangachas Bhéarla ================ Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile.
Murab ionann is gort na moráltachta unlike the world of morals
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga unlike the young drunken louts
" Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana.
Murab ionann agus unlike
" Murab ionann agus Gatherings na hÉireann, ní bhítear ag súil le hairgead ón Rialtas lena rith, ná ní bhíonn an Rialtas ag súil le go gcaithfear mórán airgid acu.
Chan ionann agus lucht unlike the people
" Chan ionann agus lucht an *X-Factor* a bhfuil a n-uaillmhian uilig beagnach bunaithe ar chlú agus cáil agus ar an mhaoin saolta, deir Úna go mothaíonn sí go bhfuil rath uirthi má tá sí ábalta codladh istoíche agus fios aici go ndearna sí rud éigin chomh maith agus a b'fhéidir léi.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ba phlean oibre teoranta a bhí ann le spriocanna ama a bhain leis an ghearrthréimhse seachas leis an todhchaí.
ní hionann agus unlike
" Chuir an oíche aimsir m'óige i gcuimhne dom nuair is tír gan Bhéarla a bhí sa mBreatain Bheag dar liom, ní hionann agus Éirinn, áit a raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua.
Murab ionann unlike
" Murab ionann agus Bryan O Brien thuas, grágheal Mary, tharla go raibh, agus go bhfuil fós, na cáipéisí cuí – ‘conar na bpáipéirí’ in irischaint na linne – im’ sheilbh.
ní hionann agus unlike
" Is tír í an Pholainn a mbítear ag gréasaíocht agus ag tincéaracht agus ag deisiúchán inti fós, ní hionann agus i dtíortha an rachmais.
Murab ionann is an gobadán unlike the sandpiper
" Murab ionann is an gobadán, bíonn sé in ann an dá thrá a fhreastal.
murab ionann agus roinnt unlike some
" Agus tá mo chuid paidreacha ar eolas agam, murab ionann agus roinnt daoine eile.
Murab ionann is unlike
" Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.
Ní hionann unlike
" Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile.
ní hionann is unlike
" Amhrán náisiúnta aon teangach Béarla atá ag an Astráil, ní hionann is ceann na Nua-Shéalainne a bhfuil leagan Maoraise de ar fáil chomh maith.
Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim unlike spying or a secret war
" Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.