Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ríocht Aontaithe United Kingdom
" Tá an turasóireacht ag cailleadh £200 milliún gach seachtain sa Ríocht Aontaithe, mar shampla, agus is fiú dhá oiread í mar thionscal ná an fheirmeoireacht, ach níl sí ag fáil na tacaíochta céanna ón rialtas.
Ríocht Aontaithe United Kingdom
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
straitéis aontaithe agreed/united strategy
" Cén fáth ar bunaíodh é? Mhothaigh daoine go raibh géarghá le fóram daonlathach agus straitéis aontaithe do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.
aontaithe united
" De réir shuirbhe an Guardian/ICM tá 41% de mhuintir na Breataine i bhfábhar Éire aontaithe agus níl ach 26% sásta go bhfanódh Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht aontaithe.
Ríocht Aontaithe United Kingdom
" I mí na Nollag 2000, bhí eagarfhocal sa nuachtán ag rá go mba chóir go mbeadh reifreann sa Ríocht Aontaithe ar cheist an mhonarcachais.
Ríocht Aontaithe The United Kingdom
" I mí na Nollag 2000 bhí eagarfhocal sa nuachtán *The Guardian* ag rá go mba chóir go mbeadh reifreann sa Ríocht Aontaithe ar cheist an mhonarcachais (www.
aontaithe united
" Dúirt sí gur chuidigh an suíomh léi mar gur chuir sé i gcuimhne di go raibh sí aontaithe le daoine timpeall an domhain, cé go raibh sí chomh deighilte sin amach ó chreidmhigh eile.
hEimiríochtaí Aontaithe Arabacha United Arab Emirates
" Deinim amach gurb é seo an t-aon áit sna hEimiríochtaí Aontaithe Arabacha go léir ina bhfaighfeá bagún - go maithe an Fáidh dhom é.
na Ríochta Aontaithe the United Kingdom
" Tá 15 cheadúnas tugtha amach ag an Údarás Raidió do stáisiúin mar sin ar fud fad na Ríochta Aontaithe, mar a thugtar air.
Ríocht Aontaithe The United Kingdom
" Tá *hit list* sa bhaile agam féin - *Dod's Parliamentary Gazette* an t-aimn atá air, agus tá ainm agus seoladh gach polaiteora sa Ríocht Aontaithe ann.
na Náisiún Aontaithe The United Nations
" Tháinig fórsaí na Náisiún Aontaithe faoi cheannas na hAstráile i gcabhair ar na daoine.
a aontóidh which will unite
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe the United Nations report criticized
" Íocaíochtaí arda ======= Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe méid na suimeanna airgid atá á n-íoc de bharr cásanna clúmhillte sa stát seo.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe The United Nations Security Council
" Tá an tuairim ann freisin go mbaineann an seasamh faoi láthair le hainmniúchán na tíre seo ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Éire aontaithe a bhaint amach to achieve a united Ireland
" Mar sin, ainneoin go raibh poblachtánaigh - Sinn Féin, ach go háirithe - meallta i dtorthaí an daonáirimh, tchí siad go bhfuil an tionscadal mór atá á stiúradh acu - Éire aontaithe a bhaint amach - ag dul sa treo cheart, dar leo.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Is é "struchtúr aoise" Thuaisceart Éireann an ceann is óige sa Ríocht Aontaithe.
athaontú na tíre the re-uniting of the country
" Ní leor é tromlach simplí má vótálann móramh beag de mhuintir na Sé Chontae ar son athaontú na tíre; tá neamhsheasmhacht pholaitiúil tuartha ag aontachtaithe.
i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in the United Nations Security Council
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
údarás na Náisiún Aontaithe authority of the United Nations
" B'fhéidir gurbh é an rud ba mhó a chuir iontas ar dhaoine ná go raibh formhór na sluaite a bhí ag máirseáil i gcoinne na cogaíochta, cuma an raibh údarás na Náisiún Aontaithe ag baint leis nó nach raibh.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
rúin na Náisiún Aontaithe the United Nations' motions
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe the United Security Council
" Íorónta go leor, rinneadh iarracht taipéis a léirigh macasamhail "Guernica", saothar cumhachtach Pablo Picasso, a chur i bhfolach in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar na mallaibh nuair a bhí toscaire an Tí Bháin, Colin Powell, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe United Nations Security Council
" Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis.
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha United Arab Emirates
" Tá easpórtáil earraí Éireannacha chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ag fás 20% le tamall de bhlianta anuas.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Tá 77,500 duine fostaithe acu ar fud an domhain, 2,300 acu sa Ríocht Aontaithe.
aontaithe united
" An smaoineamh a bhí ag an rialtas ná an gás a dhíol le Meicsiceo nó leis na Stáit aontaithe.
chomh haontaithe sin that united
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dúirt rialtas nua na Spáinne go dtabharfar a gcuid saighdiúirí siúd abhaile i mí Iúil mura bhfuil na Náisiúin Aontaithe i gceannas.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" In Éirinn, an ghnáth-ardíocaíocht in aghaidh an éilimh ná €19,000, i gcomórtas le €1,600 sa Ríocht Aontaithe.
a aontú to unite
" Ach cad é mar a d'éirigh leo sin a dhéanamh nuair nár éirigh leo fós aon tírín beag amháin a aontú? Nó aon rialtas amháin a aontú? Nó, go fiú, aon pháirtí beag baoideach amháin a aontú? Sin ceist do na saineolaithe - nó b'fhéidir do na síceolaithe - nó b'fhéidir do na diagairí.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Ba bhreá liom oibriú sa Ríocht Aontaithe nó sna Stáit Aontaithe.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Cuireadh tús leis an duais i 1984 le hónóir a thabhairt d'ealaíontóirí faoi chaoga bliain d'aois atá ag obair sa Ríocht Aontaithe, nó d'ealaíontóirí ón Bhreatain atá ag obair thar lear, agus bronntar seic £20,000 gach bliain ar "shaothar atá ar ardchaighdeán" a cruthaíodh sa bhliain roimhe sin.
aontaithe united
" Ar bhealach áirithe is é sin a dhéanann CLG láidir, aontaithe agus speisialta, ach is mar gheall air sin go bhfuil daoine ag dul i muinín na gcúirteanna freisin.
Sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" "Sa Ríocht Aontaithe, faigheann freastalaí amháin, nach gcaitheann tobac é féin, bás gach seachtain mar gheall ar chaitheamh fulangach," a dúirt sí.
Éire Aontaithe United Ireland
" Chan amháin go raibh siad ag troid ar son Éire Aontaithe ach bhí Poblacht Shóisialach mar aidhm acu fosta.
athaontú re-uniting
" Agnóisithe Caitliceacha agus Protastúnacha ag imirt le chéile, an seicteachas díbeartha, sástacht go bhfuil ag éirí go maith le foireann na Poblachta ach nach bhfuil athaontú na tíre ar na gaobhair.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Ba Mheiriceánach a bhí go maith i mbun ríomhairí, Michael Hussey, a chruthaigh an suíomh in 2001, agus anois tá scoileanna i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe, agus in Éirinn, chomh maith leis na Stáit Aontaithe, luaite air.
aontaithe united
" An ndéanfaidh Éire aontaithe difear ar bith? An gcuirfear an ruaig ar Marksies agus Burger King? Beag an baol.
aontaithe united
" Déarfar, a bhuíochas don IRA, go bhfuil Éire shaor, aontaithe ar na gaobhair ach gur mithid anois an chuid dheireanach den bhealach a shiúl gan na gunnaí.
dathanna na Ríochta Aontaithe the colours of the United Kingdom
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
na hÉireannaigh Aontaithe the United Irishmen
" Ghlac na hÉireannaigh Aontaithe an mionna ar Chnoc na hUaimhe i dtuaisceart Bhéal Feirste troid a chur ar Shasana, ach ag an am chéanna, Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile.
aontaithe united
" Bheadh sé i bhfad níos fearr, a deirtear sa tuarascáil, dá mbeadh sraith aontaithe le sraith Carnegie an tuaiscirt i gceist.
Ríocht Aontaith United Kingdom
" Bréag, a deirim, mar ó Acht na hAontachta in 1800 bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe - chomh Briotanach le Lancashire, áit a raibh an daonra ag méadú go gasta fosta.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Chuir sé iontas an domhain uirthi nuair a fuair sí scéala go raibh an dara leabhar sin ar ghearrliosta an Orange Prize for Fiction, ceann de na duaiseanna liteartha is mó gradam sa Ríocht Aontaithe.
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha the United Arab Emirates
" I mí Feabhra na bliana seo, bhagair beirt cheannairí Phoblachtánacha na dtithe parlaiminte go tréan is go trodach ar an uachtarán athmhachnamh a dhéanamh ar a phlean chun bainistíocht roinnt calafort a thabhairt do chomhlacht ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe United Nations observers
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad that stand for the United Nations
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Tá an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí sa Ríocht Aontaithe ó thuaidh agus tá an leibhéal is airde dífhostaíochta i measc daoine óga ó thuaidh fosta.
sa Ríocht Aontaithe in the United Kingdom
" Leoga, scríobh iriseoir leis an *Guardian* gur dhúirt ceannaire an Bhoird Póilíneachta, Sir Desmond Rea, go raibh an córas rialaithe is fearr sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann, áit a dtiocfadh leo oifigigh – agus oifigigh MI5 san áireamh – a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.
sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, in the struggle towards a united Ireland,
" Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo.
an Ríocht Aontaithe the United Kingdom
" ) Aon mhilliún déag paisinéirMá bhí srianta móra sa chonradh déthaobhach Éireannach, tá srianta eile sa chonradh idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe.
fís na hÉireann Aontaithe the vision of the United Ireland
" Beidh ar phoblachtánaigh an bhearna sin idir fís na hÉireann Aontaithe a d’fhoghlaim siad ó ghlúin na 1940í agus na 1950í agus Tíogar Ceilteach an tríú mílaois a líonadh.
murarbh ionann agus Manchester United unlike Manchester United
" Ach d’imir siad go maith, agus níor chuir siad náire ar dhuine ar bith, murarbh ionann agus Manchester United nuair a d’imir siadsan in aghaidh na nIodálach.
thar na Náisiúin Aontaithe past the United Nations
" Níl cead agat rothaíocht thar na Náisiúin Aontaithe ar an rian rothar a thuilleadh, ach is féidir leat sráideanna na cathrach a úsáid.
i mbéarlagair na Stát Aontaithe in the slang of the United States
" Tugann Cassidy mórán samplaí d’fhocail Bhéarla atá i mbéarlagair na Stát Aontaithe agus is fíor go bhfuil na leaganacha Gaeilge a aimsíonn sé iontach cosúil leis an Bhéarla ó thaobh fuaime agus brí de.
na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe the United Gay Irish Speakers
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
idir ollscoileanna na Stát Aontaithe between the universities of the United States
" Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe ó shin i leith.
chun na Stát Aontaithe to the United States
" Ghnóthaigh an scannán gradam an Directors Finders, mar shampla agus ag deireadh mhí Mheán Fómhair taispeánadh Kings i bpictiúrlann an Director’s Guild of America ar Sunset Boulevard in Los Angeles do lucht féachana ina raibh dáileoirí agus gníomhaithe – daoine a mbeadh sé ar a gcumas, b’fhéidir, an scannán a thabhairt chun na Stát Aontaithe agus sprioc gach léiritheora agus stiúrthóra a bhaint amach do Collins.
mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe as a remote little corner of the United Kingdom
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
nithe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe trí chéile things to do with the United Kingdom as a whole
" Choinneodh Feisirí as Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann a gcuid suíochán i dTeach na dTeachtaí ach ní bheadh cead vótála acu ach i nithe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe trí chéile ar nós cúrsaí cánach, gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta.
Ríocht Aontaithe United Kingdom
" Ghlac 7,000 duine páirt sna trialacha don chlár “You're a Star” an bhliain seo caite, agus ghlac níos mó ná 200,000 duine ón Ríocht Aontaithe agus ó Éire páirt sna trialacha don chlár “The X-Factor”.
na Náisiúin Aontaithe the United Nations
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
iarracht fholaitheach na Stát Aontaithe clandestine efforts of the United States
" Ba í uasaicme na tíre – na Lámaí ina measc – ba mhó a chabhraigh le hiarracht fholaitheach na Stát Aontaithe an ruaig a chur ar na Sínigh.
an Ríocht Aontaithe the United Kingdom
" Tá diandéiríocht i ndiaidh a bheith ar siúl sa chontae áirithe seo le blianta fada anuas, ach go mór mór ó chuaigh an Ríocht Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973.
guth aontaithe united voice
" Ach is dócha gurb é an cur chuige atá agam agus mé i mbun cúis a chur chun cinn ná go ndéanaim na daoine ar fad a bhfuil comhchúspóir ar leith acu a thabhairt le chéile le go mbeidh guth aontaithe i gceist.
Ní neart go cur le chéile, united we stand,
"Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
an Ríocht Aontaithe. the United Kingdom.
" Ní bheadh ach 7 vóta ag Éirinn, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Liotuáin agus an tSlóvaic i gcomparáid le 29 vóta an ceann ag an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" “*The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!”* dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am.
guth aontaithe united voice
" Tá a fhios ag Rudd chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadh – agus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.
údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe. authorised by the United Nations
" Chomh maith le sin, bhí an freasúra, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, glan in aghaidh an ionraidh de bharr nach raibh sé údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.
Prótacal na Náisiún Aontaithe Protocal of the United Nations
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
Náisiúin Aontaithe United Nations
" Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
aontódh would unite
" Is beag eile a aontódh Martin McGuinness, Ruairí Ó Brádaigh agus Thomas ‘*Slab*’ Murphy ar na saolta seo, ach bheidís uile ar aon fhocal faoi Ken Loach, creidim.
aontaíonn unites
" In ainneoin an eitneachais a aontaíonn na Batwa, níl teanga amháin dá gcuid féin acu.
aontú unite
" Tá gach duine sa tuaisceart faoi bhagairt an bháis ag dream nach dtig leo glacadh leis go bhfuil am an fhoréigin thart agus a chreideann, ainneoin na fianaise uilig ina éadan, gur féidir Éire a aontú fríd urchar a loscadh i gcloigne daoine.
aontaithe united
" Stáit Easaontaithe Mheiriceá ============= Go deimhin, tá an t-am thart go bhféadfaí caint ar Mheiriceá atá aontaithe trína mheáin, mar a bhíodh sé, beag ná mór, suas go dtí na hochtóidí.
nÉireannach Aontaithe United Irishmen
" Chuir sí féin agus a cara Anna Johnston nuachtán dar teideal Shan Van Vocht in eagar ó 1896-1899 inar cuireadh ábhar Gaelach na linne chun cinn, ó chomóradh céad bliain Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe go cluichí Gaelacha.
gcumascfaidh shall unite
" An é go gcumascfaidh siad le páirtí beag eile ar an eite chlé? Nó an é go bhfágfar cruth briste ar pholaitíocht na hÉireann gan againn ach páirtí mór amháin agus roinnt mionpháirtithe?
Neart an Chur Le Chéile strength in uniting
" Neart an Chur Le Chéile ============= Tá na Samaritans ag tosú ar chomhoibriú le heagraíochtaí eile anois toisc éileamh níos mó ná riamh ar a gcuid seirbhísí agus níos lú airgead acu chun an chabhair a thabhairt.
Nascghabhadh was occupied by uniting
" Nascghabhadh an Nua-Shéalainn sa bhliain 1840 mar chuid den Astráil agus bhunaigh coilíneach ar leith ann an bhliain dár gcionn.
aontaithe ag united by
" An dúil trasphobail atá ag muintir Chúige Uladh sa rugbaí, an comhartha é go bhfuil ‘an dá phobal’ ag teacht le chéile, aontaithe ag cluiche a bhfuil ráchairt air ó na 1860í ar aghaidh ach a bhí ceangailte leis an Phrotastúnachas agus leis an Aontacht ar fheadh bhunús an ama sin? Ní hea.
ceardchumainn aontaithe trade unions united
" Mhaígh an cairdinéal go raibh an reachtaíocht ‘ainchríostúil’, ach bhí na páirtithe polaitíochta agus na ceardchumainn aontaithe i bhfabhar an achta.
Nead Éireannach Aontaithe a nest of United Irishmen
" N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800? Nead Éireannach Aontaithe =========== Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
ar bhonn comhaontaithe on a united basis
" Is mithid gníomhú anois ar bhonn comhaontaithe sula mbeidh sé rómhall.
aontaithe in uair na cinniúna united in fateful times
" An tír nach bhfuil in ann í féin a riaradh agus a rialú mar is ceart, cén chaoi a mbeadh sí aontaithe in uair na cinniúna? Cén chaoi a mbeadh sí in ann polasaithe fad-téarmacha éifeachtacha a chur le chéile? Ní Mór an Cath a Throid ======== Is cinnte go bhfuil fórsaí cumhachtacha domhanda ag brú an daonlathais as a riocht.
Éire aontaithe united Ireland
" Measann Robert McMillen go bhfuil Éirinn ar fad go mór faoi smacht ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus ag an ollchultúr Angla-Mheiriceánach agus nach n-athróidh sé seo, fiú má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo.
faoi choimirce na Náisiún Aontaithe under the auspices of the United Nations
" Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.
ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe representative of the Queen of the United Kingdom
" Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.