Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá drochsheans it is unlikely
" Dá mbeifeá i d'fhoghlaimeoir Gearmáinise agus tú as tír ina labhraítear Béarla, tá drochsheans go bhfaighfeá deis do chuid Gearmáinise a chleachtadh sa Ghearmáin.
ní móide go it is unlikely
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
Is éadóigh it is unlikely
" Is éadóigh go bhfuil córas ar bith saor ó locht.
Is éadóigh it is unlikely
" "Is éadóigh go mbeifí ag súil le Gaeilge ó dhuine de mo shloinnese, b'fhéidir," a deir sé faoi féin, "ach tá sí sa dúchas ionam ar thaobh mo mháthar.
go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil that it was unlikely that these people would win a court case
" Fuair an rialtas tuairim ó dhlíodóirí go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil.
Ní móide go mbuafaimid aon rud, it is unlikely we will win anything
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, it is unlikely that philanthropy was the reason for the generosity of the extremely wealthy speculator
" Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, áfach.
ní móide hardly/it's unlikely
" Má fuair Rahm an dearcadh ciníoch atá ag a athair, ní móide go mbeidh cead isteach ag mórán Arabach a fhad is a bheidh sé ag bainistiú an Tí Bháin.
nach móide not likely, unlikely
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
ar éigean unlikely
" Ní hamháin nach bhfuil taithí ag Étaoin ar shaol na ndrugaí, is ar éigean atá taithí aici ar an ól.
Drochsheans unlikely
" Drochsheans go leanfar, áfach, ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás siocair gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann a bheadh ag freastal ar chur chun cinn na teanga sna fiche sé chontae ina iomláine.
caolsheans it's unlikely
" Más faoi bhun an tríocha bliana d’aois thú, caolsheans go gcuimhneoidh tú ar Chogadh na nOileán Falkland.
Ní móide unlikely
"Ní móide go mbeadh cogadh san Iaráic le seacht mbliana anuas murach an pháirt a bhí ag leithéidí Wohlstetter, Perle, Kristol, Kagan, Wurmser, Wolfowitz, Lieberman, Frum, Netanyahu, Zelikow, Libby, Sharon, Feith agus Lewis.
gan dealramh unlikely
" Chuir an sprioc gan dealramh maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 faoin mbliain 2020 iontas orm.
Caolsheans it’s unlikely
" Caolsheans áfach go mbeidh gach duine de laochra na gceithre chraobh as a chéile le feiceáil i mbun coimhlinte arís.
drochsheans very unlikely
" Bhain manaí ar nós "Go leor déanta, níos mó le déanamh" cáil amach don pháirtí san am a chuaigh thart, ach drochsheans go nglacfar le geisfhocail dá leithéid ariamh arís.
is éadocha is unlikely
" Ba bheag an rath a bhí uirthi ag cruthú postanna san am atá thart agus is éadocha go bhfuil siad inchurtha leis an dúshlan inniu.
ní móide it’s unlikely
" Cé gur bhris Cantor dlí SAM – Achta Logan – ní móide go gcuirfear an dlí air.
Ní móide go it was unlikely
" Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.
ní móide hardly, unlikely
" Ritheann traenacha phaisinéirí ar 20,000 míle de línte anois sna Stáit Aontaithe, ach ainneoin na dtranglam tráchta i ngach cathair sa tír, ní móide go dtógfar níos mó línte go luath.
is beag an baol is very unlikely
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
Drochsheans it’s unlikely
" Drochsheans go ndéanfainn réiteoireacht ar Chraobh na hÉireann dá ngabhfainn go Meiriceá.
Ní dóiche it’s unlikely
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
Ní móide it’s unlikely
" Ní móide go bhfuil cead in áit phoiblí, san Ungáir féin, glacadh le geall gan cheadúnas.
Caolseans it’s very unlikely
" Caolseans go dtarlóidh an méid sin go luath.
Is rí-éadócha it’s most unlikely
" Is rí-éadócha nár léigh Peter Robinson Mo Bhealach Féin ach thuigfeadh sé an chéad abairt ann.
ngaol mídhóchúil unlikely love
" Táid ann freisin nach gcreideann go bhféadfaí go mbeadh bunús fírinneach faoin ngaol mídhóchúil idir Natalie agus Markus.
Caolsheans it’s very unlikely
" Caolsheans go bhfeicfimid mórán dul chun cinn in Éirinn ag na Cluichí Geimhridh mura ndéantar spóirt oifigiúla de shnámh portaigh, d’iomrascáil báistí nó de dhíospóireacht faoin aimsir.
Ní baol it’s unlikely
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
ní móide it’s unlikely
" Más ann do lucht cúise i gcónaí i measc na bpeileadóirí seo, ní móide go rachadh a bhformhór le harm ar son na cúise céanna.
caolsheans it’s very unlikely
" Pé uair a éiríonn sé as a bheith ag imirt, agus b’fhéidir nach fada uainn an lá sin, caolsheans go bhfeicfear a shárú ar pháirc rugbaí go ceann i bhfad.
Ní dóigh it’s unlikely
" Ní dóigh go mbrúfaí ceist dá cineál chun cinn sa Dáil mar ní ceist mhór pholaitíochta é.
Cé nach dócha although it’s unlikely
" Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh 'Rialtas Náisiúnta' idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn.
ar éigean it’s unlikely, hardly
" Is í mo thuairim gur ar éigean go bhféadfadh caighdeán an cheoil a bheith níos airde ná mar atá sé faoi láthair.
is beag seans it’s unlikely
" Labhraíonn na buíonta seo Béarla don chuid is mó agus mar sin is beag seans go gcaithfidís vóta ar son páirtí gur mhaith leis neamhspléachas don Stát Francach a bhaint amach, agus cearta teangan daigne ar son na Fraincíse a chur i bhfeidhm.