beag an baol
hardly likely
Mar sin, seo daoibh mo fhreagra ar an gceist "An féidir le duine Gaeilge a fhoghlaim as focail amhrán?":
beag an baol!
Seoltaí tábhachtacha
=======
Bhí mise tinn tuirseach den staid sin ach tháinig an-mhisneach chugam, chuir mé faics chuig ambasáid na hÉireann sa Ghréig agus fuair mé seoltaí tábhachtacha in Éirinn uathu.
tá gach cosúlacht ar an scéal
it appears likely
Agus
tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfaighidh siad an leath eile faoi cheann dhá bhliain eile.
cé gur doíchíde
although it is likely
Agus, go deimhin, táim féin agus Pádraig ag obair don tSeirbhís Oidhreachta anois,
cé gur doíchíde ná beadh aon aithne againn ar a chéile murach ár n-aithne ar Bharra.
ródhóchúil
too likely
Dúirt Scappaticci ag preasócáid gur mhian leis gnáthshaol a bheith aige aris, ach thuig sé nach raibh seo
ródhóchúil: "Cén dóigh a dtiocfadh liom dul ar ais go dtí an dóigh a raibh rudaí?" ar seisean.
tá chuile chosúlacht ar an scéal
it seems very likely
25% faoi láthair) agus
tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh siadsan ag ardú as seo go ceann dhá bhliain nó trí, is cuma cé a bheas i mbun rialtais.
níos dóchúla
more likely
Rud atá
níos dóchúla, b’fhéidir, ná go dtógfar raon níos lú ar dtús mar thriail, idir Dún Éideann agus Glaschú, mar shampla (turas aon nóiméad déag!), agus an líne iomlán ina dhiaidh sin.
níos dóchúla
more likely
Rud atá
níos dóchúla, b’fhéidir, ná go dtógfar raon níos lú ar dtús mar thriail, idir Dún Éideann agus Glaschú, mar shampla (turas aon nóiméad déag!), agus an líne iomlán ina dhiaidh sin.
is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Dá ndéarfá ag an am sin gur gearr go mbeadh muid ag dul go Meiriceá gach bliain le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh,
is dócha ná a mhalairt go mbeadh daoine ag moladh go gcuirfí i dteach na ngealt thú.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit
the likely layout of the place
Léiríonn an mhionsamhail
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit
the likely layout of the place
Léiríonn an mhionsamhail
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit
the likely layout of the place
Léiríonn an mhionsamhail
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
Is dócha ná a mhalairt
it is more than likely
Is dócha ná a mhalairt go mbeadh siad 15 suíochán gann ó mhóramh iomlán.
an toradh is dóichí
the most likely outcome
Is é
an toradh is dóichí sa toghchán, ámh, ná go mbeidh cothromas suíochán idir an dá pháirtí, nach mór.
is dóchúla
most likely
Is iad
is dóchúla a bheith ar an dream deiridh sin: fir, aois idir 35-64 agus iad ina gcónaí i limistéir uirbeacha.
Ar éigean é
hardly likely
An mbeidh 80,000 duine i láthair?
Ar éigean é ach is cinnte go mbeidh beagnach chuile dhuine as Baile Locha Riach ann agus seans maith go n-ardóidh siad cúpla véarsa de “The Fields of Athenry”, a gcéilí comhraic i gcraochchluiche an chontae, roimh dheireadh an chluiche!
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
níos dóchúla
more likely
Tá sé
níos dóchúla go n-éireodh lena leithéid d’éileamh ná go n-éireodh le feachtas chun SUVanna a dhíbirt ó na bóithre – cé go mbeadh go leor daoine i bhfabhar an bheartais sin freisin.
is dócha ná a mhalairt
it is more likely than not
I dtír ar bith eile
is dócha ná a mhalairt nach mbronnfaí cead pleanála ar aon fhorbairt a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis.
gur dócha ná a mhalairt
that it is highly likely
Deir an eagraíocht fosta
gur dócha ná a mhalairt go bhfaighidh an té a dhíolann airgead den chineál sin an tuairisc atá de dhíobháil air!
Titeann sé ina dhiaidh sin ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith na díolúine a chur i bhfeidhm.
Ba mhó ba chosúil go raibh.
it seems most likely that they were
An raibh siad féin ag ól, mar shampla?
Ba mhó ba chosúil go raibh.
Níl an chosúlacht ar an scéal
it doesn't seem likely
”
Cad é atá i ndán do na fir seo mar sin? An éireoidh leo caidreamh le fíorbhean a bheith acu riamh, nó an fearr leo a bheith le bean a bhfantaisíocht, cosúil lenar tharla do Andrew McCarthy sa scannán sin de chuid na n-ochtóidí *Mannequin*?
Níl an chosúlacht ar an scéal go dteastóidh fíorbhean ó Davecat riamh.
Ní móide
it is not likely
Ní móide gurbh é an fiadhúlra an chloch ba mhó ar phaidrín leithéidí Mobuto, Abedi, agus Ludwig.
is beag an baol
not likely
Ach
is beag an baol go n-éireoidh sé as.
Beag an baol
not likely
Mar a tharla, níor bhain Hamas feidhm as an airgead ar son na sceimhlitheoireachta, ach cuir i gcás go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta le bheith ann, an ndéarfadh rialtas SAM gur chabhraigh a chuid airgid le Hamas é a chur i gcrích?!
Beag an baol.
Níl ná baol
air not likely
Níl ná baol air, cé go bhfuil sé i bhfad níos goire don daonlathas ná mar atá an Araib Shádach, lena bhfuil dlúthchairdeas ag Meiriceá.
ná geall leis
not likely
An mbíodh air dul a chodladh chomh luath sin istoíche gur cuireadh isteach ar an saol sóisialta, gan trácht ar an saol teaghlaigh? “Ní théinn a chodladh go luath istoíche,
ná geall leis! D’fhaighinn tuairim is cúig uair an chloig de chodladh san oíche agus chodlaínn dreas i rith an lae.
nach móide
not likely, unlikely
Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir
nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
gur dócha
it's likely
Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé
gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
ná baol air
not likely
Níl iomrá ar bith ach an oiread ar theorainneacha na Gaeltachta a atarraingt,
ná baol air.
is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Gan deighilt ná idirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus
is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.
Ni dócha
it's not likely
Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland.
is baolach
it's more likely
Ach coscann cruatan féile agus
is baolach gur beag cluas éisteachta a thabharfar dóibh.
ní móide
hardly, not likely
Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach
ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
ní móide
it's not likely
Cé go bhfuil go leor fianaise ann go bhfuil contúirt ag baint le vacsaíniú ar bith,
ní móide go gcloisfidh tú mórán faoin scéal sin sna mórmheáin.
ná baol air
not likely
Ní haon drochrud é seo mar ba léir nach raibh sé ag feidhmiú mar 'Pharlaimint na Gaeltachta',
ná baol air.
ná geall leis
not likely, no way
Níorbh fhada go raibh pobal nua Chambacuá beo ar an bhfeirmeoireacht agus cé go ndeachaigh cultúr na tíre nua i bhfeidhm orthu, níor thug siad droimh láimhe leis an dúchas Afracach,
ná geall leis.
Is baolach
it's most likely
Is baolach ar fad a bhíonn sé tar éis múr fearthainne.
Chuile sheans
very likely
html )
Chuile sheans nár chuala tú mar gheall air, ach tá an ‘Brúghrúpa ar son Iosrael’ sa Bhruiséil chomh maith ag iarraidh an tionchar céanna a imirt ar bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh.
is dóichí
it's most likely
Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea
is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.
Beag an baol
not likely
"
"
Beag an baol" a shíl mé dom féin, agus an compás i mo lámh agam i rith an ama le barr amhrais.
ná geall leis
nor likely
Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Emberá in iarthuaisceart na Colóime chomh maith le 22,000 díobh trasna na teorann i bPanama agus níorbh é ionradh na bliana seo caite an chéad uair ar chuimil an mí-ádh leis an bpobal seo,
ná geall leis.
ná baol air
not likely
Ní féidir a shéanadh go ndearna formhór mór na ngnáth-Ollannach neamhshuim d’inimircigh ar feadh blianta; ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil daoine de bhunadh inimirceach sa tír sa lá inniu atá ag iarraidh aird a tharraingt ar bhealaí nach bhfuil le moladh,
ná baol air, ach a ghlanmhalairt.
is dócha ná a mhalairt
it’s more than likely
In Éirinn, áfach, mura mbronntar díolúine air
is dócha ná a mhalairt go gcaithfidh an gnáth-Éireannach suas le trí bliana déag ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.
ní raibh
aon bhaol was not likely
Saolaíodh mé ann agus saolaíodh ar an mbaile féin mé mar
ní raibh aon ospidéal ann an uair sin.
is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Ach ainneoin seasamh ard an pháirtí sna pobalbhreitheanna,
is dócha ná a mhalairt gur i gcomhrialtas a bheidh siad.
Beag an baol
no way, not likely
Beag an baol! Creideann Adam cóir go bhfuil sé maith go leor le háit a fháil ar fhoireann Fabio Capello.
féideartha
likely
Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí
féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
is cosúla ná a mhalairt
it seems more than likely
In ainneoin na mbotún ar fad atá déanta aige; i ndiaidh go ndearna sé cac de gach buntáiste polaitiúil a bronnadh air le blianta beaga anuas,
is cosúla ná a mhalairt go mbeidh sé ina chéad Taoiseach eile.
fíora agus féideartha
real and likely/possible
Conas is féidir le teicneolaíocht teacht i gcabhair leat is tú ag cur na ndifríochtaí seo i bhfeidhm ar do chustaiméirí,
fíora agus féideartha? Seo seacht nod don siopadóir, nó na rudaí a dhéanfainn féin dá n-osclóinn féin siopa amárach.
nach móide
it’s not likely
Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir
nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil.
Is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!)
Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo.
ba bheag an baol
not likely
Ach
ba bheag an baol a bhí ann go bhfaighimis é.
Ní dócha
not likely
Ní dócha.
i mbaol a chaillte
likely to lose it
An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh!
=======================
Maidir leis an Fhrainc, is léir gur mó an spéis atá ag Nicholas Sarkozy in olltoghchán na bliana seo chugainn (a bhfuil sé
i mbaol a chaillte) ná mar atá aige i réiteach ar bith a fháil ar mhórfhadhbanna na hEorpa.
Ná baol air
not likely
Ná baol air.
ná baol air
not likely
**‘Not Dark Yet’,
ná baol air.
Is dóichí ná a mhalairt
more likely than not
Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil baint ag comhlachtaí in Éirinn leis an mharú thoir is ó dheas uainn.
Is é is dóichí ná a mhalairt
it’s more than likely
Is é is dóichí ná a mhalairt, nach raibh a fhios ag Qathafi féin, cé mar a sheasfadh an cheannasaíocht ina leith go dtí gur thit cathair Tripoli faoin bhuamáil uilig.
ní móide go mbronnfar anois
are not likely to be presented now
Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar Údarás na Gaeltachta ariamh, agus
ní móide go mbronnfar anois.
is dócha ná a mhalairt
it’s more likely than not
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad!
Dar leis an staidéar,
is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
Is mó an baol dá réir
it’s more likely
Is mó an baol dá réir go dtitfidh daoine thart orainn in isle brí le heaspa gréine amach i ndúluachair na bliana.
Baol air
not likely
Baol air.
ba mhó an baol go gcaithfí iad a leagan
would most likely have to be knocked
Na tithe nár scuabadh ar siúl ag an bhfarraige, bhíodar lán le uisce agus gaineamh, agus
ba mhó an baol go gcaithfí iad a leagan.
ná baol air
not likely
An Nimh san Fheoil
======
Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat,
ná baol air.
is dócha
most likely
Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla
is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
Is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Is dócha ná a mhalairt go ndéanfar dearmad ar na nathanna seo a luaithe a shiúlfaidh siad amach doras an tseomra scrúdaithe.
Beag an baol
not likely
An féidir go bhfuil brú oraibh? Seans ar bith go mbeidh ar an Phápa úr ísliú tuarastail a fhulaingt?**
Benedictus:
Beag an baol, a Bhaloir;
Beag an baol.
is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid, dar liom, ach
is dócha ná a mhalairt go nglacfar le cionmhéid an-teoranta daltaí ar an bhealach seo feasta.
Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo
although this government isn’t likely to fall
Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo sula mbeidh a dtéarma istigh sa bhliain 2016, beidh na páirtithe uilig ag fáil réidh don chéad olltoghchán eile as seo amach.
gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar
they’d more than likely as not be
An Cheannasaíocht Toilteanach
==============
D'fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar
gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile.
gur mó is dóichí go raibh sé seo
it was more than likely
Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus
gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada.
Is dócha ná a mhalairt
it’s more likely than not
Is dócha ná a mhalairt, mar shampla, gur chuig cartlann an Irish Times nó chuig Cartlann Nuachtán na hÉireann a rachadh an té a bheadh ag iarraidh páipéar a scríobh faoi bhunú TG4.
Beag an baol
not likely
Beag an baol.
Drochsheans
not likely
An bhfuil comhcheilg ar bun acu le heolas a cheilt ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chinnidh thábhachtacha a bhaineann leo?
Drochsheans.
ná baol air
not likely
Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir,
ná baol air.
Is dóigh
it’s likely
Is dóigh go bhfuil deiseanna áirithe ann le cúrsaí idirlín ach cé tá chun tuarastal a íoc?
**CMacS: Tá Gael Linn le blianta fada, mura bhfuil dul amú orm, ag spreagadh spéise sa Ghaeilge i measc na nAontachtach ó thuaidh.
Is dócha ná a mhalairt
more likely than not
Is dócha ná a mhalairt mar sin, go mbeidh ar bhuaiteoir an chomórtais tosacht as an nua agus iriseoirí ar beagán taithí a fhostú agus a oiliúint.
drochsheans
it’s not likely
Mar sin de, bheadh modhnóir de dhíth le scagadh a dhéanamh ar na postálacha agus
drochsheans go mbeadh sé d’acmhainn ag an nuachtán úr ball foirne a chur ar leataobh don chúram sin.
ná baol air
nor near it, not likely
Cé go maíonn líon beag dearthóirí slachtaíochta gur ealaíontóirí iad, ní hiad an tromlach iad,
ná baol air.
Is baolach fosta
I’m afraid/it’s likely also
Is baolach fosta go bhfuil easpa dáiríreachta an rialtais reatha ar cheist na hearcaíochta le feiceáil ina laghad dul chun cinn atá déanta ag an Aire Howlin meitheal dhátheangach a bhunú le míonna beaga anuas.
Ar éigean é
not likely
An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin?
Ar éigean é.
gach cosúlacht ar an scéal
it seems most likely
‘Treise leis’ a deir Brian, agus
gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.
ná baol air
not likely
Ealaíon dhoilíosach is ea cuid mhaith de scannánaíocht na linne, ach ní shin é tús agus deireadh na scannánaíochta
ná baol air, dar le Pat Butler.