Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
géilleadh submit, give in
" Is mionlach iad lucht iomána i mBaile Átha Cliath agus caitheann siad géilleadh go minic ó thaobh cur chun cinn an chluiche, mar shampla, maidir le cén uair a imrítear cluichí na n-ógánach (Márta - Bealtaine de ghnáth don iomáint, Meán Fómhair go Feabhra don pheil).
é a chur faoi bhráid an Uachtaráin to submit it to the President
" Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
ag luí fúithi submitting to her, giving in to her
" Rinne Gerry gnúsachtach nach gcuirfeadh sásamh nó míshásamh in iúl ach a bhéarfadh le tuigbheáil nach raibh sé ag luí fúithi.
curtha faoi bhráid an rialtais submitted to the government
" Tá moladh curtha faoi bhráid an rialtais acu cheana féin do chóras *metro* a dhéanfadh freastal ní hamháin ar chustaiméirí an aerfoirt ach fosta orthu siúd a bheadh ag triall ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar Ospidéal an Mater.
chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann he submitted a report to the Broadcasting Council for Northern Ireland
" Le gairid, chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann.
go gcaithfear é a chur faoi bhráid choiste Seanaid that it has to be submitted to a Senate committee
" Níl an freasúra sásta leis an gcomhaontú (nó ar a laghad an méid atá ar eolas faoi go dtí seo) agus tá siad ag rá go gcaithfear é a chur faoi bhráid choiste Seanaid chun an 500 leathanach atá ann a scrúdú.
nuair a chuir sé iad faoina mbráid when he submitted them to them
" Is cosúil gur chuir a chuid comhghleacaithe sa Chomhaireacht go mór i gcoinne mholtaí McDowell nuair a chuir sé iad faoina mbráid i mí an Mheithimh.
iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra to submit an application to the governor
" Iarratas ======= Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh sé iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air.
Chuir siad an smaoineamh faoi bhráid na Comhairle Ealaíon they submitted the idea to the Arts Council
" Chuir siad an smaoineamh faoi bhráid na Comhairle Ealaíon in 1987, ach ó Chomhairle Ealaíon an tuaiscirt a fuair siad tacaíocht ar dtús.
agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe. and submitting applications to commissioning editors.
" Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
iarratas a chur faoi bhráid submit an application
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
ní ghéillfidís they wouldn't submit
" Bhí siad sásta a gcuid arm agus armlón a bhá Ach ní ghéillfidís unsa den snaoisín.
faoi bhráid Aire Oideachais an ama, submitted to the minister for education at that time
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas some suggestions were submitted to the governments
" Leithscéal Ag eascairt as plé an Choimisiúin, cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas agus na n-eagraíochtaí eile a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe.
cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe more than 8,000 submissions were submitted to the organisers
" Chuir an rialtas fáilte roimh ionchur ón bpobal i gcoitinne, agus cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe.
chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh submit to the European Commission
" De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na speiceas atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.
a chur faoi bhráid na n-údarás submit to the authorities
" B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
faoi bhráid submitted to
" Faoi dheireadh cuireadh an nóta faoi bhráid an CIA.
ghéill accept, submit
" Cé nár ghéill muintir Chambacuá don díshealbhú gan troid, ba throid in aisce í.
géilleadh submitting
" Mar nach raibh aon fhís ideolaíochta fanta ag Fianna Fáil faoi am sin, seachas fanacht i gcumhacht, géilleadh do ideolaíocht Mac Dowell agus Harney.
a chur faoi bhráid to submit
" Fuair mé freagra ar ais uaidh láithreach bonn inar dhúirt sé go ndéanfadh seisean an iris a chur le chéile dom! I dtrátha an ama chéanna, thosaigh grúpa againn ag smaoineamh ar iarratas a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge don chonradh a bhí á thairiscint acu chun iris Ghaeilge a chur ar fáil go míosúil.
géilleadh to submit
" Nuair a bunaíodh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin, áfach, dúradh go raibh an Stát toilteanach géilleadh don phrionsabal gur cheart na hionstraimí a bheith aistrithe go comhuaineach.
faoi bhráid submit before
" Faoin Acht sin, ní mór do gach comhlacht poiblí plean i leith na teangan a chur faoi bhráid Bhord na Gàidhlige.
nach ngéillfidh shall not submit
" Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
géilleadh submit
" Nuair a d’inis Truman dá Rúnaí Cosanta nach raibh an dara rogha aige ach géilleadh do na Síónaigh ar fhaitíos go gcaillfeadh na Daonlathaigh stáit New York, Pennslyvania agus California, d’fhreagair Forrestal: *“I thought it was about time that somebody should pay some consideration to whether we might lose the United States.
má ghéilleann siad if they submit
" An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan ====================== Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu.
géilleadh submit
" Ceant na hÉireann ========== Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin dúnghaois oifigiúil dá chuid.
géilleadh to submit
ghéill submitted
" Nuair a ghéill Cumann na nGael do Mhaigh Nuad i 1925 bhí na hEaspaig Rómánacha den tuairim go bhféadfaidís tionchar a imirt ar mhórán gach gné de shaol na tíre.
Géillim I submit
" Géillim anois do chuisle leictreonach an leabhair nótaí uchta agus tosaim ag scriobh.
Ghéill submitted
nár ghéill riamh never submitted
" Gaeilgeoir diongbháilte ab ea a athair, Seán, fear nár ghéill riamh don bhéarlachas, fiú nuair a chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin achrann dá chlann.
ar ghéill submitted
" Conas nach bhfacamar ag teacht é? Cén fáth ar ghéill gach éinne don réimeas nua? Bhíomar ar fad róghafa lenár gcuraimí féin, lenár dtuairimí féin, chun aird a thabhairt ar an stair, chun foghlaim ón stair; róbhogásach ar fad a bhíomar.
géilleadh don tiarna fuarchúiseach to submit to the uncaring lord
" Ba cheart agus ba chóir dar leis an dtraisiún seo géilleadh don tiarna fuarchúiseach.
ar ghéill sé don phiseogaíocht did he submit to superstition
" D’fhiafraigh sé de Niels cad ina thaobh go raibh a leithéid ansin aige nó ar ghéill sé don phiseogaíocht a bhain leis an gcrú capaill? Is díol spéise an freagra a thug Bohr.
gur túisce a ghéillfeadh muidne we ourselves would submit sooner
" Agus é ag labhairt fén *Welfare State* dar ghearr Rialtas Atlee as an gcloch idir 1945-51, mar aon leis na gearáin chantalacha Chaitliceacha a dhéantaí ina leith, scríobh sé: “Is é mo bharúil féin gur túisce a ghéillfeadh muidne in Éirinn, bíodh is gur Caitlicigh muid, do chóras deachtóireachta ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh.
Dá ngéillfí don éileamh were one to submit to the demand
" Dá ngéillfí don éileamh atá déanta ag Sinn Féin, reifreann eile a reáchtáil faoin gceist go luath, ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann ach a mhalairt, im’ thuairimse.
géilleadh do dhlí an Stáit submit to the laws of the ‘land’
" Anuas ar sin, ar ndóigh, ní mór don bpolaiteoir géilleadh do dhlí an Stáit i gcónaí.
géilleadh gan choinníoll ar bith submit unconditionally
" Sa deireadh, b'éigean do na Poblachtánaigh géilleadh gan choinníoll ar bith, agus tháinig an bille sláinte slán as.
a chur an aighneacht ba théagartha who submitted the most substantial submission
" An tAire Dukes ====== Ach b'é an tAire Airgeadais, Alan Dukes, a chur an aighneacht ba théagartha faoi bhráid an Taoisigh.
chur faoi bhráid an submit to the
" De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga 1992, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na scothaicmí atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.