Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cruinniú Mullaigh na Mílaoise Millennium Summit
" Thosaigh an scéal seo ag bailiú nirt trí bliana ó shin, ag Cruinniú Mullaigh na Mílaoise a d'eagraigh na Náisiúin Aontaithe.
chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh the EU summit meeting
" Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
cruinniú mullaigh summit meeting
" Fógraíodh go mbeadh cruinniú mullaigh in Canberra ach dúirt Clare Martin nach mbeadh sí féin ag freastal air, cé go bhfuil cúram chúrsaí dúchasacha na Críche uirthi, go raibh dóthain cainte déanta.
den mhullach ba mhó ar domhan of the highest summit in the world
" Dá gcasfadh sé a chloigeann agus é a chlaonadh siar idir a ghuaillí bheadh lán a shúl aige den mhullach ba mhó ar domhan, é ag lonradh faoi sholas an mheán lae.
an mullach a shroicheadh to reach the summit
" ’ ‘B’fhearr liomsa,’ arsa Liam, ‘an mullach a shroicheadh as mo stuaim féin.
an mullach the summit
" Tamall sula mbainim an mullach amach, tagaim ar an bhfoinse uisce ar a dtugtar **Fuente Reniega **(Tobar an tSéanta).
ón mhullach, from the summit,
" Bíonn lón againn ag an bhallóg ar a dtugtar Díseart Aoidh Mhic Bhricne, atá ciliméadar amháin ón mhullach, díreach os cionn Loch Each.
leis an mhullach a bhaint amach. to reach the summit.
" Tá tobar beannaithe ann fosta, agus tugann muid cuairt air sula dtéann muid trasna Cosán an Aon Fhir leis an mhullach a bhaint amach.
ar bhuaic shliabh Ruapehu On the summit of the mountain Ruapehu
" Tá loch ar bhuaic shliabh Ruapehu atá ar cheann de na locha cráitéir is mó ar domhan.
nár éirigh leo an mullach a fhágáil who didn't manage to leave the summit
" Cuireadh na créatúir nár éirigh leo an mullach a fhágáil agus an teagascóir ag búir "*snowplow! snowplot*!" i ngrúpa na *losers*.
sa chruinniu mullaigh in the summit
" Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.
mhullach summit
" Ar na cúrsaí siúl sléibhe, tugann muid cuairt ar Thobar Aoidh Mhic Bhricnesula sula dtéann muid trasna Chosán an Aon Fhir leis an mhullach a bhaint amach.
an bhuaic the summit
" Bhí an bhuaic bainte amach agam ansin agus mé 1450 méadar in airde.
gcruinniú mullaigh summit meeting
" Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú mullaigh seo cinnirí éagsúla de chuid na polaitíochta, an ghnó agus eagraíochtaí neamhrialtais a thabhairt le chéile chun beartas nua, comónta a chur chun cinn i dtreo leigheas a fháil ar an ailse.
mullaí summits
" ' Thug sé 'mullaí' nó 'tops' ar an 255 cinn eile.
mhullach summit
" Bhí áthas orm an samhradh seo nuair a bhí mé i gceannas buíon siúlóirí le hOideas Gael ar Sliabh a Liag, mar chonaic muid go léir go bhfuil an tobar beannaithe, atá cóngarach do mhullach an tsléibhe, deisithe arís.
bharr summit
" com/watch?v=n6EnVsfSBdI) Téann seantramanna na cathrach thar bharr an chnoic seo, agus thar ceann de na radharcanna is cáiliúla sa chathair, déarfainn: an chuid sin de Lombard Street a lúbann siar is aniar le fána an chnoic.
Cruinniú Mullaigh earth summit
" Thosaigh an próiseas sin sna hochtóidí agus leagadh amach cuid mhaith de na spriocanna ag ‘Cruinniú Mullaigh Rio’ sa bhliain 1992.
mullach summit
" Ní fíor sin ar ndóigh, mar go nglacfadh sé ionann is trí uair an chloig an mullach a bhaint amach ón charrchlós i mBun Glas! Conamara - Connachta Maidir le Conamara, measann údair *Lonely Planet* gurb é “*the last refuge*” don Ghaeilge.
Mullaigh summit
" Ag an gCruinniú Mullaigh um Shlándáil Eithneach i Washington, dúirt Barack Obama gurb é an bhagairt is mó do shlándáil SAM ná an seans go bhfaigheadh eagraíocht sceimhlitheoireachta arm núicléach.
mhullach summit
" Bhí mé ar ais ar mhullach Shliabh a Liag i Mí Aibreán, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille agus an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael.
mhullach summit
" Is doiligh liom bhur ndiúltú, ach thug mé m’fhocal do mo chroí ar mhullach Chruach Phádraig, sular fhág mé an baile, nach bpillfinn go rachainn a fhad leis an seomra sin liom féin; agus ní maith liom m’fhocal a bhriseadh.
mullach top, summit
" is measa mullach!” Dúirt duine éigin ar éirigh leo an t-ardán a bhaint amach gurbh é ceann de na rudaí is mó a thaitin leo faoina ghradam ná an líon buaiteoirí nach raibh aithne aige orthu roimh na gradaim.
cruinniú mullaigh summit meeting
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
barr summit
" Ach caidé a rinne Balor Bras? As go brách leis go barr Chruach Phádraig.
mhullach an tsléibhe naofa the sacred mountain’s summit
" “Is mise Rí an Domhain,” a dúirt sé leis an dá ghiorria agus an fiach dubh a bhí mar chuideachta aige ar mhullach an tsléibhe naofa.
barr an tsléibhe summit
" Ag dul suas go barr an tsléibhe ar chéad ardaitheoir sciála na maidine, tharla sé gur chuala mé fear ag caint le cara leis ar an bhfón póca.
mullach sprice summit
" Níl ionam é a chríochnú, agus radharc agam anois fiú amháin ar an mullach sprice.
mhullach summit
" D’ímigh mé liom go beo leis an gcéad mhullach a dhreapadh.
chruinniú mullaigh summit meeting
" Le linn chruinniú mullaigh an Aontais Afracaigh dhá bhliain ó shin, d’inis sé do thart ar 30 ceannairí Afracacha go raibh Iosrael taobh thiar de chuid mhaith de chogaí acmhainne fuilteacha na hAfraice.
cruinniú mullaigh a summit meeting
" ” Bhí cruinniú mullaigh faoi choinne thíortha na hEorpa Láir agus Thoir le tarlú idir 11-12 Bealtaine i Yalta na hÚcráine, ach tar éis do 13 de na 20 ceannaire stáit diúltú freastal air mar agóid in aghaidh na dtarluithe sa tír, ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán Yanukovych ach é a chur ar ceal.
Reáchtáladh cruinniú mullaigh a summit meeting was organized
" Reáchtáladh cruinniú mullaigh d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i Chicago i mí na Bealtaine inar chíor na ceannairí straitéis scoir a dtrúpaí as cogadh na hAfganastáine.
an mullach the summit
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
mullach níor léir ná níorbh fhollas dom a summit I’ve never spied
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
a bhfuil sraith muilte ar a bharr which has a series of turbines on its summit
" Tá siad ann, go fiú, a shíleann gur áille fós an cnoc a bhfuil sraith muilte ar a bharr.
an chéad mhullach the first summit
" Fán am a nocht ball bán an lae, bhí an chéad mhullach sroichte agus an chéad pholl sa chárta.
ag barr at the summit
" Ní ba luaithe, bhí mé ag barr shliabh Charn Tóchair.
ar chruinniú mullaigh on the summit meeting
" Ar an 16ú Meitheamh tugadh le fios trí eolas Snowden go raibh dianspiaireacht déanta ag GCHQ (a raibh cead acu an córas PRISM a úsáid) ar chruinniú mullaigh an G20 i 2009 i Londain.
cruinniú mullaigh summit meeting
" Leis an *Dublin Web Summit*, nó ‘cruinniú mullaigh an ghréasáin’ is dóigh, thart do 2013 tá neart feidhmeannach teicneolaíochta ag déanamh machnaimh ar ghnólachtaí nuathionscanta (.
Chruinniú Mullaigh summit meeting
" Ó hUiginn, faoi na ‘nascanna pearsanta agus cultúrtha idir muintir na Breataine agus muintir na hÉireann nach féidir a chur ar neamhní’ agus ‘faoi bheith ag bogadh i dtreo athmhuintearais ar bhealach cruthaitheach’, bhí macallaí sna focail sin ar an tagairt a rinne Cathal Ó hEochaidh i 1980 ag an Chruinniú Mullaigh Angla-Éireannach do ‘réimse iomlán na gceangal caidrimh idir an dá phobal’.
ar bharr on the summit
" Ní bheadh aon ghlacadh ag pobail eile le cleas theaghlach Healy Rae, mar shampla, a chroch dhá phostaer ar bharr Chorrán Tuathail le linn na dtoghchán áitiúla.
chruinniú mullaigh summit
" Breathnófar siar ar chruinniú mullaigh Johannesburg mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
mullach summit
" Thug Seán Greif ruaig go mullach sléibhe, 6088 méadar ar airde, sa Bholaiv.