Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
b'annamh a labhair sé he seldom spoke
" Is deacair fios fátha an scéil a fháil mar b'annamh a labhair sé faoina mhuintir agus faoin mbaile.
cúig spóca five spokes
" Thart timpeall ar an ríl, tá cúig spóca le feiceáil agus seasann gach ceann acu d’earnálacha éagsúla an Acadaimh: na haisteoirí, na scríbhneoirí, na stiúrthóirí, na léiritheoirí agus na teicneoirí.
a labhraíodh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Ghaeilge. when both Catholics and Protestants spoke Irish.
" Tá an tAire i Stormont, Maria Eagle, ar son an Achta ach tá sí luaite i measc “the romanticists of the Irish language movement” ag an *News Letter*, daoine a bhíonn ag caint ar na laethanta a labhraíodh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Ghaeilge.
Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín. They spoke for a while.
" Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín.
Labhraíomar le heagarthóir na hirise, we spoke to the editor of the magazine,
" ) Labhraíomar le heagarthóir na hirise, Niall Stokes.
bhuaileas bleid uirthi I spoke to her
" "Éire!" a dúirt an bhean taobh thiar den chuntar nuair a bhuaileas bleid uirthi faoi dheireadh.
Labhraíos I spoke
" Labhraíos cheana, faoi cheolchoirm Martin Hayes agus Dennis Cahill ag Féile Ealaíne Chill Chainnigh, roinnt blianta ó shoin.
labhair spoke
" Chun eolas níos mó a fhoghlaim faoi na rónta atá againn in Éirinn, labhair mé leis an *“Irish Seal Sanctuary”* i Loch Garman le déanaí.
labhair spoke
" Ar an 19 Bealtaine, labhair an tUachtarán Obama ag Roinn an Stáit i dtaobh an Mheánoirthir.
Eisean a labhair go líofa mar gheall ar it was he who spoke eloquently about
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
lucht aitheantais a labhair personal acquaintances who spoke
" Ach, de réir fianaise na ndaoine éagsúla idir pheileadóirí, thráchtairí, pholaiteoirí agus lucht aitheantais a labhair faoi sna laethanta tar éis a bháis, ba dhuine ar leith é ar mórán bealaí éagsúla.
ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo it spoke well of these new patrons
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
gearradh éiric ar leanaí a labhair as children were penalised who spoke
" Ba é an Béarla an teanga oifigiúil i gcúirteanna is i scoileanna Phórtó Ríce agus gearradh éiric ar leanaí a labhair as Spáinnis ar scoil.
labhraíodar linn go tobann they spoke suddenly to us
" D’fhéach na coda difriúla den inchinn siar ar bhotúin an tsaoil, agus labhraíodar linn go tobann trí mheán chnaipe a bhí in aice lena gcosa a chur solas ar siúl.
ar chuir mé caidéis orthu to whom I spoke
" Duine ar bith díobh sin ar chuir mé caidéis orthu, ní bheadh a fhios agam nach le bean nó fear Gaeltachta a bhí mé ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú.
labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan spoke vigorously and venomously against us
" Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó.
Labhair sise she spoke
" Labhair sise faoi na seachtainí speisialta sócúlacha soilbhre a chaith sí in Odious Gael gach samhradh ó ceapadh í ina hUachtarán i 1997.
Labhair baill áirithe particular members ... spoke
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
Labhair spoke
" Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh sé Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D.