Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
néalta móra toite large clouds of smoke
" Cúpla lá ó shin, bhí néalta móra toite ag éirí i dtreo na spéire.
púir dheataigh a stream of smoke
" Leagadh púir dheataigh ar an gcathair a bhí chomh dona sin nach bhféadfá an taobh eile den tsráid a fheiceáil scaití.
deatach smoke
" Ba é ba chúis leis an stoirm oighre a bhuail oirthear Cheanada in Eanáir 1998 agus leis na tinte foraoise san Indinéis a scaip deatach chomh fada ó bhaile le tuaisceart na hAstráile agus Kuala Lumpur na Malaeisia, áit a raibh ar na daoine mascanna a chaitheamh ar mhaithe lena sláinte.
ag ól todóige smoking a cigar
" Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha ar adhastar aige.
á gcaitheamh smoking them
" Dúirt sí freisin go raibh a fhios ag BAT go raibh dochar sa tobac agus nach raibh aon rabhadh leis na toitíní nuair a thosaigh sí á gcaitheamh.
Scadán deataithe smoked herring
" Scadán deataithe agus sóba (niúdail) chun lóin.
ina bhfuil cosc ar thobac in which smoking is prohibited
" D'aimsigh mé an áit ar an idirlíon - tá ceol ar shuíomh gréasáin s'acu agus fógraítear an lóistín mar áit ina bhfuil cosc ar thobac.
smúit smoke
" Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig sé aníos ón subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim.
caitheamh fulangach passive smoking
" Tá sé ráite ag Mandate, an ceardchumann ina bhfuil go leor de na hoibrithe seo, go maraíonn an caitheamh fulangach suas 150 ball dá gcuid ball gach bliain.
saor ó thoit smoke-free
" De réir trí cinn déag de na Royal Colleges of Medicine sa Bhreatain, tá dualgas ar fhostóirí a gcuid fostaithe a chosaint ó dhochar agus, dá mbeadh áiteanna oibre saor ó thoit, dhéanfaí 150,000 beatha a shábháil go fadtéarmach.
chaitheamh fulangach passive smoking
" De réir saineolaithe ailse sa Roy Castle Lung Cancer Foundation i Learpholl, gheobhaidh 17 % de na freastalaithe i dtithe tábhairne na Breataine ailse scamhóg trí chaitheamh fulangach.
An Caitheamh Smoking
" "Is fearr crith maith ná droch-chasacht!" a mhaíonn fear na súile nimhe agus é ag caint ar an rud a chuireann an fonn seo air: An Caitheamh! Ní An Caitheamh anuas ná An Caitheamh aníos atá i gceist agam anseo; ná An Caitheamh amach ná An Caitheamh suas.
chun an caitheamh a chaitheamh suas to give up smoking
" Le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht tá dua caite aige chun an caitheamh a chaitheamh suas.
ag caiteamh todóg smoking cigars
" "Is contúirtí go mór bheith ag caitheamh siar piontaí agus gloiní uisce beatha ná bheith ag caiteamh todóg ná toitíní ná fiú an phíopa," a mhíníonn Balor an Fealsamh.
saor ó thoit Smoke Free
" De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit.
caitheamh fulangach passive smoking
" De réir staidéir a rinne SFL, faigheann 900 duine bás i Learpholl gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac, agus tugann caitheamh fulangach bás 105 duine eile.
cosc ar thobac ban on smoking
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
chosc ar chaitheamh tobac ban of smoking
" Tá na tábhairneoirí ag maíomh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteoirí agus á chur seo síos don chosc ar chaitheamh tobac san áit oibre a cuireadh i bhfeidhm i mí an Mhárta i mbliana.
de bharr na toite because of the smoke
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
chaitheamh fulangach passive smoking
" Taighde ar chaitheamh fulangach ======= Thug Maurice Mulcahy léacht don UK Environmental Health Officers Conference in Bournmouth anuraidh agus chuir sé i láthair an t-eolas a fuair sé ón taighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach.
dheatach smoke
" I mbaile Mhá Nuad, tá sé furasta dearmad a dhéanamh ar dheatach agus ar thorann Bhaile Átha Cliath.
agus dúirt fríd an ghal and he said through the smoke
" Ansin tharraing Balor Fáidh píopa beag cailce amach as a phóca agus las ina láthair é agus dúirt fríd an ghal: "Caithigí é seo!" "An gcaithfidh muid?" a d’fhiafraigh an bheirt eile d’aonghuth.
Má chaitheann tú if you smoke
" Pointe eile faoin tsláinte: Má chaitheann tú, déan iarracht éirí as an nós.
chaitheamh fulangach passive smoking
" Feachtas ======= Tá Simon Kelly gníomhach san fheachtas ASH (Action on Smoking and Health) a bhunaigh an Royal College of Physicians i 1971 leis an lucht caite tobac a spreagadh le héirí as an nós agus sláinte daoine eile a chosaint ó chaitheamh fulangach.
Déanann an caitheamh tobac dall thú smoking makes you blind
" D'iarr an Dr Kelly ar Rialtas Shasana an fógra “Déanann an caitheamh tobac dall thú” a chur ar bhoscaí toitíní, ach mhaígh siad nach dtiocfadh leo é sin a dhéanamh gan comhaontú a bheith ann leis na rialtais eile sa Chomhphobal Eorpach.
deatach smoke
" Agus an deatach ag néalú os cionn na cathrach, taispeánadh na híomhánna beo ar an teilifís go dtí gur fógraíodh nach raibh taobh thiar den eachtra ach gasphíopa briste.
ag caitheamh raithní smoking weed
" Mo chairde ar fad bhí siad ar an *dole* agus ag caitheamh raithní.
deatach a scaipeann go réalaíoch smoke which scatters realistically
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
deatach chomh tiubh sin such thick smoke
" Bhí uaigh eile agus níorbh fhéidir ainm an mhairbh a léamh toisc deatach chomh tiubh sin bheith ag éirí ón lear mór coinnle.
cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac why smoking wouldn't be banned
" An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine.
gal tobac. tobacco smoke.
" Tá teach tábhairne Éireannach i München ina bhfuil seomra curtha ar leataobh do dhaoine nach maith leo gal tobac.
saor ó ghal tobac free from tobacco smoke
" Is éard a bhí le léamh ar fhógra sa teach tábhairne céanna ná "Ós rud é gur iarr cuid mhaith dár gcustaiméirí orainn é, beidh an seomra seo saor ó ghal tobac ón 20 Samhain amach".
ón ngal nimhneach a dhéanann an-dochar don tsláinte. from the poisonous smoke which harms health.
" Ní raibh sé de mhisneach ag na polaiteoirí seasamh in aghaidh an bhrúgrúpa chéanna agus dlí a chur i bhfeidhm a chosnódh iad siúd nach gcaitheann tobac ón ngal nimhneach a dhéanann an-dochar don tsláinte.
an cosc ar chaitheamh tobac the ban on smoking
" Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
níor chaith mé I haven't smoked
" *Sure, Jesus*, níor chaith mé le bliain anois, fiú! Ní raibh a fhios agam go raibh sé tinn.
go raibh an iomarca á chaitheamh aige, that he was smoking too much,
" Cheapas i gcónaí go raibh an iomarca á chaitheamh aige, b’in an méid.
an cosc ar chaitheamh tobac, the smoking ban,
" Tá an iliomad cúiseanna leis seo, an costas mór a bhaineann le feighlithe leanaí agus an cosc ar chaitheamh tobac, ina measc.
ag éalú ó charráiste lán deataigh escaping from a smoke-filled carriage
" Pictiúr le smál de dhaoine ag éalú ó charráiste lán deataigh agus a glacadh le fón póca a bhí ar an íomhá ba mhó chuimhne den scrios a rinne buamálaithe féinmharfacha ar thraein agus busanna Londan ar 7 Iúil, 2005.
deatach smoke
" Ach ar an 10 Meitheamh 1886, phléasc Tarawera agus clúdaíodh an baile le scamaill, deatach agus ábhair eile.
caitheann muid tobac, we smoke tobacco
" ’ * ‘Arú a mhama,’ ar seisean ‘Siúr caitheann muid tobac, Is caitheann muintir na hÉireann an snaoisín.
cheo deataigh a fog of smoke
" Sin é a deirtí, le hosnaíl throm thruamhéalach de ghnáth, agus is dóigh gur mar gheall ar na huaireanta fada a chaitheadh fir óga i hallaí dorcha, faoi cheo deataigh, ag bualadh báilíní beaga daite in aghaidh a chéile ar bhoird ghlasuaithne a bhí lasta ag soilse crochta os a gcionn, a deirtí.
smid smúite a piece of dust/smoke
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
toit a chruthú to create smoke
" De réir an dlí idirnáisiúnta, níl sé ceadmhach daoine a mharú le fosfar bán, ach tá cead ag airm ceantair a shoilsiú le fosfar bán nó toit a chruthú leis.
na cathrach móire of the big smoke
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
caite smoked
" com/) SMM: An dara ceist deiridh: an gcreideann tú sna Leipreacháin? RMAB: Jez’, braitheann sé cé chomh mór is atá ólta agat agus cad é tá caite agat! (gáire croíúil) An Cabaret Craiceáilte (http://www.
sciath thar lorg a smoke screen
" Is dóigh gur sciath thar lorg dó féin atá ina luiteamas scríobh faoin dúlra áfach.
deataigh of smoke
" Agus nuair a chuirim an cupán le mo bhéal chun suimín a bhaint as, mothaím boladh an deataigh ar mo lámh! Bíonn ábhar dóchais de dhíth orainn i gceartlár an gheimhridh.
dheatach na tráchta traffic smoke
" Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta.
caisirníní deataigh wisps of smoke
" Géaga crann agus imeallbhoird tíortha, gan amhras, ach sliabhraonta, deilteanna abhann, caisirníní deataigh, duilleoga raithní, agus go leor leor nach iad chomh maith.
lán deataigh full of smoke
" Murab ionann agus diamhracht an leasa áfach, d'aithin mé boladh an chaca a luaithe is a shiúil muid isteach sa chéad bhothán cónaithe! Bhí an díon an-íseal agus bhí an t-áras uilig lán deataigh.
deatach na dtinte cnámh bonfire smoke
" Tá an bóthar ó Bhaile Átha Cliath go Caisleán an Bharraigh ceoch ciachmhar le deatach na dtinte cnámh a lasadh ina onóir.
deatach smoke
" Agus mé ag breathnú ar na pictiúirí beo seo, bhí rud amháin ag déanamh scime dom: cen fáth an raibh deatach ag teacht ó dhá thaobh an fhoirgnimh? Ní fhéadfadh eitleán dul an bealach ar fad tríd an bhfoirgneamh, an bhféadfadh? Agus dá mba bhuama é, caithfidh gur cheann ollmhór é a phléascfadh an foirgneamh amach ar dhá thaobh.
ruaig an deatach the smoke hunted
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
Rinne mé iarracht deatach a aimsiú sa spéir I looked for smoke in the sky
" Rinne mé iarracht deatach a aimsiú sa spéir chun mé a threorú, ach a leithéid ní raibh ann.
Go dtí go n-ardaíonn an deatach till the smoke rises
" Go dtí go n-ardaíonn an deatach ón urlár aníos.
clúdaíodh le deatach iad go minic the were often covered in smoke
" Teilgeadh íomhánna scanrúla de chnámharlaigh, dheamhain, agus de thaibhsí ar bhallaí, ar bhráillíní agus ar scáileáin de chineálacha éagsúla agus clúdaíodh le deatach iad go minic chun atmaisféar níos taibhsiúla fós a chruthú.
cosc ar thobac ban on smoking
" In ainneoin go bhfuiltear ag maíomh go gcaillfear na mílte post má chuirtear an cosc ar thobac sna tithe tábhairne agus sna bialanana i bhfeidhm i gceann ceithre mhí, tá sé tábhachtach go dtarlódh sé seo, ar mhaithe le sláinte na phobail.
cosc a chur ar an tobac to ban smoking
" Tá lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.