Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
tá an deontas reaite the grant is spent, finished
" " "Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí.
caiteachas gan srian spending without restraint
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
Chaitheadh sí she used to spend
" Chaitheadh sí mí iomlán gach samhradh sa nGaeltacht ag déanamh staidéir ar an teanga, gan focal Béarla a labhairt.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
Thug sé he spent
" Ceithre bliana is tríocha a Thug sé ag obair san Ollscoil agus i rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge, d'aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d'oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge.
a d'fhéadfaí a chaitheamh which could be spent
" "Caitear na billiúin punt le hairm a cheannach a d'fhéadfaí a chaitheamh ar otharlanna agus ar scoileanna anseo, agus ar leigheas agus uisce glan agus talmhaíocht sna tíortha atá i mbéal forbartha," a deir sí.
Caithfear airgead money will be spent
" Caithfear airgead chomh maith ar an mbóthar iarainn idir Lisbon agus Madrid.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraigí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
á chaitheamh spending it
" Billiún euro anois a chaithfear ar an Ghaeilge gach aon bhliain, Is beidh Liam Ó Cuinneagáin á chaitheamh óna oifig úr in Spain.
chaitheadh sé he used to spend
" In ainneoin go raibh sé lonnaithe i Londain, chaitheadh sé tréimhsí ag péinteáil in Éirinn agus tá a thionchar le brath ar ealaíontóirí na tíre ar nós Sean Keating, a bhí ag dul i mbun oibre ag an am.
thabharfaidís an lá they spend the day
" Níor airíos go raibh aon cheangal orm a n-earraí a cheannach ach oiread, ach thabharfaidís an lá ag caint leat.
Ná caith rith an lae ina cheann don't spend all day at it
" Ná caith rith an lae ina cheann ach an oiread.
cultúr baothchaithimh a culture of foolish spending
"cultúr baothchaithimh ann agus an chosúlacht ar an scéal go síleann muid nach dtiocfaidh deireadh leis an rathúnas choíche.
chaitheamh rábach reckless spending
" Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo.
a chaitear which is spent
" Dár ndóigh, is é an cheist ná an cur chun cinn na Gaeilge i ndáiríre a bhí riamh mar aidhm le ceachtar cinneadh! Tá an ceart ag Enda Kenny maidir le rud amháin: tá gá le díospóireacht maidir le múineadh na Gaeilge inar scoileanna, óir cinnte níl an stát ag fáil luach a chuid airgid i gcás an €500 milliún a chaitear ar mhúineadh na teanga gach bliain.
a chaitear which is spent
" Dár ndóigh, is é an cheist ná an cur chun cinn na Gaeilge i ndáiríre a bhí riamh mar aidhm le ceachtar cinneadh! Tá an ceart ag Enda Kenny maidir le rud amháin: tá gá le díospóireacht maidir le múineadh na Gaeilge inar scoileanna, óir cinnte níl an stát ag fáil luach a chuid airgid i gcás an €500 milliún a chaitear ar mhúineadh na teanga gach bliain.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
ídithe spent
" Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
á ídiú ar an arm being spent on the army
" Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.
a chaith tréimhsí who spent periods
" Anois, teastaíonn uaim féachaint ar cheol na n-imirceach ón gceantar céanna, daoine mar Michael Rafferty, Muintir Coen, Joe Cooley agus Joe Burke, ceoltóirí ó oirthear na Gaillimhe a chaith tréimhsí i Nua-Eabhrac tráth den tsaol.
thug sí tréimhsí she spent periods
" Chaith sí an samhradh sa Fhrainc agus nuair a d’fhill sí go hÉirinn thug sí tréimhsí ag obair in Amharclann an Gate, le Bord na Gaeilge, agus le hAmharclann an Druid i nGaillimh.
á chaitheamh ar mhorgáistí being spent of mortgages
" Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad.
cuid den chaiteachas sin some of that spending
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
le linn na tréimhse atá á caitheamh aige during the period that he's spending
" Ní bheadh sé d’acmhainn agam ar aon bhealach eile a bheith ag obair i lár chathair Londan, gan trácht ar a bheith i mo chónaí ann!” Is díol spéise é nach bhfuil cárta cuntais nó creidmheasa ag Collins nó fiú fón póca, agus den chéad uair, le linn na tréimhse atá á caitheamh aige i Londain, tá meaisín níocháin aige dó féin.
chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo I decided to spend some time with them
" Ní raibh sé i gceist agam dul go dtí an Astráil ar an turas seo in aon chor, ach nuair a shocraigh mo chairde dul ann, chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo agus blaiseadh a fháil de shaol na hAstráile.
is mian liom a chaitheamh that I want to spend
" Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham.
chaithinn uair an chloig I used to spend
" Cleachtadh ar maidin Roinnt blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm in árasán in aice le Sráid Uí Chonaill, chaithinn uair an chloig gach maidin dírithe go huile is go hiomlán ar chanadh.
chaithinn I would spend
" Ní raibh rang foirmeálta riamh agam agus b’fhéidir gur maith an rud é sin fosta mar d’fhoghlaim mé féin ainmneacha na nótaí agus chaithinn b’fhéidir uair go leith ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin de thiúin éigin ionas go bhféadfainn í a fhoghlaim.
chaithidís an geimhreadh they used to spend the winter
" Ansin chaithidís an geimhreadh i dteach in Obar Dheathain.
dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais the more time a person spends in the education system
" Ní hiad na cáilíochtaí oideachais atá tábhachtach sa chás seo, ach dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais is ea is mó seans go leanfaidh sé/sí ar aghaidh ag imirt spóirt ar feadh a shaoil.
a chaitear ar spórt that is spent of sport
" Formhór an airgid a chaitear ar spórt sa tír seo caitear é ar áiseanna, agus faigheann cumainn spóirt an t-airgead (deontais agus araile) chun foirgnimh a thógáil.
seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise. instead of spending it on more facilities.
" Is gá an t-airgead a chaitheamh ar theagmháil a dhéanamh le daoine nach n-imríonn spórt agus iad a chur ag imirt, seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise.
chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc we used to spend the whole summer, Halloween, Easter
" Tógadh muid ansin ach cionn is go raibh sé ag teagasc chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc i Rann na Feirste.
go gcaithfinn seal that I would spend some time
" Shocraigh mé go gcaithfinn seal i dtuaisceart na Nua-Shéalainne le cúpla cara, agus ar aghaidh liom chuig Coromandel, baile atá suite ar leithnis.
Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, a lot of money is spent on community relations,
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí I haven't spent a summer with my parents
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
gur chaith mé seimeastar that I spend a semester
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
spíonta. spent.
" Chuaigh siad go Sasana, rinne siad a seacht ndícheall ach anois tá siad níos sine, caite agus spíonta.
chaith sé féin he spent himself
" Bhí Meaney an-tógtha leis an scéal agus d’aithin sé na carachtair ann mar gur chaith sé féin seal ag obair i Londain, ní ar na láithreáin tógála, ar ndóigh, ach in amharclanna na príomhchathrach.
go gcaitear formhór an ama that most of the time is spent
" D’fhoghlaim mé chomh maith go gcaitear formhór an ama ag ól tae sa cheaintín nuair a bhíonn clár ar nós *Comhrá* á dhéanamh.
lenár saol a chaitheamh. to spend our lives
" Roghnaíonn muid bealaí difriúla lenár saol a chaitheamh.
ag caitheamh breis is uair an chloig spending more than an hour
" Ach más rud é go bhfuil tú ag caitheamh tréimhsí fada sa trácht gach maidin agus gach tráthnóna – agus de réir Dhaonáireamh na bliana 2006, tá 187,000 duine ag caitheamh breis is uair an chloig ag taisteal chun na hoifige gach maidin – cad chuige nach bhfuil an rothaíocht níos tarraingtí dó mar rogha? Maidir le trácht contúirteach, áfach, is dócha go raibh an ceart ag na daoine a ghlac páirt sa suirbhé.
a chaith seal ag obair who spent a period working
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
ag caitheamh ár ndeirí seachtaine spending our weekends
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
a chaith seal i Nepal. who spent time in Nepal
" Roinnt de na daoine a buaileadh leis an ghalar seo, rinne siad dearmad go raibh aithne riamh acu ar dhuine ar bith a chaith seal i Nepal.
a chaith sé he spent
" Ba i gConamara a chaith sé an chuid is mó den bhliain seo caite.
tugtha spent
" An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí tugtha traochta.
mar thoradh ar an tréimhse a chaith sé as a result of the period he spent
" Labhróidh sé faoin tionchar a fágadh ar a chuid smaointe mar thoradh ar an tréimhse a chaith sé i mbun staidéir in Ollscoil Londan.
ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir who would like to spend a period studying
" Cuirtear sparánachtaí ar fáil faoin Chlár Fulbright do mhic léinn Éireannacha ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir in ollscoil Mheiriceánach.
tomhaltachais agus caiteachais consumerism and spending
" Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist.
go raibh an t-am meilte agam that I had spent the time
" Sula dtugainn faoi deara go raibh an t-am meilte agam, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán a cuireadh ar fáil domh féin agus don bheirt eile a bhí in éineacht liom.
i ndiaidh a saol a chaitheamh after spending their lives
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
ag caitheamh spending
" Beidh Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag caitheamh idir €8 milliúin agus €12 milliún thar thréimhse cúig bliana ar an tionscadal.
Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair after spending a while in the city
" Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair agus greim a ithe ansin, ar aghaidh liom go Cizur Minor.
thug mé samhradh I spent a summer
" D’fhan mé i gcathair Dhún Éideann faoi dhó, thug mé samhradh ag obair san Oileán Sgítheanach, d’fhreastail mé ar chúrsa Gaidhlige ar an Oileán Sgítheanach agus chaith mé seachtain ag taisteal thart sna hOileáin Siar nuair a bhí mé ag obair ar Thuras na bhFilí.
cuma chaite thuirseach ar a tired spent appearance
" "Bhí cuma chaite thuirseach ar Mikey, ceart go leor.
caitheadh was spent
" Dealraíonn sé sin go mbeidh méadú 50 faoin gcéad i ndáiríre ar an méid a caitheadh ar thithe do dhaoine gan dídean cheana féin.
thug spent
" Ní dhéanaim ach sciuird a thabhairt ar Tesco de ghnáth, nuair a bhíonn fonn fíona orm ach thug mé aghaidh ar Theach Bhaile Mhaolmhuaidh (www.
mhealladh chun caiteachais to entice towards spending
" Bhí sé mar sprioc acu daoine a mhealladh chun caiteachais agus beidh de thoradh air sin, dochar breise don timpeallacht.
Caitheadh was spent
" Caitheadh os cionn leath milliúin Euro ar thurais an Aire ar na scairdeitleáin anuraidh.
Mhair sé he spent
" Mhair sé an saol bréagach seo ar feadh ocht mbliana déag go dtí nár fhéad sé an cur i gcéill a cheilt a thuilleadh.
chaitheamh to spend
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
tréimhse a chaitheamh to spend a while
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
caite spent
" Bhí mé i Trondheim na hIorua ar feadh deich lá ag comhdháil eithnearinceolaíochta an mhí seo caite.
meileadh spent, ate up
" Meastar go bhfuil sé ar chúpla milliún duine cheana féin; daoine ar scriúáil an rialtas iad le roinnt blianta anuas, agus ar meileadh a gcuid airgid ar mhaingléis agus éagantacht.
chaith mise I spent
" Luaitear an bhrúidiúlacht a bhíodh forleathan go maith, ach ‘nach raibh a dhath eile thairis sin, agus chaith mise 5 bl.
Chaith spent
" Chaith 400 milliún duine a gcuid vótaí sa toghchán is mó i stair an daonlathais.
dá gcaithfimis were we to spend
" Ba mhór an díol trua é dá gcaithfimis an saol deighilte amach ó dhaoine eile, dár n-armáil féin leis an teicneolaíocht chun dúshláin agus ríméid na teagmhála daonna a dhíbirt.
chaitheamh spend
" Dá bhrí sin beidh muidne ag triall ar thuaisceart na tíre i mbliana, mar is gnáth, le seal a chaitheamh ar an gcósta thuaidh le héalú ón bhfuacht sa deisceart.
chaitheamh to spend
" Freastalaítear sa mhainistir ar chuairteoirí ar mian leo seachtain shuaimhneach a chaitheamh ann i mbun urnaí agus machnaimh.
Chaith spent
" Chaith mé cuid den samhradh in Éirinn.
caite spent
" Tá bliain iomlán caite againn i St Germain-en-Laye ó thángamar anseo ag deireadh Lúnasa 2008.
caite spent
" Ach nuair a bheas a shaibhreas caite aige, an mbeidh sé fágtha ar an trá fholamh? Nó céard faoi Phádraigín? Brú na hArdteiste, gan spás aici di féin agus obair an tí go léir á déanamh aici.
chaitear is spent
" 4% á mholadh go náisiúnta! An sliocht as tuairisc Choiste na gCiorraithe a tugadh ag tosach an ailt seo thuas, tugann sé le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógáil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’.
caitheadh has been spent
" Níor cheart go gcuirfeadh sé aon iontas orainn, áfach, óir gur beag cúram ná airgead ná am a caitheadh ag forbairt an táirge chéanna ná ag déanamh margaíochta air le linn na tréimhse ardrachmais a bhí againn le dornán blianta anuas.
am a chaitheamh to spend time
" Is maith liom am a chaitheamh le mo dheartháir, am a chaitheamh le mo ghaolta.
Do chaithis you spent
" Imeacht as Ciarraí SMM: Do chaithis seal blianta i Luimneach (i gColáiste Mhuire gan Smál), i Chicago, i nGaillimh, ag teacht is ag imeacht as Baile Átha Cliath – An airíonn tú uait Ciarraí in aon chor? An mbeifeá sásta socrú síos i nGaillimh, i mBÁC nó i gCorcaigh? DÓS: Thugas.
Thugas yes, I spent
" Imeacht as Ciarraí SMM: Do chaithis seal blianta i Luimneach (i gColáiste Mhuire gan Smál), i Chicago, i nGaillimh, ag teacht is ag imeacht as Baile Átha Cliath – An airíonn tú uait Ciarraí in aon chor? An mbeifeá sásta socrú síos i nGaillimh, i mBÁC nó i gCorcaigh? DÓS: Thugas.
thugais you spend, stay
" SMM: Cén t-achar ama a thugais i Chicago? DÓS: Bhíos ann thart ar naoi mí ag obair agus thána thar n-ais.
thabharfainn I'd spend
" Dá mbeinnse saor, muna mbeinnse ag obair, thabharfainn an tráthnóna ag cócaireacht dom féin mar go mbím ar an mbóthar chomh minic agus ní bhíonn deis agam cócaireacht aige baile, seachas a bheith ag ithe amuigh an t-am ar fad.
chaitheas I spent
" Samhlaigh droichead ag dul ó bhun Shráid Uí Chonaill go hAscaill Uí Ghríofa! B'aoibhinn liom a rá gurbh é seo an chuid ba shuimiúla den turas, ach chaitheas an t-am ar fad faoi scamaill chomh fuar sin go mb'éigean dom stopadh agus cóta a chur orm.
Caithfear shall be spent
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
caitheadh was spent
" Cé as a dtáinig an smaoineamh contúirteach seo, deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta? Níor tháinig sé ó Choimisiún na Gaeltachta a chuir neart moltaí fiúntacha faoi bhráid an Rialtais sa bhliain 2002? Níor tháinig sé ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta, ar caitheadh am, dúthracht agus airgead leis.
caitheadh were spent
" Chuir na comhlachtaí móra mianadóireachta feachtas díogháir in éadan na cánach nua ar siúl, ag maíomh go gcaillfí na mílte post sa tionscal dá bharr, agus caitheadh na milliúin dollar ar fhógraíocht ar an dá thaobh.
ní chaithis you didn’t spend
" **CB: Tánn tú ag maireachtaint i gCarachán, i gceantar na Feothanaí, san áit inar tógadh tú, ach ní chaithis do shaol ar fad ansan.
thugas timpeall le I spent about
" Fuaireas jab an chéad lá istigh i monarcha agus thugas timpeall le ceithre mhí ansan.
tugtha acu who have spent
" Ní hamháin sin ach tá Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is mó de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil.
caite amach and spent
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
Chaith Mandelbrot spent
" Chaith Mandelbrot seal i bPáras sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá i 1958.
gcaitheamh go fánach spending it foolishly
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
caitheamh spending
" Bhí sé ar bharr na nuachta ar feadh cúpla lá, go raibh sé le Man U a fhágaint ina dhiaidh, mar nach raibh an club sin ag caitheamh a dhóthain airgid ag ceannach imreoirí maithe, le himirt taobh leis.
gcaitear is spent
" I dtuairisc a d’fhoilsigh Deloitte i 2007, dúirt siad gur léirigh an t-iniúchadh a rinne siad ar na staidrimh, go gcaitear £1.
chaitheamh to spend
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
Chaith sí she spent
" Chaith sí trí seachtaine sáinnithe ina seomra folctha.
chaitheamh to spend
" Nuair a chinn mé féin agus m’fhear céile ar mhí na meala a chaitheamh ar safari sa Tansáin in oirthear na hAfraice, ní raibh mé ag tnúth le cosúlacht ar bith a fheiceáil idir an tír choimhthíoch sin agus Éire, ach bhí dul amú orm.
chaitheadh sí she used to spend
" Bíodh is gur rugadh MacKellar in Sydney, chaitheadh sí sealanna fada go rialta sa cheantar tuaithe in aice le Gunnedah, áit a raibh gabháltais ag a muintir.
chaith sé he spent
" Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol.
chaith an lá spent the day
" Chruinnigh an slua gealt taobh amuigh den uaimh agus chaith an lá ag magadh ar na seanóirí cliste istigh.