Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luach a saothair reward
" Tá an mana "ní neart go cur le chéile" caite ar leataobh agus luach a saothair á lorg ag na páirtithe - cumhacht pholaitiúil.
ar shlí na fírinne gone to their eternal reward
" Tá na bíomaí ar nós anam daoine atá ar shlí na fírinne ach, lena chois sin, seasann siad mar chomharthaí dochais, beatha, solais agus athnuachana," a mhínigh Gustravo Bonevardi, duine den fhoireann a dhear an taispeántas.
luach saothair cuibheasach maith a reasonably good reward
" Conas mar a mhaireann na daoine ======= Baintear luach saothair cuibheasach maith as cúrsaí turasóireachta anois agus tá roinnt mhaith daoine sáite sa ghnó seo ar shlí amháin nó slí eile.
luach saothair reward
" An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach cruatan, gortú, pian agus fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun.
duais reward
"duais de $5 milliún á tairiscint go fóill don té a chuirfidh eolas ar fáil faoin ghadaíocht seo.
Cúitíodh a shaothar leis he was rewarded for his labour
" Cúitíodh a shaothar leis nuair a toghadh mar Chomhairleoir Contae é anuraidh.
an mhórluaíocht the great reward
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
an beagchúiteamh saothair the small reward for effort
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
luach do shaothair your just reward
" “Do bharúil anois cén áit, a Bhaloir? Nach n-aithníonn tú do liosta aidiachtaí féin? Ghoid mé iad amach as alt de do chuid ar *Beo Ar Éigean*! Cá háit eile a bhfaighfeá Gaeilge chomh galánta nó chomh snasta? Dála an scéil, tá súil agam go bhfuil tú ag fáil luach do shaothair ón sprionlaitheoir suarach sramach sin Ó Doornail.
a luach saothair his reward
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
an t-aon luach saothair the only reward
" Ach bhí post ag teastáil uaim agus, ar aon nós, ní hé gurbh é airgead an t-aon luach saothair a bhainfinn as post a bheith agam i gcoláiste Gaeilge – coláiste a bhí lán de bhuachaillí, iad ar comhaois liom féin .
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that the reward would be worth the effort
" Thuig mé ag an bpointe sin go mbeadh siúl an lae maslach go maith, ach thuig mé leis gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go raibh an taobh sin tíre go hálainn agus cheana féin, bhí an radharc dochreidte.
breab reward
" In áit na daoine sin a dhíbirt, ’sé an chaoi gur tugadh breab dhóibh le go n-imeoidis! Nach deas an eiseamláir é sin do gach duine eile, ar a bhfuil cúram poiblí? (http://www.
luach saothair just reward
" Ach, cé gur imir gach fear ar fheabhas agus thar barr agus gur ‘thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt’ (John Spillane/Louis de Paor agus Madraí an Bhaile, 2002, Réalta) níor leor é agus ní raibh de luach saothair acu ach ‘bata is bóthar is fonn abhaile’.
a luach saothair his reward
" Dílseoir don cheannaire is ea é agus gheobhaidh sé a luach saothair dá bharr.
luaíocht ar eolas a chuideoidh leo a reward for information which shall help them
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
leis an luaíocht a fháil to receive the reward
" Chuir an fhoireann chosanta ina leith gur dhúnmharaigh seisean Bebensee agus go raibh sé ag iarraidh an locht a chur ar Stokes leis an luaíocht a fháil.