Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rialthóir regulator
" Agus má éiríonn le dúshlán cúirte atá ar bun ag an gcomhlacht in aghaidh ComReg, an rialthóir teileachumarsáide, beidh ardú de 25 faoin gcéad ar an gcíos líne, anuas ar na harduithe eile.
rialtóirí regulators
" " Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.
rialtóir regulator
" Dála Fhianna Fáil, is léir go bhfuil neart déanta ag an rialtóir ach níos mó fós le déanamh.
réamhtheachtaí an rialtóra reatha the fore-runner of the current regulator
" Rinne an t-acht seo socrú chun comhlacht a bhunú a dhíscaoilfeadh Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide (réamhtheachtaí an rialtóra reatha).
gan idirghabháil an rialtóra without the regulator's intervention
" Bheinn sásta dá mbeadh margadh ann ina bhfeidhmeodh na comhlachtaí gan idirghabháil an rialtóra.
an Rialtóra Airgeadais the Financial Regulator
" An mhí seo caite, shéan ceannaire an Rialtóra Airgeadais, Patrick Neary, nach raibh an Rialtóir sách dian ar na bainc.
Oifig an Rialtóra Airgeadais Office of the Financial Regulator
" Ba cheart leas a bhaint as riail Bosman le Nick Leeson a aistriú láithreach ó Ghaillimh Aontaithe go hOifig an Rialtóra Airgeadais agus bliain shabhóideach a thabhairt do Joe the Plumber le go bhféadfadh sé a shaineolas a roinnt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
lucht rialaithe regulators
" Má ‘cailleadh’ airgead mór le déanaí i scéimeanna Ponzi nó i ngadaíocht (agus, dar fia, is curiarracht nua an méid a chaill Bernard Madoff), ní rud nua é, ach is suntasaí go mór chomh héasca agus a bhí sé le roinnt blianta anuas caimiléireacht airgeadais a dhéanamh gan aird ar bith an lucht rialaithe a tharraingt.
rialaitheoir airgeadais financial regulator
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
ní roinnfidh an Rialaitheoir cead the Regulator won't give permission
" Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan' más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.
rialtóir airgeadais financial regulator
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
amhail rialaitheoir bainc like a bank regulator
" ’* (de Fréine, The Great Silence, 72) Má mhaolaigh Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse gnéithe den athrú teanga, níor stad siad é, nó tá an buille cniogtha á bhualadh lenár linn féin agus sinn sioctha, ag faire idir an dá shúil air amhail rialaitheoir bainc ag dearcadh ar iasachtaí Ponsaí.
nár tháinig an rialtóir ar the regulator hasn’t found
" Tá an margadh beag Éireannach ag síorathrú agus, ar an drochuair, is cosúil nár tháinig an rialtóir ar an chóras cheart rialála go fóill.
Rialaitheoir Airgeadais financial regulator
" Sin rud NÁR tharla i mbaincéireacht agus i ngnónna na tíre seo le linn do Rialaitheoir Airgeadais, Aire Airgeadais agus Rialtas a bheith i mbun na tíre agus bhí tíortha eile in Aontas na hEorpa chomh dona céanna.
rialtóirí airgeadais an rialtais the government’s regulator
" Ní dearnadh dochar uafásach don tír, mar coinníodh na seirbhísí ‘éigeandála’ ar oscailt, ach dúnadh forais thábhachtacha mar an Áisínteacht um Chosaint na Timpeallachta, an Roinn Dlí, rialtóirí airgeadais an rialtais, agus na páirceanna náisiúnta go léir.
rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha standard framework regulators
" Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*: ● Déan nascleanúint iomasach ● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid ● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora) ● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh ● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim ● Bain triall as tú féin.
chlis na rialaitheoirí airgeadais ar na daoine the financial regulators failed the people
" Is d’aon ghnó a chlis na rialaitheoirí airgeadais ar na daoine mar nárbh iad na daoine a lucht ceannais.