Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bómánta slow of perception, slow-witted
" Thosaigh sé ag magadh fúm, ag rá go raibh mé mall agus bómánta mar gur thóg sé tamall orm gearán a dhéanamh.
pheirspeicíocht perception
" Chomh maith leis sin, tá tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil.
nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint love is not seen as a perception
" Is é an toradh a bhí ar an athrú bunúsach seo nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint nó mar mhothúchán i gcónaí ar na saolta seo, mothúchán idirphearsanta a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth.
seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin rather than with the realms of feelings and perception
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
faoi bhraistint an duine about human perception
" Rachaidh mé leis le haghaidh braon tae nó caife, cuirfidh mé ceist is breacfaidh mé corrnóta, faoi bhraistint an duine, faoi na fótáin, is faoin tsolas.
léirstean perception, foresight