Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag amharc uathu looking into the distance
" Bhí an long ar an tsnámh fá seo agus sheas an ceathrar acu ansin agus na ráillí mar thaca acu, agus iad ag amharc uathu.
ag amharc uaidh looking into the distance
" Bhí doras an chairr foscailte agus bhí Cormac ina sheasamh os a choinne ag amharc uaidh.
a dhul go domhain sa scéal look deeply into the matter
" agus Michael Rí =========== An tríú huair a tháinig Rí na Rómáine i gceist dom, thuig mé go gcaithfinn a dhul go domhain sa scéal.
ar fiú breathnú air which is worth looking into
" I ndeireadh báire, níor athraigh mórán in olltoghchán Mheiriceá i mbliana, ach tá scéal mór taobh thiar den neamhathraitheacht seo ar fiú breathnú air.
n-amharcfaí arís air it would be looked into again
" Dúirt sé go n-amharcfaí arís air dá mba rud é go raibh daltaí ag baint buntáiste as an chóras ach go raibh sé i bhfách go mór leis an phrionsabal go mbronnfaí 40% de na marcanna ar chumas cainte an iarrthóra.
atá á ngrinneadh aige which he’s looking into
" Bhí lár na seachtaine curtha isteach ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh san ardchathair ach is iad gnóthaí Chonamara atá á ngrinneadh aige inniu, Dé hAoine, ar an gCeathrú Rua.
Sula bhfiosróidh muid an cheist before we look into the matter
" Cén fáth sin? Sula bhfiosróidh muid an cheist, caithfidh mé an cás a mhíniú.
nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal when the matter was looked into some more
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
a chíorann freagra scannánóirí ar nós which looks into the answer of filmmakers such as
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
amharc isteach iontu to look into them
" Tá sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh looking into the empty glass
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
ag fiosrú féidearthachtaí éagsúla maoinithe looking into various means of funding
" Tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar ár múnla foilsitheoireachta reatha agus tá muid ag fiosrú féidearthachtaí éagsúla maoinithe.
ag breathnú isteach looking into
" Bhí Gráinne Campion ag breathnú isteach sa scéal.
ag amharc isteach i looking into
" Cá bhfágfaimid Bollywood na hIodáile nó Ard Mór Chille Mhantáin? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach i scéal Ard Mór na hIodáile, ionad mór táirgthe scannán san am atá thart.