Pota Focal Intergaelic
bleak | lea | leac | lead | leaf
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sceitheadh which was leaked
" Bhí an t-eolas a sceitheadh i bhfad as dáta agus tógadh an t-ilomad fear nach raibh baint dá laghad acu leis an IRA.
an síorsceitheadh líomaintí the continuous leaking of allegations
" Tá an Trimbleach ar ndóigh ag smaoineamh anois ar an chéad olltoghchán Tionóil eile ar an chéad lá de Bhealtaine 2003, agus chan é amháin go bhfuil sé ag déanmah na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile ach tá an síorsceitheadh líomaintí ó "fhoinsí slándála" ag cur an-bhrú air; agus tá caint arís ann fá smachtbhannaí in éadan Shinn Féin, constaic eile ar an bhóthar iarainn a bhfuil traein na síochána air.
nuair a sceitheadh an t-eolas when the information was leaked
" Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
dialann a sceitheadh to leak a diary
" "Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama.
a sceith an t-eolas who leaked the information
" Baill den Gharda Síochána a sceith an t-eolas a chreid go leor san RUC.
nuair a sceitheadh eolas when information was leaked
" Cuireadh isteach ar theaghlach an Aire McDowell féin nuair a sceitheadh eolas faoi ionsaí a rinneadh ar a mhac.
ag sceitheadh scéalta leaking stories
" Fosta admhóidh sé gurb é féin an brathadóir cáiliúil contúirteach *Soupspoon*, a bhí ag sceitheadh scéalta faoi láithreacha scannánaíochta na hÉireann do Arnold Swartzenknickers, fear an dá hata: hata panama an Ghobharnóra agus hata *baseball *an léiritheora scannán.
sceith sé he leaked
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad de chuid na nGardaí chuig cara leis – ní chuig na meáin i gcoitinne mar a maíodh ag an am – a bhíonn ag scríobh altanna moltacha faoi.
a sceith sé an t-eolas that he leaked the information
" Nuair a bhí scannal Frank Connolly go mór i mbéal an phobail, thug an tAire McDowell le fios don Dáil ar an 13 Nollaig gur mar thoradh ar iarratas ó *Independent Newspapers* a sceith sé an t-eolas faoin iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Connolly ar phas Éireannach.
ag sceitheadh eolas rúnda leaking secret information
" An amhlaidh go bhfuiltear ag maíomh go dtarlaíonn a leithéid go rialta agus go mbíonn feidhmeannaigh de chuid na Roinne ag sceitheadh eolas rúnda ina gcuid comhad chuig iriseoirí gan oiread is nóta a bhreacadh faoi? Is ar éigean é! Droim láimhe don ghnáthphróiseas ======= Is léir go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire McDowell, chan amháin faoin iarratas áirithe seo ach faoin dóigh a thug sé droim láimhe don phróiseas atá leagtha amach ag an Stát fá choinne cáipéisí rialtais a scaipeadh.
sa chás sceite in the leaking case
" Glaodh air le déanaí chun fianaise a thabhairt os comhair Ard-Ghiúiré rialtais sa chás sceite a nocht Valerie Plame mar spiaire de chuid an CIA, cás a chuir an comhairleoir uachtaránachta Lewis Libby as oifig agus os comhair cúirte cheana féin.
sa chás sceite in the leaking case
" Glaodh air le déanaí chun fianaise a thabhairt os comhair Ard-Ghiúiré rialtais sa chás sceite a nocht Valerie Plame mar spiaire de chuid an CIA, cás a chuir an comhairleoir uachtaránachta Lewis Libby as oifig agus os comhair cúirte cheana féin.
fhaisnéis sceite an bhrathadóra the leaked intelligence of the informer
" Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra? Deir “srón” an tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole.
ag sceitheadh eolais leaking information
" Deir siad fosta go bhfuil imní orthu go bhfuil “eilimintí” san RUC báúil leis an UVF agus go bhfuil siad ag sceitheadh eolais le hIan Paisley.
sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí he leaked secret information from Garda files
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí chuig a chara Sam Smyth.
sceitheadh an scéal the story was leaked
" Ar ndóigh, sceitheadh an scéal ó shin gur gheall Tony Blair tacaíocht do Bush ag cruinniú sa Teach Bán ar an 31 Eanáir 2003.
nuair a sceith iarbhean Drewe, when Drewe's ex-wife leaked
" Deireadh an bhóthairTháinig deireadh leis an saol bréige seo nuair a sceith iarbhean Drewe, Bat-Sheva Goudsmid, a rún.
faoin eolas a sceitear about the information which is leaked
" Níl aon amhras ach go gcaithfidh siad a bheith níos discréidí faoin eolas a sceitear nó a fhoilsítear.
sceitear cuid de na hainmneacha some of the names are leaked
" Cé go bhfuil liosta ball Chlub 1001 rúnda, sceitear cuid de na hainmneacha ó am go chéile, agus ní haon ionadh é go bhféachtar le hé a choimeád faoi rún.
eisileadh leaking
" Chun tosaigh bhí Naonúr an Green Isle, le Denis Naughty agus Leo an Leon os a gcomhair amach, a gcuid claimhte ag lonrú sa solas gléineach a bhí ag eisileadh ó dhreach Enda.
sceitheadh is déanaí the latest leak
" De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta.
ag sileadh leaking
" Torann ó na leithris: bhí píobán ag sileadh ann.
scaoileann siad uisce aníos they leak
" Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc: - i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.