Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhuairc bleak
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
an-sceirdiúil very bleak
" Bhíodar ag cur ceisteanna orm ar nós, "An bhfuil sé an-sceirdiúil?" agus "An bhfuil sé an-seanfhaiseanta agus scoite amach ó áiteanna eile?" Bíonn daoine ag brath ar a gcuid réamhthuairimí.
sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta in that bleak spiritual landscape
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
sceirdiúil bleak, windswept
" Is ait liom anois an tsaoirse shamhlaíoch a scaoiltear ionam agus mé faoi ghlas ag Malaeisiagh ar eitleán dá gcuid 39,000 troigh os cionn na Tuircmeánastáine scéalaí, Mhuir Chaisp an Bhradáin Fhearna, agus tír sin na steipeanna cáiliúla - an Chasacstáin sceirdiúil féinig.
dhán fuarchúiseach scéirdiúil chilling and bleak poem
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
go dona” diúltach, sceirdiúil, neamhinspioráideach a bleak, negative, uninspiring ‘bad’
" Ní bhíonn ach “go dona” diúltach, sceirdiúil, neamhinspioráideach mar mharc ar ár gcuid iarrachtaí.
Má ghlactar leis an tuar duairc if one accepts the bleak forecast
" An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?
timpeallacht dhearóil ghruama seo these bleak gloomy surroundings
" D’fhás grá idir an bheirt acu sa timpeallacht dhearóil ghruama seo ach, ar nós scéal grá maith ar bith eile, bhí cúpla casadh sa bhealach rompu.