Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an dé a choinneáil ionainn féin keep life in ourselves
" Caithfidh muid uilig an t-ocras a chloí; caithfidh muid uilig an dé a choinneáil ionainn féin.
i dtaisce in safe-keeping
" Grian gheall… Trá the… Farraige fhionnuar… Cuimhní curtha i dtaisce ag trealamh teicneolaíochta - trealamh a raibh tionchar an-mhór aige ar beagnach gach gné de na laethanta saoire iad féin.
ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí in which holy books, bells and relics used to be kept
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta who would keep America engaged in continuous war
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
coinnítear sa dorchadas é he is kept in the dark
" Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca.
nár choinnigh spéis an léitheora seo ann. that didn't keep this reader's interest in it.
" Tá os cionn 350 leathanach ann – eipic scríbhneoireachta is ea é, ach ceann nár choinnigh spéis an léitheora seo ann.
coinneáil i dteagmháil to keep in touch
" Ní scríobhfaidh mé oiread is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl.
ar an méar fhada kept in abeyance
" Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh.
atá ag teacht le in keeping with
" Tá nuathéarmaíocht aici anois atá ag teacht le saol na linne.
de réir chúinsí na foirmle in keeping with the formula conditions
" Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
Choinneofaí ar an mbealach seo would in this way be kept
" Choinneofaí ar an mbealach seo an ghné dhaonlathach a bhaineann le Bord an Údaráis agus bheadh an saineolas cuí ar fáil ag leibhéal an bhoird, le go bhféadfadh an bord feidhmiú mar stiúrthóirí ag déanamh cinnte de go raibh an eagraíocht ag comhlíonadh a chuid dualgaisí reachtúla i leith caomhnú na Gaeilge mar mheán cumarsáide sa bheagán den Ghaeltacht atá fágtha.
a choinneáil dall to keep in the dark
" Mheasfá go gcaithfeadh duine amháin acu ar a laghad a bheith ar tuarastal go cúlráideach ag lucht faisnéise i dtíortha eile le huascáin na tíre seo a choinneáil dall agus chomh bómánta leis féin.
ag cloí le téama keeping in theme
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos I kept on talking in case
" Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos go dtitfeadh a chodladh air sa gcarr.
chuir sí suim ionam she kept an interest in me
" Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta.
choinnigh mé an teagmháil I kept in touch
" Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta.
le chéinne a choinneáil leat in order to keep your audience
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
ní fhágtar dall sinn ar we’re not kept in the dark in relation to
" Ach ní fhágtar dall sinn ar na cúraim bhunúsacha níocháin agus leithris a thógann Georges air féin le croí maith mór.
coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre kept by a judge who was started in his job
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
coinnigh do cheann isteach keep your head in
" Is é sin, coinnigh do cheann isteach agus, le cuidiú Dé, imeoidh an cnap oighir uait ar a bhealach síos san fhodhomhain.
lena ainm a choimeád in airde to keep the name in the public mind
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
de réir an bhunreachta in keeping with the constitution
" Thuig Taoiseach an ama sin, Liam Cosgrave, go bhféadfadh sé tarlú de bharr cinneadh an rialtais nach mbeadh an státchóras in ann a dhualgaisí a chomhlíonadh de réir an bhunreachta.
choinneáil os do chomhar amach keep in mind
" Agus an aiste seo á léamh, caithfear áiteamh mímhacánta na gcigirí bunreachtúla i 1996 a choinneáil os do chomhar amach.
choinneáil i gcumhacht (to) keep in power
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.