Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coinnithe ar páipéar kept on paper
" Cosaint ar ghalair ======= Deir an Roinn go bhfuil taifead cinnte coinnithe ar páipéar faoi na beithígh atá ag dul chuig an seamlas, agus go gcuirfear an t-eolas cuí isteach sa gcóras ríomhaireachta nuair a bheas an t-aighneas thart.
ag coinneáil súil ghéar orainn keeping a close eye on us
" Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.
dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air if it was necessary to keep a closer eye on him
" Bhí dochtúir aige, níos faide suas an cuarbhóthar, i mbaile Rialto, gar do Bhailtíní Fatima, a choinnigh súil air, a d’athraigh na táibléid nuair ba ghá nó a threoraigh isteach chuig an ospidéal é dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air dá mbeadh sé ag sleamhnú, dá mbeadh ag teip ar a chóir ‘fhéinleighis’ nó dá mba ghá bleaist den ECT (*electro-convulsive therapy*) a thabhairt dó dá mbeadh sé tar éis sleamhnú.
ach bád an gheilleagair a choinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuil sé faoi láthair. to keep the economy on its current course
" Is dócha nach bhfuil le déanamh ag PO, mar sin, ach bád an gheilleagair a choinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuil sé faoi láthair.
an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, he who doesn't keep his foot on the pedal
" Dúirt Jacques Delors, tráth, go raibh Aontas na hEorpa mar a bheadh rothar ann – an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, titfidh sé as.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí so that a close eye is kept on things
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
bhóthar mo leasa (keep) me on track
" Céad Litir an Duine Anaithnid A Iris agus a Phápa, a chairde liom, Mo mhíle buíochas libh as mé a choinneáil ar bhóthar mo leasa i dtaca le cúrsaí gnéis.
ag faireadh air keeping an eye on it
" Mar sin, go háirithe ar na hábhair is conspóidí, d’fhéadfá a bheith cinnte go leor go bhfuil an pobal ag faireadh air.
ag coimeád súile ar keeping an eye on
" Siúlann sí timpeall ag coimeád súile ar na rónta i rith an lae.
coinníonn sé súil ar he keeps an eye on
" Na laethanta seo, coinníonn sé súil ar stráice bóthair óna seacht a chlog ar maidin go dtí a seacht a chlog san oíche.
Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos I kept on talking in case
" Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos go dtitfeadh a chodladh air sa gcarr.
smacht a choinneáil orainn keep tabs on us
" Bhí spéaclóirí uirthi agus bhí sí gealgháireach i gcónaí, i gcónaí agus bhí sí in ann smacht a choinneáil orainn freisin.
ag coinneáil súile ar an chlog keeping an eye on the clock
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
an cosán a choinneáil ar imeall na haille to keep the path on the cliff edge
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
ag coinneáil súil níos géire ar keeping a sharp eye on
" Agus an cogadh san Afganastáin ag teacht chun deiridh, tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh na Meiriceánaigh ag coinneáil súil níos géire ar na hollchumhachtaí nua seo.
choinnigh sé air ag dortadh it kept on pouring
" Thosaigh an bháisteach ag a naoi a chlog ar maidin, agus cé nach raibh sé chomh trom is a bhí báisteach Spéirling Irene, a thug cuairt orainn i 2011, choinnigh sé air ag dortadh go dtí an lá dár gcionn.
súil ghéar a choinneáil ar keep a close eye on
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
súil a choinneáil ar na scóranna to keep an eye on the scores
" Ach thar aon ní eile is maith liom geall a chur Dé Sathairn ar na cluichí sa bpríomhshraith agus súil a choinneáil ar na scóranna ansin, an fhad is atá na cluichí ar bun.
coinnigí súil ar ollphéist keep an eye on the monster
" Teachtaireacht ó na Creachadóirí do na comharsana mar sin: ligigí don dá theanga meascadh ina chéile más mian libh, ach coinnigí súil ar ollphéist na Denglische sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga.
smacht a choinneáil air to keep control on it
" Óir is léir nach bhfuil córas pleanála na hÉireann in ann smacht a choinneáil air.
gcoinníonn sí smacht ar na meáin keeps a lid on the media
" Is maith an rud é go gcoinníonn sí smacht ar na meáin toisc go léiríonn sé an meas atá aici uirthi féin agus ar a teaghlach.
ag coinneáil súil ghéar orthu keeping a close eye on them
" Tá neart saineolaithe is múinteoirí ann cheana agus tá Google ag coinneáil súil ghéar orthu agus ar chaighdeán a gcuid oibre.
Scaoileadh an bobailín amach the top couldn’t be kept on the bottle
" Scaoileadh an bobailín amach, áfach.
súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint to keep an eye on Gaelic football and hurling
" Tá Colm Mac Séalaigh ag caitheamh an tsamhraidh i gConamara ach tá ag éirí leis súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint, mar sin féin.
le deis faire ar to have a chance of keeping an eye on
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.