Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pas beag amhrasach a little bit doubtful
" Ag tús ár gcomhrá mhothaigh mé go raibh sí pas beag amhrasach faoi mo leithéidse, bean óg, a bheith ag cur agallaimh uirthi.
amhrasach doubtful, suspicious
" Tá roinnt mhaith daoine amhrasach fós faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an chonradh seo agus tá go leor míshásta go bhfuiltear ag súil leo dul amach ag vótáil arís in ainneoin gur diúltaíodh don chonradh an uair dheireanach.
amhrasach doubtful
" Cinnte ba mhór an cuidiú é ag David Trimble dá dtabharfadh an IRA freagraí deimhneacha ar thrí cheist Blair, dá gcuirfeadh an IRA gunnaí agus armlón ó mhaith, ach tá poblachtánaigh amhrasach fá ábaltacht - nó toil féin - Trimble a pháirtí féin a thabhairt leis.
amhrasach fá dtaobh de sin doubtful about that
" Tuigeann gach ball den eagraíocht go bhfuil brú airgid ar CLG agus ar Pháirc an Chrócaigh, ach an réiteoidh cúpla cluiche sacair agus rugbaí idir seo agus an t-am a bheas an pháirc úr ar Bhóthar Lansdúin tógtha, an réiteoidh sin na fadhbanna seo? Tá cuid mhór ball den eagraíocht amhrasach fá dtaobh de sin.
amhrasach doubtful
" Déarfadh an té atá amhrasach gur iarracht shoiniciúil a bhí ann le go n-éireodh go maith le páirtithe an rialtais sna toghcháin áitiúla.
amhrasach doubtful
" Táthar amhrasach go mbeidh maoiniú go leor ar fáil ón earnáil phríobháideach a chuirfidh ar chumas an Tionóil leanstan ar aghaidh leis an scéim a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dti 1995 - 13 bhliain ó shin - nuair a d’oscail Bill Clinton an *'Titanic Park'.
amhrasach doubtful
" Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais? Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás.
amhrasach doubtful
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
in amhras doubtful
" Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
amhrasach doubtful
" Bhíothas amhrasach faoi thionchar na gclár seo agus, dá bhrí sin, rinne an Productivity Commission scagadh orthu anuraidh.
lucht an amhrais the doubtful Thomas’s
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
mionlach an amhrais the doubtful minority
" Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb'fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.
sách amhrasach doubtful enough
" Bhí mé féin sách amhrasach faoi seo, ach nuair a phill mé abhaile, thug mé faoi agus chaithfidh mé a admháil go raibh an toradh mórán ní b’fhearr ná a raibh mé ag súil leis.
lánamhrasach really doubtful
a thuilleadh atá amhrasach others are doubtful
" Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
In Amhras faoi go Leor doubtful of many things
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
in amhras faoi doubtful of
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
amhrasach ann féin doubtful himself
" I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
amhrasach faoi doubtful about
" ” Fear a raibh clú air mar fhear crua agus a bhí amhrasach faoi "shíocháin", bhí Ó hEára anois ag plé le forbairt phobail, le teagmháil a dhéanamh le Protastúnaigh a chathair dhúchais, le tógáil agus athnuachan foirgneamh a mbíodh an eagraíocht a raibh sé mar bhall ann ag iarraidh a scrios le tréan semtex.
amhrasach go maith mar gheall ar doubtful enough about
" Chríochnaigh an lá agus muid faoi stiúir ag traenálaí gáire, pé rud é sin a deir tú! Caithfidh mé a admháil go raibh mise agus mo chomhghleacaithe amhrasach go maith mar gheall ar an seisiún áirithe sin.
tháinig amhras orm ceart go leor sure enough I became doubtful
" Ach tar éis scaithimh tháinig amhras orm ceart go leor mar go raibh an iomarca ama agam le bheith ag smaoineamh orm féin.
amhrasach faoi doubtful about
" Léirigh na pobalbhreitheanna thuas go raibh mná na hAstráile amhrasach faoi cheannaire an fhreasúra, Tony Abbott, de bharr gur mheas siad go raibh a chuid ionsaithe ar Gillard gnéasach.
diamhracht amhrasach the doubtful mystery
" inc Uí Ghallchóir agus diamhracht amhrasach Mhic Aongusa.
amhrasach doubtful
" Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*” Míshásamh Thuas Staighre ========== Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
Is ar éigean hardly it’s doubtful
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
amhrasach faoi na treoracha doubtful about the directions
" “Cad é atá iontu?” an ceist a chuala mé go minic fúthu i nDún na nGall, agus bhí mé amhrasach faoi na treoracha orthu nuair a léigh mé an píosa seo i Travel Ireland: ‘*Donegal’s featured discovery points include the pugnacious coastline stretching from Dunfanaghy down to Killybegs, and passing by the Aran Islands and the Slieve League Cliffs.
an-amhrasach faoin scéal very doubtful about the matter
" In ainneoin sin tá roinnt daoine an-amhrasach faoin scéal.
an-amhrasach faoin very doubtful
" Anuas air sin, tá lia-chleachtóirí na hAstráile an-amhrasach faoin ról a bheadh acu dá gceadófaí eotanáis thoilteanach.
in amhras doubtful
" Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.
Bhraithfeá in amhras faoin tuairisc you’d feel doubtful about the report
" Bhraithfeá in amhras faoin tuairisc a thugann Daragh Ó Tuama ar an Alfa.