Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Bóiscéalaí Bomannach the Boastful Bragger
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
an Bóiscéalaí Bomannach the Boastful Bragger
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
an Bladhmaire Bóiscéalach the Boastful Boaster
" tchím!” arsa Balor an Bladhmaire Bóiscéalach.
gaisce a dhéanamh to be boastful
" Níl aon éirí in airde ag baint leis ná aon iarracht gaisce a dhéanamh.
cúis mhaíte reason to be boastful
" Gan aon agó, tá cúis mhaíte ag Stephen Harper, ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh, as a bhfuil curtha i gcrích aige féin.
Bóisceálach boastful
" “Ní lia duine ná tuairim,” a deir Balor an Buaiceálaí Bóisceálach, “agus ní luaithe daoine faoi agallamh eisiach agamsa ar *Beo ar Éigean* ná go mbíonn alt rialta acu in iris mhíosúil na Gaeilge, *Saol an Fhorais*.
an Bithiúnach Bladhmannach the Boastful Scoundrel
" Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned.
an Bromaire Bomannach the Boastful Windbag
" B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
Bleachtaire Bóiscéalach boastful detective
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
hóráidí bladhmannacha boastful speeches
" Ba dheacair dom an teilifís a choinneáil ar siúl agus na hóráidí bladhmannacha céanna á dtabhairt ceann i ndiaidh a chéile.
mórchúiseach boastful
" Cé go raibh clú agus cáil air ar fud an domhain, ní raibh sé mórchúiseach riamh.
Bóibéiseach boastful
" Anois, a léitheoirí dílse, tá scéal ag Balor daoibh; scéal fíor dar ndóiche, nó ní thig le Balor Bóibéiseach Boigéiseach bréaga a insint.
Bomannach boastful
" ” Agus ós ag caint dúinn ar chéad míle focal, bíodh a fhios agaibh a léitheoirí dílse, go bhfuil Balor Baoth Biatach Blonagach Bomannach Bóiscéalach Borrshúileach chomh glas le duine ar bith sa Chomhaontas Comhdhlúite sin, agus níos glaise.
bladhmannach boastful
" Pat Scary atá ann; Ciarraíoch beannaithe bladrach blagadach bladhmannach.
maíteach boastful
" Má bhí sé de dhánaíocht ag *Spike Milligan* a mhaíomh go raibh lámh aige i dturnamh ceann de na deachtóirí ba mheasa i stair na cruinne ins an leabhar *Adolf Hitler: My Part in his Downfall*, cad tuige nach ndéanfainnse cur síos maíteach ar mo ról san fheachtas leis an dealbh de cheann de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla i stair na Gaeilge a chur ar ais ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe? Nó Pádraic Ó Conaire: *My Part in his Upgrade*, más mian leat.
Cloistear port maíteach the boastful opinion ... is to be heard /found
" Cloistear port maíteach Walsh i scríbhneoireacht breithimh níos óige, Gerard Hogan san Ard-Chúirt, fear a rinne gearán le déanaí mar gheall ar líon na ndaoine sa phoblacht nár thaispeán meas a dhóthain do Bhunreacht na hÉireann.