Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Frithchultúr counter-culture
ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil beating the wood of the counter with the rhythm of the music
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
leis an ngluaiseacht fhrithchultúir with the counter-cultural movement
" Bhí baint ag lonnaitheoirí na haoise nua leis an ngluaiseacht fhrithchultúir a bhí ar siúl ar fud an domhain sna seascaidí.
os comhair cuntair in front of a counter
" Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin.
faoin chuntar as radharc. under the counter out of sight
" Anois isteach libh agus dúnaigí an doras,” arsa Cathal Ó Riada, a bhí i ndiaidh an deichniúr Síneach agus a gcuid piontaí a shá isteach faoin chuntar as radharc.
taobh thiar den chuntar behind the counter
" Mar sin, caithim cúpla nóiméad ag caint le fear na gruaige duibhe atá taobh thiar den chuntar.
ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh counters Jewish teaching
" Is 'ailse' é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.
chuntar counter
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
fhrithchultúir counter culture
" Bhí gluaiseacht an fhrithchultúir faoi lán seoil ar fud an domhain agus bhí agóidí móra ar siúl abhus in éadan rannpháirtíocht fhórsaí na hAstráile sa chogadh i Vítneam.
ag teacht salach ar running counter to
" Sa chás cáiliúil *Brown v The Board of Education*, 1954, rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht.
ag teacht salach running counter to
" Bheadh beartas Fhine Gael i leith ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh ag teacht salach go huile is go hiomlán ar aidhmeanna na straitéise.
frithshlógadh counter demo
" Slógadh magaidh atá i gceist, faoin teideal searbhasach ‘Restoring Sanity’, nó ‘Athghabháil na Céille’, ach go cinnte, is frithshlógadh é mar sin féin.
ag teacht salach ar running counter to
" Bhí an chollaíocht ag teacht salach ar an naofacht, dar leo.
Fhrith-Athleasú Creidimh Counter Reformation
" Ó sin i leith, bheadh na ministrí Protasúnacha pósta, agus bheadh cléir an Fhrith-Athleasú Creidimh aontumhach.
frithagóid a counter demo
" Ar 15ú Meitheamh 1974 chuaigh mé suas go Londain le haghaidh frithagóid in aghaidh an National Front, dream faisisteach a bhí le mórshiúl tríd an phríomhchathair ar an lá sin.
frithbhearta counter actions
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir consolidated the counter-culture revolution
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
cineál frithghnímh a type of counter action
" Is cineál frithghnímh é an lámhlorg a chuireann bacainn, nó cúngú, ar do rian coise.
Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna it runs counter to all human reasoning
" Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna, go mbeadh comhcheart ag an ubh, nó an ghin, atá i dtús a fáis sa bhroinn le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo.
háiritheoir counter
" Ar thaobh na cathrach den áit a bhfuil an droichead sin inniu, chonaic mé oibrí Bardais ag tomhas thart ar na tomacha ar bhruach na habhann le háiritheoir Geiger.