Tá páirteanna de Staten Island, Brooklyn, Queens agus na Bronx, ar a dtugtar toghlaigh amuigh Nua-Eabhrac, lán ceantar an-traidisiúnta lucht oibre agus meánaicmeach.
Dhealraigh sé gurbh é an teachtaireacht gan rá a bhí i gceist ná go mbeidh Éireannaigh na mbuirgí seachtracha i dtrioblóid leis na póilíní má ólann siad beoir go poiblí, ach nach amhlaidh a bheas i gcás an dreama ar spéis leo an ceol clasaiceach.
An tseachtain seo chugainn, beidh lucht canta Salm ag teacht aduaidh as Eilean Leòdhais sna hInnse Ghall le bheith ag ceol i nDroichead Átha ar an 4 Bealtaine san Eaglais Agaistíneach i Sráid an tSiopa, ag toiseacht ar a 7.