Agus annsúd go deimhin i bhfís oidhche do dhearcas fear darab ainm Bhictoricus fé mar a bheadh sé ag teacht ó Éirinn, agus litreacha do-áirithe aige; agus do shín sé ceann aca chugam, agus do léigheas tosach na litreach mar a raibh guth na nGaedheal; agus tráth is mé ag aithris tosaigh na litreach, dar liom gur chuala, an nóimeint sin, guth na ndaoine bhí ina gcomhnuidhe i n-aice le
coill Fochluid, atá i gcomhgar na farraige thiar, agus sid é mar do ghlaodhadar ós árd, d’aon ghlór béil mar déarfa: “Aitcheam ort, a ógánaigh naomhtha, teacht chughainn is siubhal fós i n-ar measc.