Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s'againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider -
carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt.