a tharraing m'aird
which drew my attention
Clár faisnéise a chonaic mé ar an teilifís ag tús na bliana
a tharraing m'aird ar Chúba ar dtús.
a chuaigh i bhfeidhm orm
which made an impression on me
Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile
a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
a thagair
which referred
Bhí gach sliocht
a thagair don Aire Cosanta Jim Gibbons marcáilte ar an gcáipéis sin.
ar a bunaíodh an stát
on which the state was founded
Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil
ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
a dhírigh aird
which focused attention
Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta,
a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
a cheileann a ndúchas
which hides their origin
Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair:
Peig Sayers Robert Tenpenny
Nioclás Tóibín James Hawkins
Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald
Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar
Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle
Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth
a cheileann a ndúchas orainn.
a mhairfeadh
which would last
Bhí an ráta dífhostaíochta ag 18% aimsir an toghcháin dheireanaigh, bhí frithdhúnadh
a mhairfeadh fiche mí á dhéanamh ar chúig chéad dugaire agus bhí muintir na háite ag súil le cuidiú go gasta.
a spreagann machnamh
which makes think
Is ealaín
a spreagann machnamh an saothar atá tagtha as an chaidreamh deich mbliana atá ag an dánlann leis an eastát áitiúil tithíochta, eastát Naomh Mícheál.
a chraoltar
which is broadcast
Fiú nuacht "náisiúnta" an BBC
a chraoltar as Londain, tá "Ireland Correspondent" acu.
Rud a chruthaíonn
which proves
Rud a chruthaíonn gur maith le daoine ceol binn, comhluadar deas agus pórtar fuar dubh i gcónaí!
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Sheachtain Willie Clancy ag: www.
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian
the way in which drink affected Cian
Chuir Síle i gcónaí sonrú sa
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
a sháróidh na laigí
which will overcome the shortcomings
Tá muid ag fanacht ar na déantóirí sa tSeapáin córais a chur ar fáil dúinn
a sháróidh na laigí atá ag WAP faoi láthair.
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian
the way in which drink affected Cian
Chuir Síle i gcónaí sonrú sa
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
rud a scriosfadh
which would ruin
Mhillfeadh seo áilleacht na háite,
rud a scriosfadh tionscal na turasóireachta sa cheantar.
as ar fáisceadh é
from which he was bred
B'ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr
as ar fáisceadh é.
idir dhá cheann na meá
undecided, not knowing which way to jump
Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh
idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
a bhain an-phreab
which really startled
D'inis Fraoch dom faoi eachtra a tharla lá amháin
a bhain an-phreab as achan duine san oifig.
a ghineann siad
which they generate
Tá an t-airgead
a ghineann siad ag teastáil chun an óige a mhealladh, a choinneáil agus a thabhairt chun blátha.
a sholáthraíonn
which supply
Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht
a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
a dhíríonn ar
which concentrate on
Tá féilte ann, a deir sé (Seachtain na Gaeilge ina measc),
a dhíríonn ar nithe traidisiúnta; bíonn ceol traidisiúnta i gceist, sean-nós, comórtaisí, etc.
a d'éiligh Aogán
which Aogán demanded
ie* gach rud
a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
a chuireann ar chumas
which enables
An laige is mó atá ann maidir leis an nGaeilge ar an idirlíon ná nach bhfuil áiseanna curtha ar fáil
a chuireann ar chumas daoine an teanga a fhoghlaim.
a chuireadh airgead i dtaisce
which used to save money
Bhíodh cáil orainn mar phobal
a chuireadh airgead i dtaisce go rialta, ach le blianta anuas táimid an-chaifeach ar airgead.
a roghnaítear
which is chosen
Chun cuntas a oscailt, caithfear Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (seanuimhir RSI) a sholáthar don institiúid
a roghnaítear.
a shníonn
which flows, courses
Nach in é an domhan ina mairimid, an geilleagar saor… Saor sinn!
Tugtar an "Creek" nó an góilín ar an ngaoth sáile
a shníonn trí Dhúbai agus is ann a chífidh tú an *dhow*, an bád traidisiúnta atá ag trádáil leis an India agus leis an Afraic mar a dhein leis na cianta cairbreacha.
atá á chosaint go tréan
which is being strongly protected
Fiafraím díom féin, an bhfuil an "cultúr" Lár-Atlantach (
atá á chosaint go tréan ag Bush agus Blair sa "chogadh" seo), an bhfuil an "cultúr" sin ag dul i bhfeidhm ar na hArabaigh?
Féachaim ar chréatúr acu.
a sceitheadh
which was leaked
Bhí an t-eolas
a sceitheadh i bhfad as dáta agus tógadh an t-ilomad fear nach raibh baint dá laghad acu leis an IRA.
a bhuaigh
which won
Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh",
a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
atá ag síneadh
which extends
Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo
atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
a chraolann
which broadcasts
Stáisiún pobail atá ann
a chraolann achan deireadh seachtaine.
a rachaidh go tóin poill
which will sink
Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic
a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
a foilsíodh
which was published
Is cuimhin liom grianghraif d'Éirinn a fheiceáil den chéad uair tamall beag roimhe sin, in iris Fhrancach éigin
a foilsíodh le cuidiú ó Bhord Fáilte.
a chinnteodh
which would ensure
Le linn an fheachtais toghachánaíochta dheireanaigh, thug gach páirtí polaitiúil sa tír geallúint go gcuirfidís córas nua ar bun
a chinnteodh nach iad na gardaí a bheadh ag scrúdú a gcuid oibre féin níos mó.
a d'aimsigh
which picked us out
Focal níor tháinig as a béal siúd ach oiread, ná cor níor bhain sí as a leiceann ach a súile ag tabhairt sciuirde timpeall ó dhuine go duine nó gur chaith sí fuíoll a hamhairc i dtreo na bhflaitheas nuair
a d'aimsigh muid amharc a chéile.
a sháraíonn
which overcome
com) do mhargadh na hÉireann
a sháraíonn na fadhbanna seo.
an saibhreas a bhí rompu sa cheantar
the richness which preceded them in the area
A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar *Songs of a Hidden Ulster*, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d'aithin sí go raibh "géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad
an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.
a eascraíonn as
which stem from
Tá gach dealramh air gurb iad an leibhéal ard coireachta agus foréigin
a eascraíonn as mí-úsáid alcóil an t-aon rud a bhfuil an Rialtas seo buartha faoi.
a luíonn isteach
which blends in
Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál,
a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide.
a chothaíonn fiontraíocht
which promotes enterpreneurship
Moladh Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine ag na RSUA Design Awards chomh maith, as ucht spás éifeachtach a chruthú
a chothaíonn fiontraíocht sa chathair.
a shleamhnaíonn
which slips
Tá an córas seo éifeachtach toisc go bhfuil sé deacair *spam *a chruthú
a shleamhnaíonn trí na scrúduithe ar fad," a deir Malone.
a Saolaíodh Dhá Uair
which was born twice
"Kahdesti syntynyt kieli" nó "An Teanga
a Saolaíodh Dhá Uair" ba teideal don scannán.
a taifeadadh
which were recorded
Cé go bhfuil rianta air atá tógtha ó albaim eile a foilsíodh roimhe seo, chomh maith le rudaí
a taifeadadh as an nua go speisialta don tionscadal seo, níor íslíodh an caighdeán ceoil in am ar bith.
a rachas chun sochair do
which will benefit
Sna blianta atá amach romhainn, beidh dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí
a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.
a d'eascair ón gcruinniú
which emerged from the meeting
Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis
a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
as ar fáisceadh iad
from which they came
"
Is rud iontach é go bhfuil na logainmneacha bailithe ar an dlúthdhiosca seo, sula n-imeoidh siad as cuimhne leis an saol
as ar fáisceadh iad.
a shíolróidh
which will grow/come
Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo,
a shíolróidh ón cheann údarásach.
a thig salach
which contradicts
Is beag an seans, mar sin, go mbeidh cruinnithe idir baill Shinn Féin agus an UDA sa todhchaí, rud
a thig salach ar thuairimí lucht scríofa "Common Sense" a mhaígh gur shíl an pobal Protastúnach nár leor é *No *a rá.
i gcion orm
which made an impression on me
I gceann de na bailte iascaireachta chonaic mé póstaer a chuaigh
i gcion orm - grianghraf beag an duine de 270 duine, ainm agus dáta leis - an lá a cuireadh sa phríosún iad, measaim.
nach bhfuil a shárú le fáil
which can't be surpassed
Nuair a fheiceann duine cluiche mór peile nó iománaíochta ó Pháirc an Chrócaigh ar an teilifís, mar aon leis na dathanna agus an t-atmaisfear speisialta
nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith, tuigeann sé/sí go bhfuil an staid nua seo inchurtha le haon staid sacair nó Oilimpeach ar fud an domhain agus gur faiseanta agus gur taitneamhach an rud é bheith páirteach san atmaisféar agus sa "chraic" a ghabhann leis na cluichí Gaelacha.
a imrítear
which is played
Meallann sé seo daoine eile i dtreo na gcluichí agus feiceann daoine go bhfuil na cluichí Gaelacha chomh maith le haon sórt cluiche eile
a imrítear aon áit ar domhan.
a chraoltaí
which used to be broadcast
Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainm "Cúrsaí Ealaíne",
a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir sé agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.
rud a chuideoidh leis an cheantar
which will help the area
Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann,
rud a chuideoidh leis an cheantar.
a fheidhmíonn i gcoinne víreas
which work against viruses
Cheana féin, tá daoine tosaithe ar shíntiús rialta a íoc chun bogearraí
a fheidhmíonn i gcoinne víreas a choimeád suas chun dáta.
a bhí á n-iompar
which were being carried
Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra
a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
a bhiseoidh le himeacht aimsire
which will improve through time
Tá croífhoireann curtha le chéile atá maith agus
a bhiseoidh le himeacht aimsire.
a chorraíonn an croí go mór
which moves the heart greatly
Ní raibh ach thart fá deichniúr eile i láthair, agus is mór an trua sin mar gur scannán é
a chorraíonn an croí go mór.
a chuaigh i bhfeidhm air
which made an impression on him
Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó
a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu
which are in their very fibre
Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí
atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
a aontóidh
which will unite
Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó,
a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
a chosnaíonn
which protects
Gearán
=======
Faoi láthair is é an tAcht Um Chlúmhilleadh 1961
a chosnaíonn saoránach ar bith de chuid an stáit seo ar leabhal.
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm
which would gain a bad name for the profession
Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
a chuireann cradhscal ort
which make you shudder
Gan amhras ar bith, is seoid é oileán na hÉireann maidir le tírdhreach, cé go gcaithfidh tú do shúile a dhúnadh ar eastáit nua tithe saoire sna 26 Contae,
a chuireann cradhscal ort féachaint orthu, agus iad ag dreapadh na mbeann nó ina suí ar a ngogaide cois trá.
a spreag mise
which motivated me
Tá airgead ag teastáil le gnó a rith ach ní hé an t-airgead
a spreag mise.
a chuireann na mná i ndaoirse
which enslave/oppress the women
Ina saothar feictear braillíní mar rudaí
a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruáil an tsaoil.
a léiríonn
which shows
Cad é atá ar siúl in Éirinn faoi láthair?
Tá fianaise ag teacht chun cinn an t-am ar fad na laethanta seo
a léiríonn go bhfuil caimiléireacht fhadbhunaithe i gceist i go leor réimsí de chuid na sochaí.
a mhaíonn
which claim
Is dhá shuíomh snasta iad sin
a mhaíonn go mbaineann siad le hollscoileanna in Éirinn - dhá ollscoil nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu sa tír seo.
a mhaígh
which claimed
D'fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal
a mhaígh gurb é Gerry Adams "Osama's Soul Brother" agus d'fhoilsigh scéalta fá bhuamaí IRA ar an Bhruach Thiar, mar dhea.
ina bhfuil cosc ar thobac
in which smoking is prohibited
D'aimsigh mé an áit ar an idirlíon - tá ceol ar shuíomh gréasáin s'acu agus fógraítear an lóistín mar áit
ina bhfuil cosc ar thobac.
a athchraolann cartúin
which repeats cartoons
Tá Éire i measc na dtíortha Eorpacha is mó
a athchraolann cartúin agus anamúlacht eile de dhéantús na Stát Aontaithe, agus i measc na dtíortha Eorpacha is lú a dhéanann freastal ar pháistí maidir le cláracha oideachasúla, fíriciúla nó drámaíochta de.
a chraoltar
which is broadcast
Tá an clár taistil "Amú Amigos",
a chraoltar ar TG4, go mór i mbéal an phobail le déanaí.
a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá
which rocked the American business world
Ba iadsan, ar ndóigh, aghaidheanna na scannal corparáideach
a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá in 2002.
a chinntíonn
which ensures
Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann
a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
a mheallann daoine
which attracts people
Scríbhneoirí an Bhlascaoid
=======
Lasmuigh d'áilleacht an pharóiste tá gné eile den saol
a mheallann daoine anseo agus is é sin an litríocht.
atá fós ar bhéalaibh daoine
which are still being spoken of
Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar "Bhád na nGort nDubh", ar an "Santa Maria de La Rosa", ar "Dhóiteán Bhailícín" agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste
atá fós ar bhéalaibh daoine.
arb í mo thír féin í, ar ndóigh
which is my own country, of course
Agus mé ag foghlaim na Gaeilge, tá súil agam go bhfuil mé ábalta rud beag measa a thaispeáint ar chultúr agus mhuintir na hÉireann,
arb í mo thír féin í, ar ndóigh.
a nochtadh
which were revealed
Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir
a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
na mbuamaí a phléasc
the bombs which exploded
Anuas air sin, creidim go n-ardóidh tuarascáil fiosrúcháin eile a fhoilseofar go luath in 2003 go leor ceisteanna eile faoi údarás an Gharda Síochána, is é sin fiosrúchán an Bhreithimh Barron atá ag féachaint ar a tharla i gcás
na mbuamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán i 1974.
a chinnteoidh
which will ensure
Ach sin ráite, is dóigh liom go mbuailfear tairne i gcónra gach duine acu in 2003
a chinnteoidh nach fada eile a bheidh siad in oifig.
a bhéarfaidh faoiseamh éigin
which will give some relief
Anois, caithfidh siad na himpleachtaí a mheas a bhaineann le toradh
a bhéarfaidh faoiseamh éigin agus muinín úr d'aontachtaithe.
Foilsíodh tuairisc a mhaígh
a report was published which stated
"
Foilsíodh tuairisc a mhaígh go gcaithfeadh gach comhairle áitiúil ó thuaidh riar do Ghaeilgeoirí.
a chraoltar beo
which are broadcast live
Ag an leibhéal is airde, agus go mór mór i gcás cluichí
a chraoltar beo ar an teilifís, airíonn siad brú mór a bheith orthu toisc go bhfeiceann na ceamaraí go leor nach bhfeiceann siad féin.
rud a laghdóidh an t-ualach oibre
which will lessen the burden of work
"
Beidh duine as Sasana á cheapadh acu mar bhainisteoir gan mhoill,
rud a laghdóidh an t-ualach oibre atá ar Cholm.
a bhfuil an-rath air
which is very successful
Cé gur seo tionscadal acadúil
a bhfuil an-rath air é seo, tá na húdaráis in Institiúid Mhic Eochaidh den tuairim mar sin féin go bhfuil neart oibre le déanamh go fóill.
a thaitin le hachan duine
which appealed to everyone
Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téama spreagúil agus dóchasach sa dearadh agus thóg sé tamaillín teacht ar théama
a thaitin le hachan duine.
a thagann sna sála orthu
which follows them
Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach
a thagann sna sála orthu.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe
they couldn't agree on which way the wind was blowing
An lá ab fhearr a bhí siad
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
atá á bhagairt
which is being threatened
Tá deighilt mhór i bpobal na hAstráile faoin gcogadh seo
atá á bhagairt.
as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta
from which the Good Friday Agreement emerged
Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí
as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
a thagraíonn d'imeachtaí reatha
which refers to current events
In áit eile ar an suíomh, faoi cheannteideal
a thagraíonn d'imeachtaí reatha, tá liosta cruinnithe a tionóladh an samhradh seo caite.
an aois ina maireann muid
the age in which we live
Léargas beag eile ar an dóigh a mbraitheann an dearcadh atá againn ar an áit ina bhfuil muid agus
an aois ina maireann muid.
comórtas a imrítear
a competition which is played
Geit as Baile Átha Cliath
=======
An chéad chorn a bhuaigh Contae na Mí faoi stiúir Sheán Boylan ná Corn Uí Bhroin,
comórtas a imrítear go luath gach bliain i measc chontaetha Chúige Laighean.
a d'fhág sínte í
which knocked her to the floor
"
Leis an lámh eile bhuail sé dorn uirthi
a d'fhág sínte í.
atá á urrú
which is being sponsored
Is tionscadal trí bliana é
atá á urrú ag Coimisiún na hEorpa.
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt
which is supposed to offer respite
Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
atá á bhagairt
which is being threatened
"Faoi láthair níl mé róbhuartha faoin chogadh
atá á bhagairt i gcoinne na hIaráice," a dúirt Ciara Walsh óna teach cónaithe i mBéal Feirste.
a chruthaíonn dream
which is created by a group
Is ealaín í an Outsider Art
a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
a leáigh
which melted
Má thagann tú chun féachaint ar bhláth ar charraig is ar chloch beidh deis agat an chloch aoil is an dríodar eibhir, a bhí in íochtar an oighir
a leáigh timpeall 10,000 bliain ó shin, a fheiceáil.
a chinneann
which decide
Tá rialacha agus dlíthe ann
a chinneann agus a riarann a leithéid.
atá á soláthar
which are being supplied
Fadhbanna eile
=======
Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí
atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
a sholáthraítear ar shlite eile
which are supplied in other ways
Ach in ionad na seirbhísí a sholáthar thar an nguthán soghluaiste faoi mar a bhí i gceist go dtí seo, tá an fhéidearthacht ann anois an fón a úsáid mar ghléas chun íoc as seirbhísí
a sholáthraítear ar shlite eile - bíodh sé sin ar an idirlíon nó tríd an bpost.