ag dul in airde ar mhealbhacánmounting a watermelon
Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.
Is iomaí uair an chloig a chaith cuid againn ag déanamh iontais de agus ag baint taitnimh as a gcumas chun dreas mór scórála á chur i dtoll a chéile acu, seasca, seachtó, céad pointí, á gcur ar chlár an scóir le scil iontach agus géire intinne.
Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige.
Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.