Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éilítear dílseacht dochreidte uathu an unbelievable amount of loyality is demanded of them
" Is cinnte go bhfuil ardmholadh tuillte acu as a spiorad agus a ndíograis agus go n-éilítear dílseacht dochreidte uathu don fhoireann chontae.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
strus áirithe a certain amount of stress
" "Ní thagann an obair idir mé féin agus codladh na hoíche, caithfidh mé a rá, ach tá strus áirithe ag baint leis gan amhras.
an oiread céanna dochair the same amount of harm
" Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.
ar cóimhéid the same amount
" Ní mór an t-ús a ghnóthaítear tríd an tsuim seo a infheistiú sa Scéim Iasachtaí Náisiúnta agus é a bheith ar cóimhéid leis an chíos talún a bhí á íoc roimhe sin.
an t-uafás ama a huge amount of time
" Tá úsáideoirí timpeall an domhain tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ag troid i gcoinne na n-ionsaithe seo.
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Bhí an t-uafás oibre ann, in ainneoin cúnamh (airgid, srl) a bheith ar fáil ó Chomunn na Gàidhlig agus ón Fheidhmeannas.
slám amount
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
an t-uafás a great amount
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
an t-uafás grianghraf a huge amount of photos
" An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo.
slám mór airgid a big amount of money
" De réir lucht an fheachtais ar son ospidéil i dTuaim - agus is cuntasóir é an té atá ag obair mar chisteoir dóibh - shábhálfadh an Stát slám mór airgid chuile bhliain dá mbeadh na leapacha sin in úsáid i dTuaim in áit na leapacha costasacha i nGaillimh.
an t-uafás infheistíochta a huge amount of investment
" "Tá coinníollacha deacra san amharclann faoi láthair agus tá an t-uafás infheistíochta de dhíth.
an t-uafás ama a large amount of time
" Caitheann daoine an t-uafás ama ag taisteal chuig an obair agus abhaile agus iad suite ina ngluaisteáin i dtranglaim thráchta, i mbusanna agus ar thraenacha.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
lear mór ábhar pléascach a great amount of explosive material
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
lear mór ábhar pléascach a great amount of explosive material
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
an t-ualach oibre the amount of work
" An cara is dlúithe atá agam, Suzanne Breen anseo i mBéal Feirste, feicimse an t-ualach oibre a dhéanann sise chun scéal a aimsiú, an obair a chuireann sí isteach.
cuid chóir a just amount
" Ta na himreoirí i dteideal cuid chóir den ioncam sin a bheith roinnte eatarthu.
méid dochreidte ama an unbelievable amount of time
" Dá gcaithfeadh sé rogha a dhéanamh, an rachadh sé leis an ealaín nó leis an cheol? &#147;Is í an ealaín mo cheird, is í an ealaín a chuireann bia ar an tábla ach caithim méid dochreidte ama i mbun ceoil, ainneoin go bhfuil sé in ainm is a bheith ina chaitheamh aimsire agam,&#148; ar sé.
ollmhéid hidrigine a huge amount of hydrogen
" Ach má tá méid mór gluaisteán hidrigine i gceist, beidh ollmhéid hidrigine (agus ollmhéid fuinnimh) de dhíth.
lagmheasarthacht rather small amount
" * Gluais &#149; Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m&#146;aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
an méid ceana the amount of affection
" Dá mbeadh a fhios acu an méid ceana atá agam orthu &#133;&#148; Tá sé íorónta, mar sin, go gcaitheann oiread daoine fásta a bhfuil post lánaimseartha acu céatadán chomh hard sin dá saol ní leis na daoine is mó a bhfuil dáimh acu leo ach leo siúd a bhíonn ag bun an liosta de ghnáth: a gcomhghleacaithe.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
meánmhéid average amount
" Is ionann an méadú seo agus &#128;27 sa bhreis a íoc gach mí ar mhorgáiste de &#128;100,000 nó &#128;81 sa mhí ar mhorgáiste de &#128;300,000 - an meánmhéid a thógtar ar iasacht le teach a cheannach i mBaile Átha Cliath.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
an oiread céanna tairbhe the same amount of benefit
" Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.
roinntí an méid a bhíodh fágtha the amount left would be divided
" ” An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
léann sé an t-uafás he reads a huge amount
" Nuair nach mbíonn sé ag obair, léann sé an t-uafás; go minic bíonn dhá nó trí leabhar á léamh aige ag an am amháin.
rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí he expressed surprise at the amount of CDs
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir&mdash;thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin&mdash;agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas&mdash;rinne sé mún&mdash;agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí&mdash;bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg&mdash;bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin&mdash;dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
méid áirithe dá leictreachas a certain amount of their electricity
" Tá taisteal saor in aisce ag pinsinéirí, cuir i gcás, méid áirithe dá leictreachas saor in aisce, ní gá dóibh cíos a íoc ar a líne theileafóin nó ceadúnas teilifíse a bheith acu.
an méid céanna fuinnimh the same amount of energy
" Ach cad faoi bhreosla eile a úsáid sna heitleáin? An féidir, mar shampla, eatánól a úsáid? Bhuel, ní bhíonn an méid céanna fuinnimh le fáil as an eatánóil is a bhíonn as an cheirisín, an gnáthbhreosla a úsáidtear in eitleáin an lae inniu.
an méid pléisiúir the amount of pleasure
" Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.
oiread déistine the same amount of disgust
" Ar ndóigh, chuir an ráiteas seo oiread déistine ar Ghaeilgeoirí is a chuir sé ar aontachtaithe agus tá siad ag troid ina éadan ó shin.
an t-uafás óil a huge amount of drinking
" Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha.
an oiread talún is atá in Éirinn. the same amount of land as there is in Ireland.
" Is ionann é sin agus 7 milliún heicteár nó an oiread talún is atá in Éirinn.
go leor leor bruscair a huge amount of rubbish
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
méid áirithe iomaíochta a certain amount of competition
" I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann.
an méid atá de dhíth the amount we need
" Is deas an meafar don saol é &ndash; tá lear mór rudaí againn ach líonfadh an méid atá de dhíth orainn mála droma.
an méid céanna fuinnimh the same amount of energy
" Ar dtús, níl an méid céanna fuinnimh i mbithbhreoslaí agus atá sa pheitreal; dá bhrí sin, ólfaidh inneall níos mó eatánóil ná peitreal.
méid ollmhór a huge amount
" Agus, ní measa fós: chun an fhoraois a bhaint, dóitear í, rud a scaoileann méid ollmhór CO2.
don mhéid ábhalmhór tráchta for the massive amount of traffic
" Tá an droichead, a bhfuil dhá leibhéal air don mhéid ábhalmhór tráchta a úsáideann é gach lá, ciliméadar go leith ar fhad, agus 65 méadar ón uisce thíos faoi.
an t-uafás teannais an awful amount of tension
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
an méid céanna buntáistí the same amount of advantages
" Cén fáth nach bhfuil níos mó dá leithéid ag trasnú an Atlantaigh, nó ag dul go dtí an Astráil?Bhuel, ní féidir le haerlíne an méid céanna buntáistí a bhaint as samhail ísealchostais ar aerbhealach cianaistir.
slám mór a big amount
" *Leads* arda! Ceoltóirí faoi bhrú ag comhlacht ceirníní a bhí ag iarraidh slám mór den albam úr, *Teenager*, a dhíol.
éilítear méid áirithe dea-iompair a certain amount of good behaviour is demanded
" Is i mbun comhrá a bhíonn lucht blagadóireachta agus cé go bhfuil cead ag gach mac máthar páirt a ghlacadh sa chomhrá sin, éilítear méid áirithe dea-iompair ar uairibh.
gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór that it earned a huge amount of wealth
" Tá sé íorónta gur bunaíodh an chathair is Gaelaí i Sasana mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn í féin!Cúis náireIs cúis náire do Learpholl gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór as an daoirse.
an duine ba lú Gaeilge the person with the least amount of Irish
" Dúirt Colm Meaney go raibh sé tógtha leis an scannán mar go raibh dhá theanga i gceist ann agus gur thaitin sé sin go mór leis, in ainneoin gurbh é féin, dar leis, an duine ba lú Gaeilge ar an fhoireann.
méid éigin Gaeilge some amount of Irish
" “Bhuel, bhí méid éigin Gaeilge agam &ndash; Gaeilge na scoile - ach chuirfeadh sé fonn gáire ort.
méid áirithe daoine a certain amount of people
" Má tá *spin-off* do phobal na háite anso, go iontach! Ach ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!' Ní gnó í an Ghaoluinn.
íosmhéid ama teagaisc minimum amount of teaching time
" Tugann an curaclam le fios gur treoirlínte atá ann, a mholann íosmhéid ama teagaisc d’ábhair ar leith.
an oiread céanna flosctha the same amount of zeal
" D’fhéadfaí fiafraí di, ar ndóigh, cad chuige nach bhfuil an oiread céanna flosctha uirthi chun tabhairt faoi ábhar eile nach bhfuil á theagasc go forleathan i mbunscoileanna na tíre &ndash; is é sin, an Ghaeilge.
líon na gcor babhlála amount of overs
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe &ndash; cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
dornán beag tíortha a small amount of countries
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach dornán beag tíortha a bhfuil sé d’acmhainn acu dúshlán láidir a thabhairt do na hAstrálaigh.
líon na n-inimirceach a theorannú. limiting the amounts of immigrants
" Is é an grá sin is cúis le mé a bheith chomh docht daingean faoi líon na n-inimirceach a theorannú.
teorainn a chur leis an méid ama to limit the amount of time
" Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin &ndash; agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).
méid sonraí amount of data
" Ach cén teorainn a bheidh leis an méid sonraí is féidir le heagraíochtaí a bhailiú? Bhí teicneolaíocht nua ó ghrúpa Dermot Diamond in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath á plé ag comhdháil FEÉ freisin &ndash; teicneolaíocht iontach úsáideach agus suimiúil a chabhróidh leat do chuid sláinte a mheas go huathoibríoch.
neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear. neutral in terms of the amount of carbon it emits
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
dhá oiread an mhéid twice the amount
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland &ndash; gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
oiread céanna creidiúnachta same amount of credibility
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí &ndash; Conradh Liospóin &ndash; agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
tagtha i líon na rannpháirtithe. in the amount of participants
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois &ndash; rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
an méid airgid a bheidís ag íoc liom. the amount of money they'd be paying me.
" Ach ansin d’inis siad dom mar gheall ar an méid airgid a bheidís ag íoc liom.
tá an t-uafás bainte amach he has achievement a huge amount
" Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d'aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin.
dhá oiread an méid sin. twice that amount
" &quot; Measann siad go gcailleann na híobartaigh &pound;850 an duine ar an meán, ach go minic, cailleann daoine aosta dhá oiread an méid sin.
an sciar beag the small share, small amount
" 8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge.
ag múscailt go leor leor seanchuimhní awakening a huge amount of memories
" “Tá Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus tá leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.
an méid atá fulaingthe the amount that he has suffered
" Tá an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.
as ucht an mhéid atá bainte amach acu, for the amount that they have done
" Bronnadh gradam ar a dtugtar North West England Award for Sustainable Tourism ar an ionad as ucht an mhéid atá bainte amach acu, chomh maith leis an Small Tourism Business Award agus The Best Small Visitor Attraction.
mar gheall ar líon na ndathanna because of the amount of colours
" ” Dathanna spleodrachaBíonn NWC ar oscailt idir 1 Márta agus 30 Meán Fómhair, agus is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar an ionad mar gheall ar líon na ndathanna agus ar éagsúlacht na bplandaí a bhíonn le feiceáil ansin.
líon na dteachtaireachtaí téacs the amount of text messages
" B'fhéidir, mar sin, go dtiocfaidh fás tapa ar líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolfar as Gaeilge an samhradh seo &ndash; agus tá a fhios agam féin cad é an chéad cheann a scríobhfaidh mé: &quot;GRMMA Samsung&quot;.
líon na gcainteoirí amount of speakers
" Cé gur cailleadh an Mhanainnis mar theanga phobail, chuaigh líon na gcainteoirí i méid go mór le ceathrú céid nó mar sin.
líon na dtaismeach amount of casualties
" Is féidir go mbeadh aird na nAstrálach dírithe ní ba mhó ar an gcogadh san Iaráic dá mbeadh líon na dtaismeach ní b’airde ann, ach den chuid is mó níor léirigh muintir na tíre seo mórán suime ann.
an tsuim airgid the amount of money
" Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
lear mór large amount
" Go tobann, tá lear mór ranganna oíche fógartha ar fhuinneoga siopaí, sna nuachtáin áitiúla agus ar achan bhalla bán atá ar fáil.
cuid mhaith infheistíochta breise good amount of extra investment
" Seo thíos an bharúil a nocht an ECFE i ngrinnstaidéar a rinne siad sa bhliain 2006 ar an chóras oideachais in Éirinn: “Beidh cuid mhaith infheistíochta breise de dhíth chun fís an rialtais a bhaint amach i réimse an ardoideachais.
slám mór airgid great amount of money
" Club na bhfear saibhirAg tús na seachtóidí, d’éirigh le CFD slám mór airgid a chruinniú trí phlean ar ar tugadh *The 1001: A Nature Trust*.
lear mór big amount
" Mar bharr ar an donas, ní raibh iompar go leor de na baill eile thar mholadh beirte ó thaobh an chomhshaoil de, daoine ar nós Daniel Ludwig, mar shampla, ar scrios a chuid comhlachtaí lear mór d’fhoraois bháistí na hAmasóine.
méid muiníne amount of confidence or trust
" Sin an méid muiníne atá agam as na húdaráis.
Leis an mhéid fearthainne with the amount of rain
" Más Gaeilgeoir tú, tá tú fós i mbaol! Leis an mhéid fearthainne a bhí againn an samhradh seo, tá an cosán trasna Chnoc Ramhar, atá leathbhealach suas Sliabh Liag, an-chlábarach.
líon beag mac léinn small amount of students
" Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo.
mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta certain amount of advertising revenue
" Ach sa mhullach ar na deontais úd, bíonn na meáin Ghaeilge ag brath ar mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta chun a gcuid costas a ghlanadh agus brabach a dhéanamh.
líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge a really limited amount of Irish language speakers
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile &ndash; as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa &ndash; le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
le hais na suime in comparison with the amount
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur gearradh siar suntasach a bheas sa mhaoiniú seo le hais na suime atá á caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge faoi láthair.
an líon bogearraí the amount of software
" Is iontach an líon bogearraí agus seirbhísí idirlín atá saor in aisce na laethanta seo.
líon suntasach a remarkable amount
" Bíonn mórán ionadaithe as gach cúige ar an bpainéal, ach is líon suntasach é an tríur imreoir déag a d’eascair as foireann na Mumhan tar éis an ‘Chraobh Idir-Chuige’ a bhuachan i Mí Dheireadh Fómhair.
as cuimse a great amount
" ”Ní foláir nó go bhfuil am saor as cuimse ar fad ag an dream seo más chomh tapa sin a thagann a n-ionsaithe idirlín.
iliomad a vast amount
" Tiocfaidh sé aniar aduaidh ar lucht ceannais na n-eagras Ghaeilge nach bhfuil oiread is taifead amháin sa Roinn ar an ábhar ainneoin a leithéid a bheith curtha go hard in ord na bpriarachtaí ag an Aire Ó Cuív ar ócáidí éagsúla le cúpla mí anuas in agallaimh le Nuacht TG4, RTÉ RnaG, Foinse, Lá Nua agus san iliomad meán eile.
an-mhórán seancheirníní a great amount of old records
" An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin? Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá.
líon number, amount
" Rugadh 834,000 páiste i bPoblacht na Fraince in 2008, an líon is mó riamh le tríocha bliain anuas: 801,000 sa Fhrainc féin agus 33,000 sna DOM (départements d’outre mer).
seasca oiread an mhéid 60 times the amount
" Is ionann sin agus seasca oiread an mhéid a bhí á lorg aige.
ghrunn group, amount
" Th&egrave;id an d&agrave;rna Farpais &Ograve;ran ann an C&agrave;nanan Ceilteach agus Albais a chumail ann an Inbhir Nis air 20 &Ograve;g-mh&igrave;os 2009, aon de ghrunn fharpaisean criochnachaidh roinneil a ghabhas &agrave;ite air feadh na Roinn E&ograve;rpa.
cnap airgid large amount of money
" Deis mhór a bhí ann cnap airgid a dhéanamh don dream nár mhiste leo an dlí a bhriseadh.
a mbeidh the amount which shall be
" Seo an chéad eagrán sa tsraith nua ‘Kino &ndash; an Cineama Domhanda’ ina mbeidh saol fairsing na ceallalóide, mar a bhí, agus an domhan mór digiteach, mar atá, á chogaint agam.
t-uafás airgid an incredible amount of money
" Gan amhras ar bith, fágann na lochtanna seo go gcuirtear an t-uafás airgid amú agus nach gcuirtear seirbhís fheidhmiúil ar fáil don phobal.
tslua bhocht incredible amount
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
dornán beag a small amount
" Scaoileadh bunús na n-iriseoirí chun bealaigh agus ní bheidh fágtha ach dornán beag iriseoirí chun scéaltaí a fhiosrú is a bhailiú.
slám amount
" Ciallaíonn “*I won’t forget you*” ag an doras nach dtabharfaidh an duine sin Uimhir a hAon dhuit ach go bhfuil siad sásta uimhir éicint a thabhairt duit agus d’fhéadfadh an vóta sin a bheith an-tábhachtach sa gcomhaireamh deireanach, gan ach slám beag vótaí a bheith idir na hiarrthóirí atá fágtha sa rása ag an bpointe sin.