Bhí Aoife chomh caol le cú ach bheadh sé chomh maith aici a bheith mar a bheadh taobh cnoic ann, nó ní fheicfeá a cruth faoin éadach mór musach a chaith sí.
Tá an figiúr ábhalmhór sin cothrom le trí oiread olltáirgeacht intíre na dtíortha ar domhan go léir - is é sin, mar a thug Brown air, “an impossible to fill black hole.
Áthas orm go rabhas mícheart agus ní mar gheall ar an gcúpla euro a shaothraigh mo gheall le Betfair ar Obama, ach mar gheall go bhfuil cur chuige nua agus smaointí nua ag teastáil, má táthar leis na fadhbanna ollmhóra atá ag bagairt ar an domhan a réiteach.
An Turlach Mór
Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
Tagann an t-uafás iarratas isteach *charity gigs* a dhéanamh agus caithfidh tú cuid acu a* *thabhairt san áireamh agus ní féidir gach ceann acu a dhéanamh.
Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
Ráig a Bhuaileann Pobail
An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
Gaeltacht Ghréasáin
Táthar chun aitheantas a thabhairt do na pobail sin lasmuigh den Ghaeltacht atá ag déanamh tréaniarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn don chéad uair riamh.
Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla.
Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.