Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní ba nimheanta more venomous
" A gclann mhac ní ba nimheanta in éadan a chéile ná mar a bhí a gcuid aithreacha, cé go raibh a gcuid aighnis ligthe i ndearmad le himeacht aimsire ó thréig na Seoigigh an ceantar tar éis bhás tragóideach an tSean-Seoigigh.
agus níos gangaidí more venomous
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
barúlacha binbeacha venomous opinions
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
don bhithiúnach binbeach bladarach to the venomous, flattering scoundrel
" Is dócha nach nglacfaidh an slíbhín sleamhain slíoctha le mo chomhairle, agus is dócha faoin am a bheidh an liarlóg seo i gcló go mbeidh a fhios ag madaí an bhaile nár ghlac; ach bhéarfaidh mé cur síos achomaireach do mo chuid léitheoirí dílse ar an mhéid a mhol mé don bhithiúnach binbeach bladarach," a deir Balor an Blaoscánach.
gangaideach venomous
" "Caithfidh mé a rá gur shíl mé go raibh sé rud beag gangaideach agus nimhneach, nuair nach raibh feidhm leis.
nimhneamh spiteful, venomous
" Ba nimhneamh agus ba díobhálach iad na briathra as a bhéal scaoilte dorcha agus ba throm, glioscarnach, ceannmhillteach a bhí an claíomh fada géar a bhí á chaitheamh aige ó lámh go lámh.
deighilt bhinibeach venomous division
" Ionsaí ======= Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O'Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News.
chomh binbeach as venomous
" Ní raibh a chuid babhtaí argóna le Pól Ó Foighil chomh binbeach an tréimhse seo is a bhíodh san am a chuaigh thart.
óráid nimhneach venomous speech
" Agus cliarlathas na hEaglaise Ceartchreidmhí mar acalaithe spioradálta lena thaobh, thug Milosevic óráid nimhneach uaidh a thiomáin breis is milliún Seirbiach le báiní ar láthair an tseanchatha.
ón mbinbshaoirse from the venomous freedom
" Chuaigh sé síos i measc na ndaoine, mar a rinne a uncail Seán Ó Ríordáin Ó hEochaidh roimhe, agus chuaigh sé síos ag lorg daoirse ón mbinbshaoirse a bhí ag liú thart air, agus cheangail sé an chonairt smaointe agus d’ith sé cearca agus sceallóga.
níos gangaidí more venomous
" Éirithe níos gangaidí agus níos pearsanta ina cháineadh ar an fhreasúra le cúpla mí anuas.
naimhdeas binbeach venomous hostility
" Ach b’fhéidir fosta nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige agus gurbh fhusa i bhfad dó dúshlán a thabhairt do cheannairc agus é ina Thánaiste! Corrlach Paddy Power: FG/LO/Na Glasaigh 9/4; FG/LO/PD 14/1 Fianna Fáil agus an Lucht Oibre Tá naimhdeas binbeach idir Pat Rabbitte agus Fianna Fáil ach b’amhlaidh an cás sa Ghearmáin idir na Daonlathaigh Shóisialta agus na Daonlathaigh Chríostaí.
deich n-uaire níos nimhní ten times more venomous
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
níos nimhní more venomous
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
a shúil ghlinn nimhe his articulate venomous eye
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh a shúil ghlinn nimhe a chaitheamh ar chúrsaí na hÉireann, ar chúrsaí na Gaeilge agus ar chúrsaí an domhain.
nimhneach venomous
" Bhí sé thar a bheith nimhneach, ach is nimheadas é sin a bhaineann leis an iarthar, tá a fhios agam mar is as Ros Comáin do mo mháthair is mhínigh sí sin dom.
searbh venomous
" Tugann sé léargas anseo is ansiúd ar an ngaol a bhíonn idir imreoirí as contaetha éagsúla, gaol a bhíonn ina chairdeas go minic agus a bhíonn searbh uaireanta eile.
bhinbeach venomous
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
b'aighneas thar a bheith binibeach was a very venomous dispute
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach I couldn’t credit how venomous
" "Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach is a bhí na hairí agus na státseirbhísí seo in éadan na Gaeilge," ar sé.
an ráig ba nimhní den tseicteachas the most venomous dose of sectarianism
" Ach is dócha gurb í an chúis ba mhó go raibh Glaschú ar tí a loiscthe ná gurb ann a bhí an ráig ba nimhní den tseicteachas ins an Bhreatain.
nimhe venomous
" Chaith Balor a leathshúil nimhe neanta ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, mar a raibh idir Bhanríon is Bhaincéirí ar princeam damhsa agus ar rancás drabhláis.
tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil came in for an incredibly venomous attack
" Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh sé Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D.