Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
binb venom, fury
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
nimh venom, poison
" Faoi láthair, tá na Sé Chontae mar a bheadh George Best ann, é doirte don nimh a fhágfas ar an trá fholamh é.
goimh venom
" Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus a ghoin le goimh.
binb venom, fury
" Bhí siad ansin mar go raibh an IRA ag scaoileadh póilíní neamharmtha,” a dúirt sé agus binb ina ghlór.
Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin despite the venom and the bitterness between those two parties
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
ag díriú a nimhe, directing their venom,
" Más ar a chéile atá an UDA ag díriú a nimhe, tá an UVF ag coinneáil súl ar náisiúnaithe.
bhinb venom
" com Agus mé ag amharc air an tseachtain seo, tá iontráil chlasaiceach ann a bhfuil na buanna is ansa liom fán suíomh - meascán de bhinb, greann, ábhar machnaimh, seafóid agus d’eolas.
neart a ghangaide the dint of his venom
" Scríobh fear a thugann Grassy Noel air seo - agus is fiú a fhágáil gan aistriú le go bhfaighidh sibh neart a ghangaide.
bhinb venom
" Ar an drochuair, beidh na bearta praiticiúla caillte sa bhinb le íocaíocht an £12,000.
nimhe venom
" Ar dhóigh, thiocfadh lena chuid nimhe roinnt daoine a mhúscailt chun gnímh, daoine gur chuma le cuid mhaith acu go dtí seo an teanga a bheith ann as.
ghangaid venom
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
binb venom
" Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid.
nimh san fheoil the venom
" 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic.
lán d’fhearg agus d’fhiamh full of anger and venom
" Sheas duine gan ainm, duine a bhí faoi bhréagriocht ó bhaithis go bonn, agus nach rabhthas cinnte faoi (nó fúithi) an fear nó bean a bhí ann (nó inti) agus labhair sé (nó sí) amach i nguth a bhí lán d’fhearg agus d’fhiamh: “Bíonn gach duine i gcónaí ag tabhairt amach agus ag gearán agus ag ceasnaí faoi Fhoraois bhocht na Gaeilge; ach ní dhearna an Fhoraois aon rud ar aon duine riamh.
Blaistear binb shóisialta social venom is to be found
" Blaistear binb shóisialta H.
go nimhe neanta ina aghaidh with venom against him
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
ní d’easpa goimhe it’s not for lack of venom
" Mura dtarlaíonn an tríú cogadh mór i mbliana, ní d’easpa goimhe agus súil thar a chuid ag an Iarthair nach dtarlóidh sé.
nimheadais venom
" Tá Balor ag sú na gréine san Iodáil faoi láthair ach tá a dheirfiúr óg fágtha i mbun an nimheadais aige.
ghoimh a bhaint to remove the venom
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.
bhinb venom
" Céad bhabhta i dtroid na hUachtaránachta atá sa bhinb chéanna.