Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
róthógtha le too enamoured with
" Níl Cathy róthógtha le cathracha na Gearmáine ar nós Dusseldorf atá róluite le tionscal, deir sí.
róthógtha too enamoured
" “Níl aon suim agam i dteilifís réaltachta agus nuair a fuair mé glao ón gcomhlacht léirithe ní róthógtha a bhí mé leis an smaoineamh.
faoi gheasa na bruíne enamoured by the palace
" Sinne faoi gheasa na bruíne freisin, an sceimhle céanna á bhlaiseadh againn leosiúd istigh - tá sinne comhpháirteach leo sa slad, rannpháirteach leo sa díothú.
Ní rabhas riamh róthógtha I wasn’t ever too enamoured
" Féinfhoilsiú? Ní rabhas riamh róthógtha leis an tuairim ach tá beagnach scór leabhar féinfhoilsithe agam ar na mallaibh.
thar a bheith sásta linn totally enamoured with us
" An síleann tú go bhfuil bhur mbanríon sásta libh?** Cú Chulainn: Tá mé cinnte go bhfuil a maorgacht an Bhanríon Eilís a Dó – fad saoil di – thar a bheith sásta linn.
Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe the TFC people werent’ too enamoured
" Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe le haidhmeanna uaisle an uachtaráin Árbenz, ar ndóigh.
faoi gheasa enamoured with
" Ó chúig cúigí na hÉireann, bhí saol na hÉireann ar fad faoi gheasa ag amhránaíocht mhic léinn an choláiste.
faoi dhraíocht nó dúdóite enamoured or cheesed off
" "Beag beann ar lucht ar bith éisteachta, bíodh siad beag nó mór, faoi dhraíocht nó dúdóite, cuireann an bhuíon a n-anam isteach sa cheol agus sin an rud is tábhachtaí," arsa Úna.
an t-iarthar faoi dhraíocht ag the west enamoured by
" Dúirt an Dr Moyo go raibh an t-iarthar faoi dhraíocht ag trí ghné - an daonlathas liobrálach, an caipitleachas aonair agus tosaíocht cearta polaitíochta ar chearta geilleagair.
an-tógtha le greatly enamoured with
" Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta.