Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar uibheacha nervous, uneasy
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
ag siúl ar uibheacha nervous, uneasy
" Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
neirbhíseach nervous
" Is bean láidir chainteach í, ach nuair a théann muid go dtí áit ina bhfuil cuid mhór Protastúnach, éiríonn sí ciúin neirbhíseach.
cliseadh néarach nervous break-down
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
chóras néarógach nervous system
" Tá do chóras néarógach corraithe de dheasca an iomarca ólacháin agus oícheanta malla.
neirbhíseach nervous
" "Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne.
neirbhíseach nervous
" Bhí mé neirbhíseach faoi dhul go háit nua, agus bhí mé buartha freisin nach dtuigfí mo chuid Gaeilge, a d'fhoghlaim mé i dtuaisceart na hÉireann.
an-neirbhíseach very nervous
" Bhí mé an-neirbhíseach ar dtús nuair a thosaigh mé ar an obair shealadach arís.
neirbhíseach nervous
" Fiú amháin inniu, is iomaí Éireannach atá ag obair i Meiriceá go himníoch, iad neirbhíseach faoi shúil ghéar na Seirbhísí Inimirce.
an-neirbhíseach very nervous
" Ag scríobh dó sa *Financial Times*, dúirt an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear.
chliseadh néarógach nervous breakdown
" Bhí Christy i ndiaidh teacht slán ón chliseadh néarógach a bhuail é blianta ó shin.
cliseadh néarógach nervous breakdown
" agus gan fuascailt nó faoiseamh acu ón strus sin ach a bheith ag ól nó ag ithe an iomarca agus gurb é an cliseadh néarógach a bheas i ndán dóibh.
Bhí an oiread sin de dhriopás air he was in such a hurry/nervous state
" Bhí an oiread sin de dhriopás air agus é ag déanamh ar an doras go ndeachaigh sé thar a chois agus leonadh an murnán aige.
neirbhíseach agus imníoch nervous and worried
" Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!” Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí? “Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
ábhairín neirbhíseach a little bit nervous
" Leis an dlúthdhiosca nua, bhíos ábhairín neirbhíseach ach, buíochas le Dia, ní bhfuaras drochléirmheas fós.
neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil nervous about what will be contained in the report
" Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
cliseadh néarógach. a nervous breakdown.
" Daoine, b’fhéidir, a d’fhulaing cliseadh néarógach.
neirbhíseach ag gabháil tharstu. A little nervous passing them.
" Beagán neirbhíseach ag gabháil tharstu.
neirbhíseach nervous
" Bíonn stiúrthóirí neirbhíseach ag na hócáidí seo, ach tógáil croí a bhí ann domsa agus chuir sé tús le cineál momentum.
neirbhíseach nervous
" ” An raibh sí neirbhíseach nuair a tháinig (an oíche mhór)(http://youtube.
neirbhíseach. nervous
" Bhí mé chun agallamh a chur ar bhean faoi ábhar goilliúnach agus bhí sí neirbhíseach.
neirbhíseach, nervous
" Bhíos neirbhíseach, óir níor sheinneas aon ní de mo chuid féin d’aon duine mar é riamh roimhe sin.
córas lioga nervous system
" Déanann an taispeántas scagadh cuimsitheach ar an chorp agus tú ag bogadh ó sheomra go seomra, ag tosú leis an chreatlach, na matáin, an córas lioga, an córas fola, díleá, análú, fual agus an córas athghiniúna.
gcóras lioga nervous system
" Cuireadh deireadh leis an vacsaíniú nuair a fuair na céadta eile siondróm Guillain-Barré, galar neamhchoitianta a bhaineann leis an gcóras lioga.
faiteach nervous
" Is ainmhithe oíche iad na toirc agus bíonn siad faiteach go hiondúil ach deirtear fúthu gur nós leo ionsaí a dhéanamh ar an duine má bhraitheann siad aon bhagairt orthu.
faiteach go leor nervous enough
" Liam Brady ab ainm don fhear óg agus de réir dealraimh bhí sé faiteach go leor roimh an gcluiche (tuige nach mbeadh!).
bheocht imníoch nervous energy
" In ainneoin an easpa aitheantais a fuair sí lena linn, breathnaítear uirthi inniu mar dhuine de na healaíontóirí réalaíocha is mó i Meiriceá agus baineann an t-aitheantas seo go mór lena portráidi, atá lán de bheocht imníoch agus de chomhbhá le staid an duine.
bhídís an-imníoch they used to be very nervous
" Agus is cuimhneach liom nuair a bhí mé óg in Amharclann na Mainistreach agus d’fheicfinn na haisteoirí níos sine agus bhídís an-imníoch agus níor thuigeas ag an am cén fáth an bhfuil siad imníoch, ach sin í an óige.
na péas chomh imníoch linne the police as nervous as us
" Sin ráite, mhothaigh muid go raibh na péas chomh imníoch linne.
imníoch, trodach agus réidh nervous, in fighting form, ready
" An raibh tú imníoch, trodach agus réidh, dóchasach nó éadóchasach, nó conas mar a bhraith tú?** CAB: Ní raibh mé trodach sa chéad dul síos.
cliseadh néaróga nervous breakdown
" Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.