♦
an bhfuil scéal ar bith agat?
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
cibé ar bith, le scéal fada a dhéanamh gairid...
♦
anyway, to make a long story short...
♦
ní dhéanaim go minic é, cibé ar bith
♦
I don't do it often, anyway
♦
agus ar chor ar bith, nach cuma?
♦
and anyway, does it matter?
♦
ní aontaím leat ar chor ar bith
♦
I don't agree with you at all
♦
níl suim agam sa teilifís ar chor ar bith
♦
I've no interest in television at all
♦
d'fhéadfadh sí bheith áit ar bith!
♦
níl sí le feiceáil áit ar bith
♦
she is nowhere to be seen
♦
beidh fáilte romhat am ar bith
♦
you will be welcome anytime
♦
níor tháinig duine ar bith
♦
glacfaidh sí le rud ar bith a deir tú léi
♦
she will accept anything you tell her
♦
ná ceannaigh rud ar bith!
♦
agus ar scor ar bith, nach cuma?
♦
and anyway, does it matter?
♦
cé tú féin ar scor ar bith?
♦
ní aontaím leat ar scor ar bith
♦
I don't agree with you at all
♦
beidh fáilte romhat uair ar bith
♦
you will be welcome anytime
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
Agus, ar scor ar bith, nach cuma?
♦
And anyway, does it matter?
♦
Ar ordaigh tú rud ar bith?
♦
Have you ordered anything?
♦
Beidh fáilte romhat am ar bith.
♦
You will be wemcome anytime.
♦
Dhéanfadh sé rud ar bith chun díoltas a bhaint amach.
♦
He would do anything to take revenge.
♦
níl mé ábalta barántas ar bith a thabhairt
♦
I can't give any guarantees
♦
Níl páiste ar bith agam. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I don't have any children.
♦
Ní féidir liom rud ar bith a chloisteáil anois. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I can't hear anything now.
♦
Ní maith liom ar chor ar bith é. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Níl scéal ar bith agam. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I don't have any news at all.
♦
Níl mé ag aireachtáil go maith ar chor ar bith. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I am not feeling well at all.
♦
Ní raibh saoire ar bith agam le cúpla bliain. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I have not had a holiday for a few years.
♦
Ní raibh siad cairdiúil ar chor ar bith. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
They were not friendly at all.
♦
An bhfuil deartháir nó deirfiúr ar bith agat? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you have any brothers or sisters at all?
♦
An mbíonn an t-am agat le bheith ag amharc ar an teilifís ar chor ar bith? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you have any time to watch TV at all?
♦
An bhfuil rud ar bith nach bhfuil suim agat ann? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Is there anything you are not interested in?
♦
Níl suim ar bith agam ann. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I'm not interested in it at all.
♦
An ndéanann tú aclaíocht ar bith? Ní dhéanann - ach amháin bheith ag caitheamh saighead. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you get any exercise at all? I don't - except throwing darts.
♦
Níl páistí ar bith agam. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Níl clann ar bith agam. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Níl páistí ar bith againn. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Níl clann ar bith againn. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Níl deartháir ná deirfiúr ar bith agam – is páiste aonair mé. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have no brothers or sisters – I'm an only child.
♦
Níl gairdín ar bith agam, faraor, ach tá páirc mhór, an-ghar do mo theach. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have no garden, alas, but there's a big park very close to my house
♦
Níl ceol ar bith agam, faraor! 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm not musical at all, alas!
♦
Níl suim ar bith agam ann. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have no interest in it.
♦
Luigh Máire tamall fada ar a leaba sular thit néal ar bith codlata uirthi.
♦
Máire was lying on her bed for a long time before any sleep came.
♦
Ní fhéadfainn rud ar bith a chloisint ag sodar an chapaill. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
I couldn't hear anything for the horse's trot.
♦
D'fhéach mé go grinn ag iarraidh cor a fheiceáil, cor beag ar bith. An mise an t-aon neach beo anseo? Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
I looked closely to see if anything was moving, anything at all. Am I the only living creature here?
♦
Níl samhlaíocht ar bith ag teastáil chun é seo a thuiscint. 'Beo!', beo.ie
♦
No imagination at all is needed to understand this.
♦
Níorbh iontas ar bith dom gur spiaire í. 'Beo!', beo.ie
♦
It was no surprise at all for me that she was a spy.
♦
I saol dorcha na spiaireachta, ní féidir bheith cinnte de rud ar bith. 'Beo!', beo.ie
♦
In the dark world of espionage, you cannot be sure of anything.
♦
Shíl láithreoir amháin nach raibh eitleán ar bith i gceist, agus go mba bhuama é. 'Beo!', beo.ie
♦
One [TV] presenter thought there was no airplane involved at all, and that it was a bomb.
♦
Níl luach saothair ar bith le baint as. 'Beo!', beo.ie
♦
There's no way you'll get proper monetary reward for that.
♦
Bíodh a fhios agat nach só ar bith atá i ndán duit ar an choigrích. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
You should know that going abroad is no picnic.
♦
D'fhulaingeodh sé rud ar bith ar a sonsa. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He would put up with anything for her.
♦
Ní raibh rún ar bith gadaíochta aige. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He didn't really want to steal.
♦
ní féidir liom geallúintí ar a bith a thabhairt ach déanfaidh mé mo dhícheall
♦
I can't promise anything but I'll do my best
♦
beag an baol go n-aimseoidh sí rud ar bith ansin
♦
slim chance she will find anything there
♦
tiocfaidh muid gan moill ar bith
♦
we will come without any delay
♦
is iomaí duine sa tír seo nach léann leabhar ar bith ó cheann ceann na bliana
♦
many a person in this country doesn't read a book the whole year
♦
an bhfuil nuacht ar bith agat? - muise, níl
♦
have you any news? - indeed I haven't
♦
bhí sé ag breathnú ar an doras amhail is go bhféadfadh an t-áibhirseoir féin teacht isteach nóiméad ar bith Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
he was looking at the door as if the devil himself could come in any minute
♦
ní dhearna sí talamh slán de rud ar bith
♦
she didn't take anything for granted
♦
tar éis go raibh sé ina chónaí sa Ghearmáin le dhá bhliain, níor tháinig feabhas ar bith ar a chuid Gearmáinise
♦
although he had been living in Germany for two years, his German did not improve at all
♦
d'ullmhaigh ár ndornálaithe go dian cé nach raibh traenálaí ar bith leo
♦
our boxers prepared intensively even though they had no trainer with them