♦
aon MASCULINE NOUN
SYNONYM: amháin
♦
is mise an t-aon duine anseo
♦
I am the only person here
♦
aon MASCULINE NOUN
SYNONYM: ar bith
♦
an bhfuil aon scéal agat?
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
in aon chor SYNONYM: ar chor ar bith
SYNONYM: ar scor ar bith
♦
níor chuala mé é sin in aon chor
♦
I didn't hear that at all
♦
gach aon VARIANT: chaon
VARIANT: achan
♦
in an alternating fashion
one after another
♦
bhí dathanna dearga agus bána orthu ar aon
♦
red and white colours alternated on it
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é aon an
27ú focal
is minice úsáid sa Ghaeilge.
Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 343 focal.
Aon is the
27th
most frequently used word in Irish.
It occurs once in every 343 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
ar chomhairle Thomáis aontaíodh gan aon rud a rá leis na meáin
♦
on Thomas's advice it was agreed not to say anything to the media
♦
bhí dathanna dearga agus bána orthu ar aon
♦
red and white colours alternated on it
♦
níl aon acmhainní nádúrtha sa tír
♦
the country has no natural resources
♦
níorbh aon ionadh gurbh é an saol acadúil a bhí i ndán don bhuachaill óg, agus a mháthair ina dochtúir leighis
♦
it was no surprise that an academic life was in store for the young boy when his mother was a medical doctor
♦
an bhfuil aon tuairim agat ar an ábhar seo?
♦
do you have any opinion on this matter?
♦
one, and only one, minute
♦
níl aon dualgas ort vótáil mura mian leat
♦
you are not obliged to vote if you don’t want to
♦
tá tú ag dul amach sa bháisteach? níl aon chiall agat!
♦
you are going out in the rain? you have no sense!
♦
níl aon leigheas éasca ar ailse
♦
there is no easy cure for cancer
♦
níor mharaigh mé aon duine riamh
♦
níl aon leigheas éasca ar an ailse
♦
there is no easy cure for cancer
♦
ní bhfuair sí aon airgead uaim
♦
bhí muid in aon rang le chéile
♦
we were in the same class together
♦
níl aon suim aici sna fir
♦
she has no interest in men
♦
níl aon fhuinneamh ionam níos mó
♦
there is no energy in me anymore
♦
an chéad uair a bhí é i mBeirlín, ní raibh aon eolas agam ar an áit
♦
the first time I was in Berlin, I didn't know the place at all
♦
níl suim aige in aon rud seachas beoir agus mná
♦
he isn't interested in anything except beer and women
♦
Níl aon inneall níocháin ann ach tá teilifís ann. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
There isn't a washing machine but there is a television.
♦
Níl aon fholcadán ann. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
There isn't any bathtub there.
♦
An bhfuil aon chúirt leadóige anseo ar an gCeathrú Rua? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Is there a tennis court here in An Cheathrú Rua?
♦
Oibrím óna naoi a chlog go dtí a haon a chlog sa siopa leabhar. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I work from nine o'clock until one o'clock in the bookshop.
♦
Níl aon suim mhór agam sa ngarraíodóireacht. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I am not interested in gardening much.
♦
Bíonn sos agam timpeall a haon déag. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have a break around eleven.
♦
Bíonn mo lón agam idir a haon agus a dó. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have my lunch between one and two.
♦
Téim a chodladh ag a haon déag ar a dhéanaí. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I go to bed/to sleep at eleven at the latest.
♦
Níor labhair aon duine, fiú na páistí beaga bhí dreach sollúnta orthu.
♦
Nobody spoke, even the children had solemn expressions.
♦
Níorbh aon ghaisce ná údar mórtais saol an ghnáthoibrí.
♦
The life of an ordinary worker was nothing to be proud of.
♦
Níl aon údar agamsa lena cheapadh nach raibh aithne acu ar a chéile.
♦
I have no reason to believe they didn't know each other.
♦
Níl aon deirfiúr agam. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Ba mhíorúilt é nár goineadh aon duine.
♦
It was a miracle that nobody was injured.
♦
D'fhéach mé go grinn ag iarraidh cor a fheiceáil, cor beag ar bith. An mise an t-aon neach beo anseo? Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
I looked closely to see if anything was moving, anything at all. Am I the only living creature here?
♦
Ní mhaireann aon ní ach seal. Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
Everything only lasts for a short time.
♦
Dar leis an ollamh, níl sé soiléir in aon chor cén fáth ar tharla sé. 'Beo!', beo.ie
♦
According to the professor, it is not at all clear why it happened.
♦
Le linn na fostaíochta seo níor íocadh aon airgead léi féin. 'Beo!', beo.ie
♦
During this employment no money was paid to herself.
♦
Tá sé de bhua ag an scéal nach féidir bheith cinnte faoi aon rud.
♦
What is special about the story is that you can never be sure of anything.
♦
Feistíodh 'ach aon rud chomh deismir agus a féadadh. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
They decorated everything as neatly as they could.
♦
Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige le haoibhneas an tsaoil. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
As soon as one grows up, the fun is over.
♦
Bhí mé ag réitiú do mo bhainis, nach raibh ach aon lá déag romham. 'Beo!', beo.ie
♦
I was preparing for my wedding, which was only eleven days before me.
♦
Ansin, nóiméad roimh a deich a chlog i Nua-Eabhrac tharla tubaiste nach raibh aon duine ag súil leis. 'Beo!', beo.ie
♦
Then, one minute before ten o'clock in New York, a disaster happened that nobody expected.
♦
Ní raibh aon ghá le heagarthóir a thuilleadh le do leagan féin de cheird na hiriseoireachta a chleachtadh. 'Beo!', beo.ie
♦
You didn't need an editor anymore to practise your own version of the journalistic trade.
♦
I measc 60 duine ar an mbus, ba mise an t-aon duine den chine geal. 'Beo!', beo.ie
♦
Among the 60 people on the bus, I was the only white person.
♦
Cé nárbh é an sclábhaíocht an t-aon chúis le cogadh cathartha na Stát Aontaithe, ba cheist lárnach í. 'Beo!', beo.ie
♦
Although slavery was not the only cause of the United States civil war, it was a central question.
♦
D'ól 'ach aon fhear acu tarraingt a chinn den bhuidéal. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
Each man drank his fill from the bottle.
♦
Níl feidhm orm aon lá oibre a dhéanamh le mo sholas. Tá mé i mo sháith den tsaol. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
I don't have to work a single day for as long as I live. I am rich.
♦
Ní bhfuair siad aon ghreim le níl a fhios agam cá huair. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
They haven't had anything to eat since I don't know when.
♦
Ní raibh dul ag aon duine a aithne. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
Nobody could recognize him.
♦
ar mhaith leat aon rud eile?
♦
would you like anything else?
♦
The king's only son was killed.
♦
Bhí orainn codladh in aon seomra.
♦
We has to sleep in the same room. We had to share a room.
♦
Thug 'ach aon duine acu lámh is focal don duine eile. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
They all made a promise to one another.
♦
ná hathraigh aon rud, tá tú foirfe
♦
don't change anything, you are perfect
♦
An bhfuil aon cháilíocht tríú leibhéal agat?.
♦
Do you have any third-level qualifications?
♦
Níl aon bhuíochas ort a chara.
♦
No need to thank me, my friend.
♦
Níl aon dualgas ort vótáil mura mian leat.
♦
You are not obliged to vote if you don't want to.
♦
I don't have a (any) job.
♦
Tá na soilse lasta ach níl aon dhuine sa bhaile.
♦
The lights are on but there is nobody home.
♦
An bhfuil aon tuairim agat ar an ábhar?
♦
Do you have any opinion on the matter?
♦
Dhéanfadh sé aon rud chun díoltas a bhaint as toisc gur mharaigh sé a athair.
♦
He would do anything to take revenge on him because he had killed his father.
♦
An bhfuil aon rud eile uaibh? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Do you need anything else?
♦
níl aon chomhartha teilifíse sa cheantar seo
♦
this area has no TV signal
♦
Ná blais aon deor den bheoir mhallaithe le do lá. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
Don't taste a single drop of that damned beer as long as you live.
♦
An bhfuil aon scéal agat anocht? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Do you have any news tonight?
♦
An mbíonn tú ag caitheamh saighead gach aon oíche Dé Máirt? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you throw darts every single night on Tuesdays?
♦
caithfear ús a íoc ar aon íocaíocht atá deireanach
♦
interest must be paid on any late payments
♦
Oibrím óna naoi a chlog go dtí a haon a chlog. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I work from nine o'clock to one o'clock.