Go fóill beag
not yet
Go fóill beag, cibé.
Níl sé leat go fóill
You haven't got it yet
"
Níl sé leat go fóill, a mhic.
Níl baol orainn go fóill
we're not in danger yet
Déarfaidh tú leat féin, '
Níl baol orainn go fóill.
Níor foilsíodh fós é
It hasn't been published yet
Níor foilsíodh fós é.
Níor foilsíodh an comhaontú go fóill
the agreement hasn't been published yet
Níor foilsíodh an comhaontú go fóill agus ní cosúil go bhfoilseofar go ceann coicíse nó mar sin, a fhad is atá dlíodóirí ag plé leis.
nár líonadh go fóill
that hasn't been filled yet
Tá mé an-bhródúil as an obair a rinneamar leis an gclár 'Cúrsaí Ealaíne' agus, ó baineadh den aer é, tá folús ann
nár líonadh go fóill.
Níor fritheadh na hairm sin fós
those arms have yet to be found
Níor fritheadh na hairm sin fós, má tá siad ann.
Ní fheadar fós
I don't know yet
AÓF: Cén áit a mbeimid in ann é a fháil?
CÓD:
Ní fheadar fós, ach tá súil againn é a dháileadh ar na siopaí leabhar agus ar na siopaí ceoil ar fud na tíre.
gan bhreith
not yet born
Is scanrúil an smaoineamh é - cothaíonn fir chrua a macasamhail sna glúnta fós
gan bhreith.
ní bhfuaras drochléirmheas fós
I haven't had a bad review yet
Leis an dlúthdhiosca nua, bhíos ábhairín neirbhíseach ach, buíochas le Dia,
ní bhfuaras drochléirmheas fós.
Níl oiread na fríde eatarthu go fóill.
There is nothing between them yet.
Níl oiread na fríde eatarthu go fóill.
níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill
the ordinary American hasn't been asked yet
Agus, leis an tír ar mhuin na muice go geilleagrach,
níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill íobairt ar bith a dhéanamh ar son an chogaidh.
níl an cath caillte fós.
the battle isn't lost yet.
Nach féidir? An féidir? Ná bíodh imní oraibh a mhuintir Chónra na Gaeilge,
níl an cath caillte fós.
réidh go fóill
ready yet
Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá
réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
ceaptha go fóill
appointed yet
Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí
ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
nár áiríodh go fóill
which wasn't accounted for yet
Más fiú 10 faoin gcéad den mhargadh iad, ámh, tá 10 faoin gcéad eile
nár áiríodh go fóill – 10 faoin gcéad nach ollbheoracha ná beoracha allúracha iad, ach micribheoracha, ar fiú $8.
nár cloíodh go fóill iad.
that they haven't been defeated yet.
Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb é an difear idir Éire agus Alba ná go n-admhaíonn Gaeil na hAlban gur cloíodh i gCath Chùil Lodair iad ach go measann Gaeil na hÉireann
nár cloíodh go fóill iad.
nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill
that they hadn't made any decision yet
Dúirt 62 faoin chéad den phobal
nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill ina leith.
Ní raibh teach díolta aige fós
he hadn't sold a house yet
Ní raibh teach díolta aige fós agus bhí sé ag éirí mífhoighneach liom.
nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill,
that I had not made a decision yet
Dúirt mé leis
nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, ach go ndéanfainn mo mhachnamh air thar oíche.
go fóill
yet
Níl deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta
go fóill agus tá iomaíocht ghéar i gceist idir na hiarrthóirí ó thosaíodar ag formad lena chéile bliain go leith ó shin.
nár aimsigh eolaithe go fóill
not yet discovered by scientists
Tá seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne
nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
Táthar ag súil fós
It is yet hoped
Táthar ag súil fós go laghdófar líon na ndaoine gan dídean 50 faoin gcéad roimh 2020.
feasta
as of yet
Dealraíonn sé sin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach ligimid isteach aon chineál eile d’fhána ná d’fhlóra eile
feasta, muna bhfuil muid sásta nach ndéanfaidh siad an cineál dochair atá le sonrú abhus agus ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe a tugadh isteach.
fós féin
and yet
Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’,
fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
go sea
as of yet
com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp)
Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine
go sea.
atá le tíocht
yet to be born
Ní eagraíocht náisiúnta Ghaeilge a theastaíonn le beatha na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú do na glúnta
atá le tíocht, ach Údarás ceart Gaeltachta a bheadh níos feidhmiúla, níos cumhachtaí agus ag a mbeadh na hacmhainní cuí.
is léanmhaire fós
sadder yet still
Ó a bhean ba léanmhar,
is léanmhaire fós anois thú.
go fóill
yet
Níl an tseirbhís sin ó *Facebook* ar fáil ar fud an domhain
go fóill, ach tá seirbhís Quora i ngach cearn a bhfuil an t-idirlíon ar fáil.
go fóill beag
as of yet
Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach!
Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti…
go fóill beag!
'Bronntanais agus Féiríní Eile':
=============
Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe.
nár chaith sí fós
she hasn’t worn yet
Dar le Mary Bhaile Átha Cliath Theas nach bhfuil fágtha aici anois ach trí chéad twin-set bréidín
nár chaith sí fós, agus go bhfuil sí ag súil go mór le iad a chaitheamh agus í ar ais sa seomra ranga arís.
Is ann ach ní hann dóibh
they’re present but yet absented
Is ann ach ní hann dóibh ag an am gcéanna.
am éigin feasta
sometime yet
Pléifidh mé an Titanic
am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
ní fios go fóill
no one knows yet
Tá ceithre dhream i mbun cogaíochta d'ainmniúchán an pháirtí faoi láthair, agus
ní fios go fóill cé a bhainfeas é.
chomh feiceálach go fóill
so visible yet
An Bhfuil A Leigheas Déanta?
==============
B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé
chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
Le Chéile ach Scartha
together while yet separated
Le Chéile ach Scartha.
Fiúntas le Foilsiú Fós
worthwhile material to be published yet
Fiúntas le Foilsiú Fós
========
Tá go leor saineolaithe ar an bhfilíocht den tuairim láidir go bhfuil an Duais Nobel ar son na Litríochta tuillte ag file as Kerala na hIndia, K.
go fóill
as of yet
Déanta na fírinne, cuireann sé iontas ormsa freisin, fiú má tá an Ghaeltacht úd beag agus muna bhfuil éinne ina chónaí ann go lánaimseartha
go fóill.
níos bunúsaí fós
yet more basically
Níl íomhá níos treise ná an chóiréagrafaíocht a chleachtaíonn Georges, a dhá láimh timpeall uirthi, an chuma orthu gur ag válsáil le chéile atáid, ise á bhogadh ón gcathaoir chun na leapan aige, nó,
níos bunúsaí fós, ón leithreas chun na cathaoireach, agus ar ais arís – aithris thruamhéalach ar an gcúpla steip.
Cé nach léir dúinn fós
although we don’t know yet
Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.
chomh ardnósach sin go fóill
so hoity toity yet
Nílim ag caint faoi dhuga do bhád - nílim
chomh ardnósach sin go fóill! Séard atá i gceist ná meascán idir seastán agus callairí don iPod nó iPhone.
in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile
weak for a long long time yet
” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae
in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.
An Rialtas is Measa Fós
the worst government yet
An Rialtas is Measa Fós:
==========
B’fhéidir gurb é seo an rialtas is measa ó thús an stáit, maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht.
níl an ciníochas thart go fóill
racism isn’t finished yet
Go cinnte
níl an ciníochas thart go fóill.
a bhí le theacht
which was yet to come
Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach
a bhí le theacht.
a thiocfaidh ar an saol amach anseo
yet to be born
Is iad príomhaidhmeanna an dreama seo timpeallacht na tíre a chosaint agus a chaomhnú ar mhaithe na nglúnta
a thiocfaidh ar an saol amach anseo agus oideachas agus athbheochan cultúir a chur ar dhaoine Dúchasacha trí fhéinfheasacht agus chumhachtú.
fad is nach gcaitheann siad ach
while yet they only spend
Chaitheadh daoine 10% dá gcuid airgid ar éadaí sna daichidí agus 6% sna Stáit Aontaithe daichead bliain ó shin,
fad is nach gcaitheann siad ach 3% ar éadaí sa lá atá inniu ann.
sásta fós le bainistíocht
content yet with (F.’s) management
Sé bliana ina dhiaidh sin, bhí an scéal feabhsaithe beagán, ach ní raibh lucht leanúna Manchester United
sásta fós le bainistíocht Ferguson.
curtha ina ceart fós
corrected yet
Is iomaí rud atá i gcoiteann ag an dá iomrall ceartais, ach tá éagsúlacht ríthábhachtach amháin ann: níl an éagóir Astrálach
curtha ina ceart fós.
Ní Buille go Cnámh É, Fós
it hasn’t struck home, yet
Ní Buille go Cnámh É, Fós
============
Ní hionann focail iasachta i dteanga agus meath teanga, áfach.
ní fios go fóilleach
no one knows yet
Céard a tharlófas anois meas tú? I bhfianaise an easaontais agus an smachtú a tharla i bhFine Gael, an mbeidh an bhris le tabhairt isteach ag páirtithe an rialtais amach anseo?**
RM: Creidim go mbeidh an rialtas thiar leis ach
ní fios go fóilleach céard go díreach a thiocfas as seo.
fós le gabháil i bhfeidhm ar
yet to take effect on
Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta
fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide.
níl sé tosaithe fós
it hasn’t started yet
Go bhfios dom, an próiséas a bhí le ‘tosnú láithreach’ cúig mhí dhéag ó shin,
níl sé tosaithe fós.
níl an tobar i ndísc go fóill
matters aren’t finished just yet
Agus
níl an tobar i ndísc go fóill nó i mí Dheireadh Fómhair, beidh an Turner Prize, an comórtas ealaíne is suntasaí sa Bhreatain, le feiceáil ansin.
fós le sceitheadh
yet to be revealed
Is iontach an rúndacht a bhaineann leis na hairm seo agus táim cinnte gur iomaí scéal scanrúil atá
fós le sceitheadh.
Cluinfimid neart eile fós
we’ll hear plenty more yet
Cluinfimid neart eile fós ón amhránaí cumhachtach seo!
nár chuala do ghuth fós
who hasn’t yet heard your voice
Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill le duine
nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht tú trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.
fós le réiteach
yet to be settled
Má thosaigh an Afraic Theas go maith, cén dóigh a bhfuil sí inniu agus céard atá i ndán di?
Tá fadhbanna móra
fós le réiteach ag an tír.
ag tabhairt na gcor go fóill
dying a death just yet
Is suimiúil an cás é, ach is ríchosúil nach bhfuil saol polaitíochta Rob Ford
ag tabhairt na gcor go fóill, mura bhfuil Rob féin.
Ní léir fós
it's not yet clear
com/tracks/132007247&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe>
Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas.
bhfuil sracadh sa tseanchailleach fós
there's some fight in the old hag yet
Síleann roinnt againn go gcomharthaíonn sé go
bhfuil sracadh sa tseanchailleach fós.
go fóill
yet
Cé go bhfuil mé ag amharc orthu le 30 bliain, cuireann sé ionadh orm
go fóill an dóigh a raibh daoine i Ré Nua na Cloiche, 5000 bliain ó shin, in innimh cloch mhullaigh, moghlaeirí 40 tonna meáchain a chrochadh in airde agus a leagan ina luí ar thrí chloch eile.
agus iad ar leath-thuarastal cheana féin
(yet) while they’re (only) on a half wage
Ní féidir mar ní thig le haon dream insint chomhleanúnach a sholáthar d’áit mar seo, agus cuirim Sinn Féin san áireamh sin
agus iad ar leath-thuarastal cheana féin.
nach bhfacthas go dtí seo, a thriail
testing, ..... as of yet unseen
Ní ghlacann muid leis an chur chuige seo: deireadh iomlán a chur le foilseachán, atá ag feidhmiú go fíoréifeachtach agus a bhfuil pobal iontach láidir léitheoirí agus gréasán idirnáisiúnta scríbhneoirí aige cheana féin, ar mhaithe le cur chuige nua,
nach bhfacthas go dtí seo, a thriail.
chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill
up to the alter planned yet
An bhfuil aon damhsa suas
chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill?**
ENE: (gáire) Cuirtear an cheist orm anois is aríst agus cuirtear an cheist air féin chomh maith.
go sea
so far, as of yet
Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie
go sea.
go fóill
yet
Tá fás faoi líon na ndealbh
go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.
go fóill
yet
Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici
go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.
atá romhat i saol na linne seo
you’ve yet to meet in this life
Ní fios na hacraí agus giúirléidí
atá romhat i saol na linne seo ach dul ina ndiaidh.
atá amach romhainn
which have yet to happen
Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe
atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.
atá le fíorú go fóill
not yet witnessed
Banks ar shaol na teicneolaíochta,
atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.