AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? An bhfuil tú in ann an saol a shamhlú gan an ceol?
SJW: Ní éirím! Níl mé in ann an saol a shamhlú gan an ceol!
AÓF: Dhá mbeadh do shaol le caitheamh agat arís agus rogha agat teacht ar ais mar a theastaigh uait, an dtiocfá ar ais mar cheoltóir arís nó an bhfuil aon ealaín nó slí bheatha eile ba mhaith leat a thriail?
SJW: Theastaigh uaim i gcónaí a bheith i mo
thréidlia, mar is maith liom ainmhithe, ach chun an fhírinne a rá, tá mé breá sásta mar atá mé.