theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin
a Christian name would limit her and his imagination
Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a
theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim
There would be an extra spring in his step
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht
would that not have the effect of making her more curious
Dá dtabharfaí fógra fainice di
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
Gheofaí bealach.
A way would be found.
Gheofaí bealach.
Cé shamhlódh
Who would imagine
Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid:
James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian)
Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie)
Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun)
Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne)
Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern)
Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
go snaidhmfí a shloinne riamh le
that his surname would ever be linked with
Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid:
James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian)
Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie)
Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun)
Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne)
Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern)
Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín,
go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
a mhairfeadh
which would last
Bhí an ráta dífhostaíochta ag 18% aimsir an toghcháin dheireanaigh, bhí frithdhúnadh
a mhairfeadh fiche mí á dhéanamh ar chúig chéad dugaire agus bhí muintir na háite ag súil le cuidiú go gasta.
go mbeidís
that they would be
Is cuma cén casadh a chuireann siad sa scéal, thuig na páistí an ceacht simplí - nach raibh a dtuismitheoirí ag iarraidh
go mbeidís sa rang céanna le Taistealaithe.
a choinneodh
that would keep
Ach i ndeireadh na dála b'fhéidir gurb é an comhthéacs nua reachtaíochta, leis an Acht um Stádas Comhionainn 2000, a chuirfidh an brú cuí ar an tseirbhís oideachais seasamh a thógáil i gcoinne na bhfórsaí
a choinneodh na Taistealaithe ar an taobh amuigh.
rud a scriosfadh
which would ruin
Mhillfeadh seo áilleacht na háite,
rud a scriosfadh tionscal na turasóireachta sa cheantar.
thíos leis
would suffer
"Bheadh an té a rachadh eatarthu
thíos leis.
thíos leis
would suffer
"Bheadh an té a rachadh eatarthu
thíos leis.
go mbeadh sí ina shásamh
that is would please him
An bhfuil tú ag meas
go mbeadh sí ina shásamh?"
"Níl.
go rachadh sé rite leis an rialtas
that the government would barely manage
Measadh go forleathan roimh an eachtra seo
go rachadh sé rite leis an rialtas sa toghchán gan cuid den tacaíocht sin a mhealladh ar ais.
Go n-athróinn mo chraiceann
that I would change my skin
Dúirt sí liom, 'Cad é atá siad ag iarraidh?
Go n-athróinn mo chraiceann?'"
Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici.
ar mhian leo clarú leis
that they would want to register with
Roghnódh na vótóirí féin an toghlach
ar mhian leo clarú leis.
a roghnódh
who would choose
Chun na ceapacháin a choiméad amach as an gcóras polaitiúil oiread agus ab fhéidir, is é an tUachtarán seachas an Taoiseach
a roghnódh an cúigear seanadóir breise sin.
go mairfeadh an teanga
that the language would survive
Is mian leis an gcuid is mó
go mairfeadh an teanga agus rinneadh é sin an-soiléir ag an gcruinniú a ghairm Coimisiún na Gaeltachta i 2001.
a d'fhóirfeadh don chearc
that would go with the chicken
Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht
a d'fhóirfeadh don chearc.
gheallfainn
I would promise
"
Gheall mé go dtabharfainn an teachtaireacht do Neain;
gheallfainn rud ar bith di ag an nóiméad úd le go bhféadfainn imeacht uaithi.
nach maithfeadh an pobal dóibh é
that the public would not forgive them
Tá a fhios acu go maith
nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
a d'oirfeadh
that would be suitable
Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh Fianna Fáil a bheith i gcumhacht go ceann tamaill fhada le cúnamh an Lucht Oibre nó pé dream eile
a d'oirfeadh ag an am.
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP
an election would suit the DUP very well
Mí ó shin,
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
Rachadh sé fríot
it would go right through you, i.e. it was very loud
"
Rachadh sé fríot.
Dhealródh sé
it would appear
Dhealródh sé nár tugadh mórán airde ar na fíricí seo.
go gcloífí a mhuintir
his people would be defeated
Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus
go gcloífí a mhuintir.
Bheadh meáchan leis an diabhal rud
It would make the damn thing seem important
Bheadh meáchan leis an diabhal rud nach raibh tuillte aige.
a chuirfeadh rud ó lá go lá
who would put things off
Idir sin agus tráthnóna bhí an fhadhb réitithe acu nó níor bhean Máire
a chuirfeadh rud ó lá go lá.
a dhéanfadh gnaithe
that would do
Cinnte le Dia chonaic tú rud inteacht
a dhéanfadh gnaithe.
níor lú uirthi an diabhal
she would hate nothing more
"Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó
níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
a chiontófaí
who would be convicted
Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine
a chiontófaí.
deireadh sé
he would say
"Tharla sé go minic go gcaithinn an oíche ar fad ag labhairt Gàidhlig, mar a cheap mise, agus chasadh duine éicint timpeall agus
deireadh sé, 'Féach air sin.
An ceann is túisce a rithfeadh leat
the first one that would occur to you
An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
gur mhaith an rud é
that it would be a good thing
Am agus dua
=======
Ar an gcéad amharc, déarfadh duine
gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian
it would really amaze/surprise Ciarán
Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian dá gcuirfeadh Fiachra lá suime i gcúrsaí éadaigh nó faisin.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó
he would tell him straight out, i.e. not behind his back
Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
a bhainfeadh blaosc do chinn duit
that would blow your head off (loud)
Leis sin lig cailleach inteacht racht
a bhainfeadh blaosc do chinn duit.
go bpósfá
that you would marry
Ach ag pointe áirithe, bhí glactha leis an dtuairim
go bpósfá agus go mbeifeá mar an chumhacht laistiar den bhfear.
d'athródh mo phearsantacht go mór
my personality would change greatly
Dá bhfanfainn ann,
d'athródh mo phearsantacht go mór dá bharr agus an duine a dhéanfaí díom, ní dóigh liom gur mhaith liom an duine sin in aon chor.
go dtabharfaí i dtír iad
that they would be brought ashore
Líomhaintí
=======
Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil
go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
go n-admhódh sí
that it would acknowledge
I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin,
go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
go súfadh an obair
that the work would use up
Tá oiread le déanamh i réimse an aosoideachais sa Ghaeltacht
go súfadh an obair trí oiread sin sa bhliain dá mbeadh sé ann.
Mheabhródh sé
it would remind you of
Mheabhródh sé Clog an Aingil duit ar shlí.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é
that they would give it back to me
Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal
go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
go n-oibreodh sé sin
that that would work
*Nah*, níor mheas sé
go n-oibreodh sé sin ach an oiread.
rachadh sé dian
it would be difficult
Bhí go leor teangacha éagsúla á labhairt ar an bhus seo agus is cinnte go
rachadh sé dian ar chuid de na daoine labhairt liom i mo theanga dhúchais.
go bhfreastalóidís
that they would attend
Gheall a bhformhór
go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
go bhfreastalóidís
that they would attend
Gheall a bhformhór
go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
a d'fheilfeadh
that would be suitable
Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí
a d'fheilfeadh sna hollscoileanna!
Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
go rachadh sé rite leo
that they would find it extremely difficult
Deir an rialtas anseo
go rachadh sé rite leo a thaispeáint gurbh é an tobac ba chúis leis na costais atá ar an gcóras sláinte.
a mhaífeadh an gradam áirithe sin air
who would begrudge him that particular award
Is beag duine
a mhaífeadh an gradam áirithe sin air.
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith
the same as any Ulster person would do
Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn,
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.
Ba chúis iontais é
it would be surprising
Ba chúis iontais é ar ndóigh mura mbeadh rian éigin fágtha ar an teanga dhúchasach ag an tionchar sin.
go bhfoghlaimeoinn
that I would learn
Bhí mé cinnte
go bhfoghlaimeoinn an Ghaeilge lá éigin, áfach, agus choinnigh mé an smaoineamh sin i gcúl m'intinne.
bheadh rath uirthi
it would blossom
Dá gcaillfí an dearcadh diúltach atá ag go leor fós don Ghaeilge
bheadh rath uirthi cuma cé chomh láidir is a d'éireodh an Béarla.
a chinnteodh
which would ensure
Le linn an fheachtais toghachánaíochta dheireanaigh, thug gach páirtí polaitiúil sa tír geallúint go gcuirfidís córas nua ar bun
a chinnteodh nach iad na gardaí a bheadh ag scrúdú a gcuid oibre féin níos mó.
go ngníomhódh an Rialtas
that the Government would act
Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann
go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
bhogfadh daoine áit inteacht eile
people would have moved elsewhere
Sa tseanam, nuair nach raibh a leithéid ann,
bhogfadh daoine áit inteacht eile ag lorg oibre.
an ndéanfá grá Dé
would you do me a favour?
"A Derek, a chroí,
an ndéanfá grá Dé agus an rud atá cruinn thart faoin doras a ghlanadh suas.
B'amaideach a mhaíomh
it would be foolish to claim
B'amaideach a mhaíomh, áfach, go n-íosfadh Sinn Féin Fianna Fáil don bhricfeasta - tá 81 suíochán Dála ag páirtí Bertie i gcomparáid leis na cúig cinn atá ag Sinn Féin.
bheadh sé bliain fhada
it would be a long time (not literally a year)
Ní raibh sí cinnte cén réiteach a bheadh ar an scéal ach
bheadh sé bliain fhada sula dtabharfadh a hathair maithiúnas do Mark.
gur shaibhrede an teanga
that the language would be all the richer
Cé gur dóigh liom gur chóir i gcónaí aird agus tuiscint a chothú ar shaibhreas nádúrtha na teanga sa Ghaeltacht agus sna foinsí liteartha, sílim
gur shaibhrede an teanga muid go léir a bheith níos oscailte d'fhocail ó chanúintí eile seachas "ár gceann féin" agus d'fhocail nuacheaptha de rogha ar fhocail Bhéarla.
a thabharfadh dúshlán Trimble
who would challenge Trimble
Tá a pháirtí fein scoilte - bhíodh sé leath ar leath ach b'fhéidir anois gur lú an tacaíocht atá ag Trimble ná an leathchuid - agus is é easpa aon duine cumasach
a thabharfadh dúshlán Trimble an fáth is mó go bhfuil sé ina cheannaire ar an pháirtí go fóill.
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile
no one else would dare
Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.
Ba dhoiligh é a shamhlú
it would be difficult to imagine
Ba dhoiligh é a shamhlú cúpla bliain ó shin ach an mhí seo caite, 13 Lúnasa, bhuail Ardmhéara Sinn Féineach Bhéal Feirste, Alex Maskey, leis an Ulster Political Research Group, grúpa atá ceangailte leis an UDA.
a chuirfeadh ardú meanman
that would raise your spirits
Bhí radharc den chineál céanna le feiceáil ar fud na Gaeltachta thiar, ó Bhearna go Carna mar a deir siad, ar feadh an tsamhraidh, radharc
a chuirfeadh ardú meanman agus gliondar croí ar dhuine ar bith gur mór leis na cluichí Gaelacha.
go gcinnteodh sé
that it would ensure
Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann -
go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann lena ngairm.
Chinnteodh sé
it would ensure
Chinnteodh sé chomh maith, gan amhras, nach mbeadh oiread timpistí ann mar nach mbeadh tiománaithe ag stopadh go tobann i lár na sráide chun labhairt le striapacha!
*Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe
that we would turn our back on an enlarged Europe
Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
a gheobhadh ardú céime
who would be promoted
Ní raibh sé i measc na ndaoine
a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
go scaoilfí saor an bheirt fhear
that the two men would be released
Chiallódh sé
go scaoilfí saor an bheirt fhear ach go mbeadh an Stát in ann iad a athghabháil agus a athchiontú.
Cé a thógfadh orainn é
who would blame us?
Cé a thógfadh orainn é dá ngéillfeadh muid don bhrú sin?
Tá na tuairiscí léite agam, agus scanraíonn siad mé.
mar a chuirfeadh sí an oíche isteach
how she would pass the night
Ní raibh a fhios aici cad é faoi Dhia
mar a chuirfeadh sí an oíche isteach nó níor cheil a hathair ariamh an dubhghráin a bhí aige ar Dhónall.
B'fhusa Trimble a thuigbheáil
it would be easier to understand Trimble
Loighciúil?
B'fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha.
ba bheaichte a rá
it would be exact to say
Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *
ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
cosúil mar a bheinn sa bhaile
as I would be at home
Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige
cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
go n-éisteodh siad liom
that they would listen to me
Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse
go n-éisteodh siad liom.
a bhronnfaí ar dhuine
that a person would be awarded
Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí
a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach.
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm
which would gain a bad name for the profession
Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
go bhfoilseofaí leagan nua
that a new version would be published
Gheall an Rialtas anuraidh
go bhfoilseofaí leagan nua den Phlean Náisiúnta Éigeandála faoi dheireadh na bliana sin.
ní ghortaítí éinne
no-one would be hurt
Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach
ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn
Fergus would bore you to death (lit. would grind a millstone)
Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn ag caint ar an tinneas agus cad é chomh holc agus a bhí sé.
gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair
whoever would go between Nóirín and his mother would be a brave person
"
"Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é," arsa Fergus, nó bhí a fhios aige
gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
cad a d'oibreodh
what would work
Nuair a thosaíomar á dhéanamh sin bhí an-spéis againn cineálacha difriúla amhrán a thriail agus féachaint
cad a d'oibreodh.
go rachadh sé go tóin poill
that it would collapse
Bhí deacrachtaí airgid ag an chomhlacht ag an am agus bhí imní ar na hoibrithe
go rachadh sé go tóin poill.
a bhainfeadh an drochbhrí
who would take the bad meaning
Agus mé ag caint ar dhoirse, mhol mé dó bealach oscailte dhoirse Theach na Dála a athrú ionas nach 'Pull' a bheas scríofa ar gach ceann acu - agus gan a bheith ag cur drochsmaointe isteach in intinní lofa bréana casa casta daoine áirithe
a bhainfeadh an drochbhrí as an fhocal álainn Béarla sin.
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad
that a novelist with no talent whatsoever would write
Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
chuideodh sin leo feabhsú
that would help them improve
Dhéanfadh roinnt chluichí samhraidh leas na n-imreoirí óga agus
chuideodh sin leo feabhsú.
Ba mhór ag Aoife
Aoife would really appreciate
"
Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
go n-admhódh sé
that he would admit
Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans
go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
Ba dheas mo mhargadh
It would have been much better
Ba dheas mo mhargadh mo bhéal a choinneáil druidte," arsa Fiachra.
náireodh sé seo an Bhreatain
this would embarrass Britain
Ach leis seo a dhéanamh, bheadh gá fórsaí a tharraingt ó áiteanna eile ar domhan agus
náireodh sé seo an Bhreatain laistigh de NATO.
go gcuirfi ar ceal é
that it would be postponed
Bhí cruinniú de choiste na Comhairle le bheith ann an oíche sin ach dúirt feisire an DUP, Sammy Wilson le bunadh Shinn Féin
go gcuirfi ar ceal é le go dtiocfadh leo ómós a thabhairt dá gcomrádaí.
a d'aithneodh Gaeilgeoirí
that Irish speakers would recognise
Cé gur scar na teangacha sin ón Ghaeilge i bhfad ní ba luaithe, tá cúpla focal Briotáinise
a d'aithneodh Gaeilgeoirí, mar shampla, *du *(dubh); *glas *(glas agus gorm); *kamm *(cam); *mat *(maith); *kanan *(canadh); agus *an ti *(an teach).
Ba mhór an trua
it would be a shame
"
Ba mhór an trua dá ndéanfadh bagairtí na sceimhlitheoirí díobháil don obair atá déanta ag Walsh, Cummiskey, muintir Monahan, agus go leor daoine eile i Nua-Eabhrac a bhfuil dua caite acu leis an IPPCH.
bheadh an droim loitthe agam
my back would be damaged
Cibé, ní thiocfadh liomsa ualach mar sin a iompar -
bheadh an droim loitthe agam.
b'ionann é
it would be like
Mar theideal,
b'ionann é agus Institiúid Síochána agus Athmhuintearais Pol Pot nó Craobh Bertie Ahern d'Ógra Fhine Gael a bheith ann.
le go mbeadh lúcháir
so that there would be joy
" Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le hÓ Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht ná go dtáinig Críost
le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine.
a shásódh
that would satisfy
Thuig sé láithreach an t-aon phíosa nuachta
a shásódh Ó Doornail: agallamh eisiach le Sodom Ó hOisín i mBagdad! Agus thuig sé an dóigh le é a fháil: bréagriocht a chur air féin! Ach cén bréagriocht? Chuaigh sé ag meabhrú os cionn na tine - tine gháis - nó bhí an mhóin ar fad ite aige le teann imní.
chaillfí postanna
jobs would be lost
" De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin
chaillfí postanna.