Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhoinse iontaofa trust-worthy source
" Bíonn an chuma ar na teachtaireachtaí seo gur tháinig siad ó fhoinse iontaofa, agus bíonn siad teicniúil go leor chun dallamullóg a chur ar dhaoine nach bhfuil leibhéal ard eolais theicniúil acu.
Díol iontais é it is something worthy of attention
" Díol iontais é gur chuir mé suim i gcúrsaí dátheangachais, cé gur timpeallacht iontach aonteangach a bhí in Varkaus.
Ábhar suntais eile another matter worthy of notice
" Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W.
iontaofa trust-worthy
" Tá a lán eagraíochtaí thart, ach níl a fhios againn cé atá iontaofa.
díol spéise worthy of interest
" Is díol spéise é an chéad mhórthaispeántas de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Dorothy Cross, a osclaíodh i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ag tús na míosa seo caite.
cuid suntais something worthy of notice
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
cuid suntais something worthy of notice
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
is díol suntais it's worthy of notice
" Ba é Kristol arís, nár pholaiteoir é, ach eagarthóir ar iris choimeádach dar teideal an *Weekly Standard*, ceannaire an tionscadail, ach is díol suntais na daoine a tháinig isteach sa ghluaiseacht: leithéidí Dick Cheney, atá anois ina leasuachtarán ar Mheiriceá, John R.
díol suime worthy of interest
" Is díol suime é gur in ómós do Tom and Jerry a forbraíodh na carachtair Itchy and Scratchy i *The Simpsons.
Díol spéise worthy interest
" Díol spéise fosta na torthaí i leith an leibhéil dí atá ceadaithe.
díol suntais something worthy of notice
" Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”.
díol suntais, something worthy of attention,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
faoin tionscadal fiúntach seo about this worthy project
" Tá tuilleadh eolais le fáil faoin tionscadal fiúntach seo ach scríobh chuig info@aisling.
díol spéise something worthy of notice
" Is díol spéise é go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Opie agus Dánlann Hugh Lane araon in 2008 – bainfidh Opie a chaogadú breithlá amach i mbliana agus tá an dánlann ar an fhód anois le céad bliain anuas.
díol suntais something worthy of attention
" Is díol suntais é go raibh daoine den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid.