Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag treabhadh le chéile working together
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
córas meithle working party system
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
cromadh ar an obair begin working
" "Seo," arsa Caitríona, "féadann muid cromadh ar an obair nó beifear ag déanamh gur ag meilt ama atá muid.
ag tochras ar a ceirtlín féin working in its own interest
" Beidh gach tír díobh, ní nach ionadh, ag tochras ar a ceirtlín féin.
ag imirt a gcleas d'aontaobh to be working together
" Tá breis is mí caite aige anois sa phost nua agus tá na heagraíochtaí in ainm is a bheith ag imirt a gcleas d'aontaobh ach táim in amhras faoi.
comhobair working with others
" Saibhríonn comhobair sa phobal an saol dúinn ar fad.
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
a luachanna aicme oibre its working-class values
" Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den "dream eile"? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?) Sochaí fhearúil ======= Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre.
in ord agus in inneall in working order, organised
" "Beidh greim bí againn nuair atá achan rud in ord agus in inneall.
na haicme oibre the working class
" Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
lucht oibre Caitliceach Catholic working class
" " Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d'oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am.
ag gabháil do working at
" Tá roinnt daoine ag gabháil do chúrsaí farantóireachta ar na báid a thugann cuairteoirí go dtí an mBlascaod le linn bhiaiste na dturasóirí.
ag saothrú leis working away
" Má thugann tú cuairt ar Shráid Uí Chonaill le hamharc ar an spíce lonrach, ná déan dearmad ar an mháinlia cluaise atá ag saothrú leis ina sheomra beag cúng in aice láimhe.
bhíodh sí ag obair she used to be working
" Fiontar ======= An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! San Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé.
ag tochras ar a gceirtlín féin working in their own interest
" Ba léir go raibh siadsan ag tochras ar a gceirtlín féin, ag iarraidh buntáiste éicint a bhaint as an tacaíocht atá fós aici ón bpobal.
ag obair i gcuideachta working alongside
" Daoine difriúla ======= Ceann de na rudaí is fearr le Cole faoin phost ná go dtugann sé deis dó a bheith ag obair i gcuideachta cineálacha difriúla daoine gach lá.
de chuid na haicme oibre of the working class
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
díograiseach enthusiastic, hard-working
" Sin ráite, caithfidh mé a rá gur bhuail mé le roinnt oibrithe óga sealadacha a bhí iontach cumasach agus díograiseach.
ag feidhmiú i gceart working properly
" "Níl mé anseo ach le coicís ach feictear dom go bhfuil an córas ag feidhmiú i gceart, istigh is lasmuigh.
dícheallacha hard-working
" Deir sé gur daoine dícheallacha agus ionraice, den chuid is mó, an dream a raibh sé ag obair leo, daoine a raibh cion acu ar a dteaghlach agus ar theastaigh deimhneacht uathu ina bpost.
ag obair gan stad gan staonadh working without stop or stay
" Bean sna tríochaidí a bhí inti, agus í iontach gnóthach, ag obair gan stad gan staonadh.
feirm shaothrach working farm
" Ar an taobh ó thuaidh, tá feirm shaothrach.
de shíor ag obair always working
" Is é an t-aon lá sa bhliain a ligeann an mháthair a scíth, rud a bhíonn de dhíobháil go crua uirthi; tá sé de nós ag lánúineacha sa tír seo teaghlach mór a bheith acu agus, mar sin, bíonn an mháthair de shíor ag obair sa teach.
pháirtí na haicme oibre the party of the working class
" Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine.
aicme oibre working class
" "Níl ceann ar bith de na páirtithe sa Tionól ag obair ar son na haicme oibre, an dream is mó atá faoi bhrú," ar sé.
ar son na haicme oibre on behalf of the working class
" "Níl ceann ar bith de na páirtithe sa Tionól ag obair ar son na haicme oibre, an dream is mó atá faoi bhrú," ar sé.
aicme oibre na n-inimirceach the immigrant working class
" Ba í aicme oibre na n-inimirceach a thóg an córas cumhachtach scolaíochta Caitliceach sna Stáit Aontaithe.
Díograiseach hard-working
" Marc: C Corcaigh ======= *Mícheál Ó Scanaill (FG)* An-stuama, staidéarach, Díograiseach agus cliste.
ag saothrú working
" Ó thaobh na scríbhneoireachta de, ní hamháin gur duine toirtiúil é Ó Muirí, ach is scríbhneoir é atá ar a shuaimhneas ag saothrú i *genres *difriúla fosta.
díograiseacha diligent, hard-working
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
lucht oibre working class
" Is ceantar lucht oibre é Dingle, atá suite i ndeisceart na cathrach in aice le habhainn an Mersey.
Ag obair leis working away
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness Ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
Ag obair leis working away
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness Ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
ball an-díograiseach dícheallach den chumann a very enthusiastic and hard-working member of the society
" Ba é Cumann Seandálaíochta Uladh a reáchtáil an turas, agus bhí Billy Dunlop, ball an-díograiseach dícheallach den chumann, mar threoraí againn.
i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach in unionist and loyalist working-class areas
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach in partnership with the Catholic working class
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
lucht oibre working class
" "Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.
ag obair as lámh a chéile working together
" “Déanaimid ár ndícheall bheith ag obair as lámh a chéile.
ó ghléas not working
" Bhí súil aige nach raibh an diabhal idirlín ó ghléas mar a bhíodh go minic agus é ar daoraí le rud inteacht a chuardach.
ag oibriú mar ba chóir dó working as it should
" Dúirt an CSIRO, atá i bhfábhar modhnú géiniteach i gcoitinne, gur thaispeáin sé seo go raibh an córas ag oibriú mar ba chóir dó agus nach raibh aon bhaol ann don phobal.
ag oibriú working
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
ag oibriú working
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
ag obair as lámh a chéile working together, in cahoots
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
Níl an seanstuif ag oibriú. The old stuff is not working.
" Níl an seanstuif ag oibriú.
saol an lucht oibre a fheabhsú to improve the life of the working class
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
ag obair ar fhoghraíocht working on pronunciation
" Cuidíonn an amhránaíocht liom agus mé ag obair ar fhoghraíocht le mo rang, nó fiú chun pointe gramadaí a mhíniú.
ag obair go dian working hard
" Ní rabhamar ar fad riamh suite síos ag obair go dian gan bheith ag caint.
leis an aicme oibre with the working class
" Ní bheadh sin chomh fíor céanna san Eoraip ach go traidisiúnta baineann an sacar níos mó leis an aicme oibre ná le haicme na ngairmeacha den chuid is mór.
ag obair as lámh a chéile working together
" Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an gcomhordú atá á dhéanamh anois, go bhfuil an Roinn agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile anois.
ná ó shaothrú na talún than from the working of the land
" I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí anois ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún.
ag plé leis an léann working in academia
" Admhaíonn sé nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.
ag feidhmiú i gceart working properly
" Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre! Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo.
fós ag oibriú still working
" Cuireadh iontas orthu nuair a bhí breis is 300 acu ann, ina measc cuid de na cinn a bhí páirteach i 1956 agus iad fós ag oibriú.
ag saothrú leo ar son na teanga working away for the language
" Is daoine iad an dream a luaigh sé atá ag saothrú leo ar son na teanga le fada agus nach bhfuil an oiread sin aitheantais faighte acu agus is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi Risteard féin.
an lucht oibre the working class
" Bhain siad leis an lucht oibre agus ní raibh aon difear eadrainn, le fírinne.
ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir working for the language and the culture
" Tá cuid mhór rudaí is mian liom a dhéanamh!” Ní fear é Risteard Mac Gabhann a bhfuil cleachtadh ar bith aige ar a bheith díomhaoin agus féadann tú bheith cinnte go leanfaidh sé air ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir sna blianta atá romhainn.
ag stróiceadh leis gan aitheantas. working away without recognition.
" Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas.
Ba dhaoine dlúsúla dícheallacha iad tuismitheoirí Justine. Justine's parents were industrious, hard-working people.
" Ba dhaoine dlúsúla dícheallacha iad tuismitheoirí Justine.
ar tí a mhodh oibre a athrú about to change his method of working
" Is iad na radharcanna iontacha den cheantar a bhí le feiceáil ón árasán ar Rue Lepic a roinn Van Gogh lena dheartháir a spreag na ceithre phictiúr a bhfuil *Vue de Paris aux environs Montmartre *ar cheann acu*,* agus rinneadh é nuair a bhí sé ar tí a mhodh oibre a athrú de bharr an tionchair a bhí ag na healaíontóirí air ar bhuail sé leo i bPáras.
tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo go lánaimseartha. I'm really looking forward to working with them on a full-time basis.
" Measaim féin go bhfuil Rough Magic ar cheann de na complachtaí amharclainne is fearr atá in Éirinn faoi láthair agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo go lánaimseartha.
Tá ag éirí leis an gcur chuige the approach is working
" Tá ag éirí leis an gcur chuige sa tionscadal seo againne, go dtí seo ar aon chuma.
ag obair sna goirt sméar, working in the berryfields,
" Ó bhí sí óg, bhí sí ag díol earraí sna gleannta, ag obair sna goirt sméar, agus ag baint lín.
nuair a bhínn ag obair air when I'd be working on it
" Nuair a bhí orm stopadh bhí sé deacair tosú arís ach ansin nuair a bhínn ag obair air bhí sé deacair gan a bheith sáite ann.
ag saothrú leis san earnáil seo working away in this sector
" Ach, i bhfírinne, tá Quinn ag saothrú leis san earnáil seo leis an blianta i dTuaisceart Éireann.
a bhí idir lámha agam. that I was working on.
" Ghlac mé leis i gcónaí, fiú agus mé san aonad dianchúraim, go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, leis na rudaí ar fad a bhí idir lámha agam.
i mbun an imleabhair sin. working on that volume.
" Is iad Alan Titley, Frankie Sewell agus Eamon Ó Ciardha a bheidh i mbun an imleabhair sin.
i gceantair lucht oibre Learphoill, in working class areas of Liverpool,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
ag saothrú an adhmaid, working with the wood,
" Chaith go leor daoine a saol ag saothrú an adhmaid, ag gearradh na gcrann anuas agus á seoladh ar na haibhneacha chuig na muilinn.
modh oibre method of working
" Sin an modh oibre atá ag City Channel.
ag saothrú working
" ** ** Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach.
de chúlra lucht oibre of a working class background
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
ag obair iontu. working in them.
" Aimsir bhunú Theilifís na Gaeilge sa bhliain 1996, bunaíodh an t-iliomad comhlachtaí nach raibh ach duine nó beirt ag obair iontu.
ag saothrú. working.
" Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata. working for any military or paramilitary group.
" Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí sé ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh sé ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata.
ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte working on a new open operating system
" Tá siad ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte le 30 comhlacht eile.
faoi fheidhmiú an Aontais about the workings of the Union
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
a chaith seal ag obair who spent a period working
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
a rabhas ag obair air le blianta on which I was working for years
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair as soon as Shea started working
" Ní chuireadh seo isteach orm mórán óir a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair ba mhinic a bhíodh sé deacair stop a chur leis.
i rith na seachtaine saoire during the free (as in not working) week
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.
nuair a thagann a lá oibre chun críche, when his working day comes to a close
" Ach nuair a thagann a lá oibre chun críche, athraíonn Micheál go Michelle – mainicín álainn sna fichidí, a shaothraíonn airgead mór as gach taispeántas faisin a mbíonn sí páirteach ann.
ag obair as lámh a chéile working together
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
ag comhoibriú le heagraíochtaí mar working alongside organisations such as
" Le dul i ngleic leis an chaimiléireacht seo, tá OFT ag comhoibriú le heagraíochtaí mar Carers UK, Help the Aged, Age Concern, Citizens Advice, Action on Elder Abuse agus Neighbourhood Watch.
ag comhoibriú co-operating, working with
" Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
ag obair as lámh a chéile working closely together
" * Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo.
ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; working as a professional dancer;
" Ní raibh cead agam riamh spórt dainséarach mar seo a dhéanamh cionn is go raibh mé ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; bhíodh cosc ar rudaí mar dhreapadóireacht agus sciáil i gceist sna conarthaí.
modhanna oibre methods of working
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
ag feidhmiú thar ceann a phobail féin working on behalf of his own community
" Ach comhaontú ilpháirtí ilrialtais is ea é, a raibh baint ag na mílte duine leis thar na blianta – gach polaiteoir a bhí ag feidhmiú thar ceann a phobail féin agus gach máthair ar cailleadh a páistí sa chogadh díchéillí uafásach.
ag comhoibriú working in conjunction with
" Tá siad ag comhoibriú le Phytobotanica UK Ltd.
daoine geala de chuid an lucht oibre. white working class people
" Agus ní chuidíonn sé léi gurb na vótálaithe is mó a thugann tacaíocht di ná vótálaithe traidisiúnta an pháirtí – ní daoine óga agus toghlaigh nua de chuid an phobail ghoirm, ach daoine geala de chuid an lucht oibre.
a bheith ag obair as lámh a chéile to be working together
" “Rachaidh sé chun sochair do gach aon dream a bheith ag obair as lámh a chéile mar seo.
ag obair go lánaimseartha. working on a full-time basis.
" Sin an rud atá ar bun agamsa, ach tarlaíonn sé go ndéanaim mo chuid obair dheonach san áit chéanna a mbím ag obair go lánaimseartha.
ag gníomhú ar son leasa gnó working for business interests
" ”Ní hé gurbh iad an RPF an t-aon dream a bhí ag gníomhú ar son leasa gnó sa Chongó.
ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, who is always working in his own interest
" Feicimid beirt bhan nach gcloíonn leis an léiriú seo, áfach: Mal Mynx, an Teachta Dála a bhíonn ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, agus bean Ghusaí, Sciní Goleor, ar súmaire an airgid í.
ag saothrú working
" Ag deireadh an chúrsa, tháinig cuid de chainteoirí líofa na Manainnise ar cuairt againn, ina measc Brian Stowell, duine a chaith a shaol ag saothrú ar son na Manainnise agus a bhfuil Gaeilge na hÉireann go líofa aige chomh maith.
oibriúcháin workings
" Luke 14: 28 – 30 Ba leis na focail seo a chuir státseirbhíseach tús le litir faoi oibriúcháin an Ulster Scots Academy Implementation Group (USAIG) a cuireadh chuig cathaoirleach an ghrúpa sin.
gabháil ag obair go working
" Insíonn sé dúinn faoin nós a bhí ag muintir na Gaeltachta gabháil ag obair ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta, agus faoi Aonach an Fhostaithe ar an Srath Bán.
gnáthuaireanta oifige normal working hours
" ”An gcuireann sé isteach ar a fear céile nach bhfuil gnáthphost a bhfuil gnáthuaireanta oifige i gceist leis ag a bhean?“Pósadh muid agus mé aon bhliain is fiche d’aois.
i mbun gach coise concerned with each foot, ie working each foot
" Bhí duine amháin i mbun gach coise agus triúr ar bharr an struchtúir, a rinneadh sa bhFrainc as cruach agus adhmad.
saol gairmiúil working life
" Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais! Croí an scéil Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.