Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tochras ar a ceirtlín féin working in its own interest
" Beidh gach tír díobh, ní nach ionadh, ag tochras ar a ceirtlín féin.
in ord agus in inneall in working order, organised
" "Beidh greim bí againn nuair atá achan rud in ord agus in inneall.
ag tochras ar a gceirtlín féin working in their own interest
" Ba léir go raibh siadsan ag tochras ar a gceirtlín féin, ag iarraidh buntáiste éicint a bhaint as an tacaíocht atá fós aici ón bpobal.
sa saol saoroibre in the world of freelance work
" Agus tá buntáiste ag baint le bheith ag obair le gníomhaireacht fostaíochta: tagann an pá go rialta ag deireadh gach seachtaine, agus ní bhíonn ort brú a chur ar iris nó ar nuachtán le híocaíocht a fháil uathu, mar a tharlaíonn go minic sa saol saoroibre.
D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail he used to work in the coal mines
" D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail mar leictreoir, agus d'oibrínn féin os cionn na talún, ag déanamh réidh na masc.
saothar idir lámha work in progress
" Is ‘saothar idir lámha’ é TG4.
i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach in unionist and loyalist working-class areas
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach in partnership with the Catholic working class
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
nach n-oibreoinn sa teilifís that I wouldn't work in television
" “Dúradh liom nach n-oibreoinn sa teilifís agus nach raibh aon mhaith liom, agus dearmad a dhéanamh air!” Is cuimhin léi trail amháin a bhí go dona ar fad.
ag obair as lámh a chéile working together, in cahoots
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
sa bhroid oibre in the pressure of work
" Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.
ina saothar in her work
" Bean measartha óg atá inti, a thugann léargas ina saothar ar dheacrachtaí mhuintir Mharacó ó bhain an Spáinn ballraíocht amach san Aontas Eorpach agus ó dhruid sí a teorainn feadh na Meánmhara.
sa dá shaothar sin in those two works
" Toisc go bhfuil an fhilíocht sa dá shaothar sin ar áilleacht na cruinne ní raibh sé chomh deacair sin ceol a chumadh a oirfeadh dóibh.
mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí as a normal language of work in companies
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
ag plé leis an léann working in academia
" Admhaíonn sé nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.
i láithreacha oibre iata. in enclosed places of work.
" Níor rith sé leo an "cleas Éireannach" a imirt ar lucht an tobac agus a rá nach bhfuil sé ceadaithe san Aontas Eorpach tobac a chaitheamh i láithreacha oibre iata.
ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn. not much of his work is staged in Ireland.
" Is scríbhneoir thar a bheith tábhachtach é Schiller i litríocht na Gearmáine ach ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn.
ag obair sna goirt sméar, working in the berryfields,
" Ó bhí sí óg, bhí sí ag díol earraí sna gleannta, ag obair sna goirt sméar, agus ag baint lín.
sa saothar in the work
" ” Ba é Donal Lunny a léirigh an t-albam sin agus deir sí go bhfuil “a croí istigh” sa saothar go fóill.
ag saothrú leis san earnáil seo working away in this sector
" Ach, i bhfírinne, tá Quinn ag saothrú leis san earnáil seo leis an blianta i dTuaisceart Éireann.
san obair chléireachais in the clerical work
" Ní raibh a chroí san obair chléireachais a bhí ar bun aige, áfach.
Shaothraigh siad i gcuibhrinn nár leo. They worked in fields they didn't own.
" Shaothraigh siad i gcuibhrinn nár leo.
i gceantair lucht oibre Learphoill, in working class areas of Liverpool,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
ag obair iontu. working in them.
" Aimsir bhunú Theilifís na Gaeilge sa bhliain 1996, bunaíodh an t-iliomad comhlachtaí nach raibh ach duine nó beirt ag obair iontu.
ina hionad oibre. in her work place
" An lá dár gcionn, áfach, thit sí agus í ina hionad oibre.
i rith na seachtaine saoire during the free (as in not working) week
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.
Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de there is a wide range of works available in terms of price
" Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de – d’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, nó níos mó arís dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.
saothair de chuid na n-ealaíontóirí ba mhó cáil ar domhan works by the most famous artists in the world
" Bhí sé mar chuspóir aige saothair de chuid na n-ealaíontóirí ba mhó cáil ar domhan ag an am – saothair de chuid na n-impriseanaithe, cuir i gcás – a chur ar fáil do phobal na cathrach agus na tíre.
ina chuid saothar in his works
" Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothar – d’fhéadfadh sé, mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.
a bhí i mbun na hoibre sin. who were engaged in that work.
" Measann Lonergan gur thug na cainteoirí Gaeilge an leasainm “síle” orthu siúd a bhí i mbun na hoibre sin.
mar shaothar ann féin as a work in itself
" Bíodh sin mar atá, is féidir an saothar a léamh mar shaothar ann féin.
ag comhoibriú working in conjunction with
" Tá siad ag comhoibriú le Phytobotanica UK Ltd.
ina saothar in her work
" Tá gnéithe éagsúla den smaointeachas seo le feiceáil ag teacht chun cinn ina saothar do dhaoine óga chomh maith.
ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, who is always working in his own interest
" Feicimid beirt bhan nach gcloíonn leis an léiriú seo, áfach: Mal Mynx, an Teachta Dála a bhíonn ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, agus bean Ghusaí, Sciní Goleor, ar súmaire an airgid í.
ag gabháil d'obair an stáisiúin engaged in the work of the station
" Níl ach triúr fostaithe ag gabháil d'obair an stáisiúin ar bhonn lánaimseartha gairmiúil.
ag tochras ar a ceirtlín féin working in its own interest
" Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.
saothrú sna goirt to work in the fields
" Cailleadh den eitinn í, galar nár lig di páistí a theagasc, ná saothrú sna goirt, ná spórt a dhéanamh nuair a bheadh deireadh le lá fada sa kibbutz, galar nach raibh leigheas air ag an am.
sáite in obair engaged in work
" Bíonn an dá Scoil agaibh, Samradh agus Geimhreadh agus tá tú sáite in obair Chumann Merriman le cén t-achar blianta anois a Liam?** LÓD: Ní cuimhin liom leis an bhfírinne a rá, thart a 15 bliana déarfainn, ach bhí mé ag an gcéad scoil samhraidh in Inis i 1968 agus an chéad scoil gheimhridh ar an Aonach tús na bliana '69.
Corraíl Oibre agus Ealaíne turbulence in work and art
" ”* Corraíl Oibre agus Ealaíne ============= Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
ag obair seasta in work continually
" **CF: An bhfuil aon rud os do chomhair amach, nuair a bheas Doubt thart?** BNN: Mar aisteoir, ní bhíonn a fhios agat riamh ach bhí an t-ádh orm anois le bliain go bhfuil mé ag obair seasta.
ina shaothar dá bhrí sin in his work because of that
" D’admhaigh sé in agallamh leis an Hollywood Reporter go mbíonn an lionn dubh air agus b’fhéidir nach bhfuil an dóchas céanna ina shaothar dá bhrí sin, is a bhí ag a leitheidí Gene Roddenberry, cruthaitheoir saincheadúnas *Star Trek*, cuirim i gcás.
ar shaothar agus ar iompar in the work and behavior
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
Dul ag obair le cúrsaí aistriúcháin to go working in the translation business
"Dul ag obair le cúrsaí aistriúcháin b'fhéidir agus teacht chun cónaithe sa Ghaeltacht,” arsa Natalie leis.
ag obair as lámh a chéile leis working in tandem with
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
obair san earnáil phríobháideach to work in the private sector
" Beidh ar státseirbhísigh agus ar airí fanacht dhá bhliain sula mbí cead acu obair san earnáil phríobháideach.
blas aoire ina shaothair a touch of satire in his works
" Léiríonn Ó Nualláin blas aoire ina shaothair, At Swim Two Birds, The Hard Life, The Third Policeman agus The Dalkey Archive.
saibhreas agus bunúlacht ina shaothar a wealth and originality in his work
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
feicthe sa bunshaothar seen in the original work
" Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.
maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre regarding team spirit in the work place
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
seal ag obair in otharlann a while working in a hospital
" Nuair a chaith Mac Amhlaigh seal ag obair in otharlann, rinne sé cur síos ar imeagla na n-imirceach Éireannach agus iad ag plé le dochtúirí is altraí.
is i sochaí shoilíosach amháin a bheadh rath ar chóras ainrialach a system of anarchy can only work in a society of altruists
" De réir na polaiteolaíochta, is i sochaí shoilíosach amháin a bheadh rath ar chóras ainrialach.
d’fhonn obair a fháil in order to get work
" Scéal Samplach ====== I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil, shocraigh Eric Tabo go dtréigfeadh sé a thír dhúchais ar son na hEorpa d’fhonn obair a fháil a ligfeadh dó soláthar dá dheartháireacha is deirfiúracha.
in oeuvre an Éireannaigh in the Irishman’s work
" Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.
an oibreodh sé i suíomh uirbeach would it work in an urban setting
" Níl a fhios agam an oibreodh sé i suíomh uirbeach ach tá féidearthachtaí ann.
D’oibrigh an bheirt acu i gceardlann fuála both worked in the sewing workshop
" D’oibrigh an bheirt acu i gceardlann fuála agus ba ghnách le Luigi rudaí deasa cosúil le hataí agus éadaí a fhuáil do Mokryna nuair a bhíodh an deis aige, agus thiomsaíodh sise greimeanna beaga bia dósan.
a leasú ar aon chaoi in reforming (the D. working practice) anyway
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr in doing their work better
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
ná an biseach a dhéantar sa réimse céanna oibre than the profit made in the same work sector
" Maíonn an tuarascáil chéanna go ndéanann comhlachtaí cumarsáide san Eoraip ceithre oiread bisigh ná an biseach a dhéantar sa réimse céanna oibre thall sna Stáit Aontaithe.
d’éirígh leis an tseift seo san Ísiltír the plan worked in Holland
" An cheist atá ann anois don chláruimhir 132 ná – an ndíolfar níos mó caranna i mbliana ná mar a díoladh anuraidh? Ón eolas atá faighte agam, d’éirígh leis an tseift seo san Ísiltír, ach, ar ndóigh, is ag deireadh na bliana seo a bheas achan scéal againn.
Níl cead ag duine obair sa tír go hoifigiúil no one is permitted to work officially in the country
" Níl cead ag duine obair sa tír go hoifigiúil, agus tairbhe a bhaint as an gcóras leasa shóisialaigh, gan a chion féin den teanga a mháistriú.
aon tagairt do shaothair i nGaeilge any reference to works in Irish
" Liosta le háireamh de fhoinsí i mBéarla a bhíonn ar chúl aon leabhar taighde a fhoilsítear i nGaeilge ach is fíor-annamh go bhfeicfeá aon tagairt do shaothair i nGaeilge ar chúl a mhacasamhail de leabhar a fhoilsítear i mBéarla.
adhradh ina chuid cumadóireachta féin adore ... in his own creative work
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
agus saothar bunúil ar siúl acu who are engaged in original work
" Comórtas dírithe ar ealaín nua-aimseartha choincheapúil atá sa Turner Prize, agus tá sé oscailte d’ealaíontóirí Briotanacha faoi 50 bliain d’aois agus saothar bunúil ar siúl acu.
chuir an oiread daoine suim ina shaothar so many people showed an interest in his work
" Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.
i sárshaothar in the magnificent piece of work
" Tuigim anois gur beag rud is fearr is féidir a dhéanamh go luath maidin Domhnaigh ná féachaint ar Henry Fonda is Victor Mature mar Wyatt Earp is Doc Holliday i sárshaothar John Ford My Darling Clementine (1946).
a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth who live or who work in the shade (of)
" Déanann Sacro GRA cur síos ar shaol daoine éagsúla a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth an Grande Raccordo Anulare, an cuarbhóthar a ritheann mar chiorcal timpeall na Róimhe.
Le obair an rialtais seo a mheas in order to estimate the work of this government
" Le obair an rialtais seo a mheas is fiú go mór an comhthéacs a bhreathnú.
ag cuartú oibre in seeking work
" Tá siad ann a deir gur chóir na híocaíochta seo a laghdú dóibh siúd nach nglacann áit ar chúrsa oiliúna nó nach bhfuil ag cur dua orthu féin ag cuartú oibre.
gafa le hobair eile caught up in other work
" Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc.
tá sé sáite i lár oibreacha ceimiceach it’s stuck in the middle of a chemical works
" Seo an pháirc peile is gránna ar domhan, déarfainn, mar tá sé sáite i lár oibreacha ceimiceach agus bhí sé go maith go raibh an taobh eile den scéal ann.
Ina saothar ceoil is filíochta in her musical and poetry work
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
ag obair sa leabharlann working in the library
" Mar sin, chaith mé leath na hama ag obair sa leabharlann agus a leath eile ag obair le de Bhaldraithe ag gabháil fríd na focla agus achan rud agus bhí sé iontach.
ag obair sa ghnó s’aige working in his business
" Bhí os cionn 250 oibrí ag obair sa ghnó s’aige i Maidrid agus 100 duine i mBarcelona nuair a bhí Balenciaga i mbarr a réime.
Saothrú an Bhéarla working in English
" Saothrú an Bhéarla ======= **SMM: Ní raibh tú díomhaoin i dtaca le scríobh an Bhéarla ach oiread a Shéamais.
ar a shaothair in his work
" Ba é an fhoirm stílithe, shiméadrach a chonaic sé i ndealbhóireacht na hÉigipte in iarsmalann i bhFlórans, áfach, is mó a chuaigh i bhfeidhm air, agus tá an tionchar seo le brath ar a shaothair sa taispeántas.
a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal his working life in a small humble studio
" Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar ================ Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach 'poll' mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin.
le cuidiú leis an obair dhúshlánach to assist in the challenging work
" Tháinig capaill chun na hAstráile den chéaduair sa Chéad Chábhlach, thiar sa bhliain 1788, le cuidiú leis an obair dhúshlánach an choilíneacht a bhunú san fhiántas.
sna saothair mhóra in the major works
" Rinne mé céim Bhéarla sa choláiste, mar sin, thum mé mé féin sna saothair mhóra ansin, ach is é Roehl Dahl an t-údar is rogha liom, cheapfainn.
ag plé leis an turasóireacht working in tourism
" Tá Tony Birtill den tuairim go bhfuil roinnt den dream atá ag plé leis an turasóireacht in Éirinn aineolach ar an tíreolas.
ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha focussing in his work on vulnerable people
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.
mairfidh a shaothar ina éagmais, his work will last in his absence,
" Stiúrthóir scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman agus mairfidh a shaothar ina éagmais, dar le Pat Butler.
i mbun na hoibre in charge of the work
" Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
ag saothrú i saol an aistriúcháin working in the world of translation
" Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta.
Bainc who worked in a bank
" Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.