An todhchaí
=======
Céard atá i ndán do RnaG anois, mar sin? An ualach rómhór é an sceideal nua 24 uair an chloig, nuair atá deich faoin gcéad de do bhuiséad
glanta? Cé gur admhaigh ceannaire Raidió na Gaeltachta go mbeadh sé deacair sceideal dá leithéid a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gciorruithe atá le déanamh, ní thiocfaidh maolú ar chaighdeán craoltóireachta RnaG, dar leis.