Pota Focal Intergaelic
shy | thy | way | whey | who
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sin an tuige that's why
" ' *Bitch* bheag atá ionat, sin an tuige.
Cad ina thaobh why
" Ní raibh mo mhuintir aon phioc sásta ach bhíos ag rá liom féin 'Cad ina thaobh go gcaithfinn mo shaol le rud nach bhfuil suim dá laghad agam ann?'" Bhí an file Seán Ó Ríordáin ag obair san ollscoil ag an am agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala agus ar mhic léinn eile de chuid na Gaeilge, leithéidí Michael Davitt agus Liam Uí Mhuirthile, agus spreag sé iad le dul i mbun na scríbhneoireachta.
cén fáth gurb é leas na hAstráile why it's in Australia's interest
" An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid.
cad ina thaobh nach mbeadh why wouldn't he be
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
Canathaobh why
" Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí ag cur ina luí ar dhaoine Canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.
Sin go díreach an tuige that's exactly why
" "Sin go díreach an tuige a bhfostaítear dreamanna proifisiúnta lena leithéid a dhéanamh," a dúirt Máire léi féin agus lean sí Seán amach chuig an veain.
cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist why did Trimble and Adams not solve the problem
" An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa? Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
canathaobh why
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
Meas tú cén fáth? I wonder why?
" Meas tú cén fáth? *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
cad chuige a mbacfadh sí why would she bother ...?
" * Gluais • Glossary áilleagántrinket farasbarrsurplus seoidjewel conúsrubbish go cúil an spruadairto the refuse dump giollaí na leisceidle people gamailllouts glugaithesoft, flabby people ceannlitreachacapital letters cuidsúlachtbeauty scéimhebeauty A Rí na bhfeart!O, almighty God! caifeachwasteful ba í mo thríú huaireadóir íit was my third watch glacgrasp mo chuislemy pulse bhuaileadh mo chroí níos gaistemy heart used to beat more quickly nuair a mhothaínnwhen I used to feel mo phusmy face cad chuige a mbacfadh sí .
Sin an tuige that's why
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields Sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
cén fáth a seinneann tú ceol why you play music
" AÓF: Dá gcuirfinn ceist ort cén fáth a seinneann tú ceol, céard a déarfá? MNíE: Tá mé an-tógtha leis an gceol agus is maith liom a bheith ag casadh os comhair daoine.
sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn that's why we were awarded a licence
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? Why was this so?
" Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? “Easpa tuisceana ar an meán féin.
cad ina thaobh why
" “Cuireann ceisteanna mar sin isteach orm! Déarfaidh mé leat cad ina thaobh.
Ní fheadar cad ina thaobh. I don't know why.
Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Why did you reach that decision?
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
cad chuige nach n-íocfá $25 why would you not pay $25
" Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*? Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
sin an tuige go bhfuil siad sásta muid a mhaslú that's why they're willing to insult us
" Is maith atá a fhios sin ag Coiste an Erectus agus sin an tuige go bhfuil siad sásta muid a mhaslú lena gcuid fógraí in Ultais.
cad chuige why
" “Ach, cad chuige a bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge?” Cuireann daoine an cheist sin orm i gcónaí nuair a fhaigheann siad amach gur as Baile Monaidh mé.
cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac why smoking wouldn't be banned
" An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, why is the programme so popular,
" Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, a d’fhiafraigh mé de Nicholas.
cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla why English words were chosen
" Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe.
sin an tuige that's why
" “Fear siosmaideach thú, a Bhaloir; fear seoigh fosta; fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; agus sin an tuige gur roghnaigh mé tusa as measc iriseoirí uile na Gaeilge chun an t-agallamh seo a chur orm.
cad chuige why
" Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith? Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b'fhiú dó cuntas eolach tuigseach pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.
Cén fáth gur theip ar a phósadh? Why did his marriage fail?
" Conas a fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath? Cad a tharla san idirlinn? Cén fáth gur theip ar a phósadh? Cén fáth nár tugadh post dó in Éirinn nuair a d’fhill sé ó Shasana sna seascaidí? Cén fáth? Cén fáth? Cén fáth? Ceisteanna, ceisteanna.
cén fáth a ndearna sí athmhachnamh why she changed her mind
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? And why is it so
"Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
cad chuige why
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn why would you want to get a job on the basis
" Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, nó gur fear, nó gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.
Cad chuige why
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? to ask them why they are so lost
" Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam.
inseoidh mé duit cad tuige. I will tell you why
" Balor: Agus caidé faoin phoblachtachas? Níl tú ina éadan sin? Ian: Tá dul amú ort ar fad, a Bhaloir, agus inseoidh mé duit cad tuige.
Ní fheadar cén fáth I don't know why
" Ní fheadar cén fáth ar chuir siad scairt ormsa ach fuair mé glaoch agus chuaigh mé chuig triail ceamara.
cén fáth nár gabhadh duine ar bith why nobody was arrested
" D’fhiafraigh mé de cén fáth nár gabhadh duine ar bith agus dúirt sé liom: "*It was out of order, but we had depleted numbers on duty.
Cad chuige why
" Cad chuige a bhfuil sí mar seo? An amhlaidh go mbaineann a tiomáint lena tógáil?Rugadh Roche i gCluain Meala sa bhliain 1955 agus deir sí gurbh iad a tuismitheoirí a chur ina luí uirthi an tábhacht a bhaineann le ceart sóisialta agus le saorálaíochas.
cad chuige why
" D’fhiafraigh mé d’Eilís Ní Mhearraí, atá ina Rúnaí Náisiúnta ar Chairde Rince Céilí na hÉireann, cad chuige a gcuireann daoine suim sa rince céilí.
Cad chuige why
" Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.
Cad chuige why
" Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.
cad chuige why
" Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi? Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia.
Tuige why
" "Tuige nár cheannaigh sibh carr Meiriceánach?" a d'fhiafraigh sé le stainc.
cad chuige why
" Ach cad chuige an difríocht eatarthu? Seans go raibh baint ag cinneadh Paulson leis an gcruinniú ag an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Nua Eabhrach thart ar an am sin idir é féin agus Lloyd Blankfein, caothaoirleach Goldman Sachs.
Cad tuige mar sin why then
" Cad tuige mar sin nach bhfuil aon suim ag fir tabhairt faoin cheird? CMÉ, Mary Hanafin agus FG ag déanamh dóigh dá mbarúil? Deir múinteoirí áirithe go bhfuil siad buartha go gcuirfear ina leith gur péidifiligh iad.
cad chuige why
" Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo.
Cad chuige why
" Polaiteoirí ar Díol Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.
Cén fáth why
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
Cén fáth why
" Cén fáth nár smaoinigh mé air seo cheana, a Bhaloir.
fáth why, reason
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
Cad chuige why
" Cad chuige mire na mná (Charlotte Gainsborough), i gcomparáid le bris ‘réasúnta’ a fear chéile (Willem Dafoe)? Tarlaíonn go bhfaca sí an leanbh ag breathnú orthu ag bualadh craicinn.
Cad chuighe why
" Cad chuighe a bhfuil an dearcadh sin acu? Tá athrú fiánta ann.
cad tuige why
" com/watch?v=r_e1Ughougc&feature=related) Ceist ag Balor an Bleachtaire oraibh, a léitheoirí cliste: bhur mbarúil cad tuige gur roghnaíodh an dá áit sin? Bhur bhfreagraí, le bhur dtoil, scríofa go soiléir ar nóta caoga Euro chuig Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil faoi dheireadh na míosa seo, le bheith istigh ar sheans duais mhór a bhaint: deireadh seachtaine Gaeltachta san Iarthar.
Tuige why not
" Tuige nach gcreidfeadh, go háirithe nuair a dhearbhaigh an Mossad dóibh go raibh na teachtaireachtaí iontaofa.
fáth a léimse why I read
" – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .
cad chuige why
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
tuige why
" ’- Meán Fómhair 1846, scríobh Routh chuig Trevelyn as Sligeach nach raibh sé in ann a bharraíocht tuige a raibh easpa bia chomh mór san áit nuair a bhí ‘*the fields teeming with crops.
Cad tuige why
" Cad tuige mar sin nach mbainfí leas as seirbhís atá an rialtas ag íoc as cheana féin? Cad tuige an mbeadh gá leis an chostas a dhúbailt? Níor mhór a áiteamh fosta go mbeadh ar a gcuid tiománaithe an carr stáit a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath go dtí na haerfoirt réigiúnda sin le hiad a bhailiú ag an taobh eile, rud a chiallaigh go raibh a dhúbailt de chostas ar an stát.
fáth a raibh reason why
" Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí.
canathaobh why
" Bheadh deabhadh ort thall i Meiriceá is n’fheadraís canathaobh go mbeadh deabhadh ort.
fáth why, reason
" Ach níor éirigh liom mórán ama a chaitheamh i Gwynedd, sin an fáth go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.
cén fáth nár chóir é why not
" Inseoidh muidne don Roinn cén fáth a dteastaíonn sé uainn, ach an inseoidh agus an míneoidh siadsan dúinne cén fáth nár chóir é a chur ar fáil.
tuige why
" D'fhiafraigh sé díom, “Is Direánach thú agus tá baint agat le muintir Árann -- tuige a bhfuil gach teanga eile a’t - bhí na seacht dteangacha a’m faoin am sin – cén fáth a bhfuil gach teanga eile a’t nuair nach bhfuil Gaeilge a’t?” Ar ndóigh, ní raibh an deis a’m ar an teanga a fhoghlaim roimhe sin, dháiríre.
cad chuige why
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
Sin an fáth that’s why
" Sin an fáth go mbíonn tubaistí agus timpistí againn.
Cén fáth why
" In Aghaidh a Thola ======== Cén fáth a raibh an fear as oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an pháirtí a bhí ag máirseáil go diongbháilte go bun an bhóthair chaoch.
Cén fáth why
" Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair.
cén fáth why
" “Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”.
an fáth why
" Feictear dom go léiríonn an sliocht thíos an fáth a bhfuil an ardurraim seo tuillte go maith ag Éireannaigh na hAstráile.
Cad tuige sin why so
" Cad tuige sin?” “Bhuel, is mór an méid atá le foghlaim agam uaidh.
fáth why, reason
" Sin an fáth a mbím sáraithe nó a mbíonn frustrachas orm agus mé ag foghlaim na Gaeilge.
Cad chuige why
" **MDH: Cá huair ar thosaigh tú ag obair le teangacha comharthaíochta? Cad chuige ar roghnaigh tú a beith ag obair leis an teanga sin?** CL: I 1982.
Non, pourquoi no, why
"Non, pourquoi?” Mhínigh mé dó go mbeadh moill ann, agus gur baile ar beagán óstán atá i bPoznań.
mhíniú cén fáth to explain why
" Ag an chruinniú maidin Dé Lúain, d'iarr duine den bheirt orainn a mhíniú cén fáth a raibh muid ar an chúrsa agus cén sórt taithí a bhí againn.
Canathaobh why
"Canathaobh?’ a d’fhiafraigh an feirmeoir.
Cad chuige why
" Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige.
faoin tsiocair why
" '* Is é sin, is féidir leis na póilíní duine ar bith a stopadh agus ceist a chur air/uirthi faoin tsiocair a bhfuil sé san áit ina bhfuil sé, ach níl cead acu a shonraí pearsanta a éileamh muna bhfuil coir i gceist.
fáth a bhfuilimid anseo why we’re here
" Sin an fáth a bhfuilimid anseo, gan amhras.
an fáth why
" Sin an fáth go gcaithfidh lucht tacaíochta Diwan dul i muinín imeachtaí dála ar Redadeg chun airgead a fháil.
fáthanna a dteipeann orthu reasons why they fail
" Ceann de na fáthanna a dteipeann orthu ná easpa infheistíochta ón rialtas, ó urraitheoirí, infheisteoirí agus ó na custaiméirí.
cad tuige why
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
cad tuige go mbeadh muid dóchasach why would we be hopeful
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
ní thuigim ó thalamh an domhain I cannot understand why in the name of God
" (Dála an scéil, ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth go mbeadh sé inghlactha go bhféadfadh bileoga agus foirmeacha i mBéarla amháin a bheith ag Coláiste Ghaeilge, mar a bhíonn ag cuid acu.
Cad chuige nach dtig le why can’t
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? Cad chuige nach dtig le mná an oileáin an obair sin a dhéanamh? Thiocfadh leatsa éadaí na bhfear a chuardach.
cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir why we were in jail
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
an fáth gurbh fhiúntach an rud why it was something worthwhile
" Sin é an fáth gurbh fhiúntach an rud a rinne Baumgartner.
níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin there’s no reason why we wouldn’t be as adventurous
" Má bhí mianach siúil sna sean-Ghaeil, níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin.
cad ina thaobh why
" D’fhiafraigh sé de Niels cad ina thaobh go raibh a leithéid ansin aige nó ar ghéill sé don phiseogaíocht a bhain leis an gcrú capaill? Is díol spéise an freagra a thug Bohr.
b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn that’s why we liked Ó N.
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
ní thuigtear cad chuige it’s not understood why
" Léirigh Blue Raincoat an dráma seo i Sligeach ar dtús, ach ní thuigtear cad chuige nach ndéarna siad na hathruithe riachtanacha scripte agus ba cheart fad ama an dráma a ghiortú.
Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine I can’t understand why man has not created
" Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine, an comhphobal daonna ar fud an domhain, dóigh thart ar na huafáis seo sular tharla siad.
is ciontach le muid is why we
" Dar ndóigh, tá a fhios ag an saol gur easpa slí bheatha is ciontach le muid a bheith ag teacht anall anseo, níl ach díth céille a bheith á shéanadh, ach is inmholta an rud ina dhiaidh sin leads a fheiceáil ag seasamh dá dtír féin, fiú nuair nach bhfuil áit ina dtír féin dóibh.
cén fáth a scríobhfainn why would I write
" Ní scríobhaim féin ar a gclár plé agus ní scríobhfainn, bíodh nach acu atá an clár plé is gangaidí a bhfaca mé i saol na Gaeilge, ach cén fáth a scríobhfainn isteach faoi m’ainm féin agus mórchuid na peannaireachta ag daoine eile faoi ainmneacha cleite? Ar thug siad faoi deara fiú amháin gur moladh do scríbhneoir dá gcuid cúpla bliain ó shin, lámh a chur ina bhás féin.
Meas tú cén fáth why do you reckon
" Crios Sómais an Duine ======== Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire.
thuigfeá cad tuige you’d understand why
" An bhfuil siad ag rá linn i ndáiríre go gcosnódh sé os cionn €63m sa bhliain téacsanna Gaeilge ar bhileoga eolais a thástáil lena chinntiú go dtuigfeadh an léitheoir an fhoclaíocht a úsáidtear? Ar ndóigh thuigfeá cad tuige go mbeadh an Roinn Sláinte ag feidhmiú ar mhaithe le mianta an tionscal cógaisíochta ach cén fáth nár chuir Roinn na Gaeltachta a mhalairt de chás chun cinn? Gíog ná míog níor chualathas uathu ar an cheist seo agus ní léir go bhfaca siad aon chúram dóibh ann.
cad chuige nár chuala oiread is duine amháin why has not even one person heard
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
an fáth why
" Ar ndóigh, breathnaíonn sé seo mar leithcheal, agus sin an fáth go bhfuil éileamh Edith dulta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach.
Ní fios cén fáth no one knows why
" Ní fios cén fáth, ach níor reáchtáladh an comórtas thuasluaite go dtí an bhliain 1996, nuair a thángthas ar an gcorn sa smionagar a bhí fágtha nuair a chuaigh an clubtheach trí thine.
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir why is everyone heedless to the slaughter
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
an fáth go gcuireann muid daoine gorma why we call black people (blue coloured people)
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
cad tuige why
" Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste.
ag fiosrú cad chuige enquiring as to why
" "Sa chéad dul síos, bhí mé ag fiosrú cad chuige ar fhoghlaim cimí Gaeilge agus iad i ngéibheann, cad é a spreag iad, cad é an dóigh ar fhoghlaim siad Gaeilge agus cad é mar a d'athraigh an próiséas seo iad ó thaobh na hidé-eolaíochta de.